Cuairt ó Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas na Rómáine

An 5-6 Deireadh Fómhair 2026, thug toscaireacht ó Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas na Rómáine, arna stiúradh ag Adina Oana Surdu, Uachtarán ar an Dara Dlísheomra Sibhialta, cuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Le fáilte a fhearadh rompu, bhí Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, in éineacht le Comhaltaí na hinstitiúide ón Rómáin: Octavia Spineanu-Matei, Uachtarán ar Dhlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais; Ion Gâlea, Uachtarán ar Dhlísheomra den Chúirt Ghinearálta; agus Mirela Stancu, Breitheamh den Chúirt Ghinearálta.

Tharla an chuairt i gcomhthéacs na ndlúthchaidreamh fadbhunaithe a chothaíonn an Chúirt le cúirteanna náisiúnta na mBallstát agus deis ab ea í idirphlé breithiúnach a threisiú a thuilleadh.

Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair, ghlac an toscaireacht páirt i seisiúin oibre éagsúla le Comhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais maidir leis an méid seo a leanas:

  • An tábhacht a bhaineann le hidirphlé idir bhreithiúna i bhfianaise an smachta reachta agus luachanna an Aontais Eorpaigh
  • An t-idirphlé idir Cúirteanna Uachtaracha náisiúnta agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i bhfianaise an chásdlí le déanaí maidir leis an oibleagáid cúiseanna a sholáthar nuair a chinneann cúirt uachtarach gan ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú
  • Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa) agus Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine – cóineasú, neamhspleáchas agus na teorainneacha le comhchuibhiú cásdlí

Thug na seisiúin seo deis do na rannpháirtithe plé a dhéanamh, tuairimí a mhalartú agus a dtaithí féin ar chúrsaí leasa choitinn a roinnt.

Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair, d’fhreastail an toscaireacht ar éisteacht na Cúirte Ginearálta i gCásanna T-848/25 agus T-30/26 Glock v EUIPO. Fuair siad turas treoraithe timpeall fhoirgneamh na Cúirte freisin agus bhuail siad in athuair le Gâlea, Uachtarán ar Dhlísheomra agus leis an mBreitheamh Stancu.