Tús téarma oifige bheirt Chomhaltaí nua de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Le cinneadh an 30 Meán Fómhair 2026, cheap ionadaithe rialtais na mBallstát Andria Buhagiar agus Ivan Stoynev ina mBreithiúna ar Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 5 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2031.

Ar ghlacadh mionna Chomhaltaí nua na hinstitiúide agus iad ag dul i mbun oifige, tionólfar suí sollúnta inniu ag suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Craolfar an éisteacht shollúnta beo ó 6 p.m. ar aghaidh ar an suíomh atá ar fáil ón nasc seo:  Curia Web TV.

Féach freisin