Cásanna Bunúsacha sa Chúirt Bhreithiúnais
Is é príomhról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chinntiú go gcuirtear dlíthe an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go n-urramaítear iad ar fud an Aontais.
Le go leor de luathbhreithiúnais na Cúirte bunaíodh príomhphrionsabail a mhúnlaigh dlí an Aontais. Bhí gá leis na breithiúnais sin chun réiteach a fháil ar fhíorfhadhbanna a bhí roimh dhaoine ina saol agus a raibh ar chuideachtaí aghaidh a thabhairt orthu i mbun gnó.
I sraith rialuithe cinniúnacha le linn a staire, threisigh an Chúirt éifeachtacht dhlí an Aontais agus neartaigh sí cearta shaoránaigh an Aontais.
Bunphrionsabail dhlí an Aontais
Van Gend en Loos
Thug an Chúirt an breithiúnas is cáiliúla a d’fhéadfadh a bheith aici i gcás darbh ainm Van Gend en Loos (1963).
D’fhiafraigh cúirt Ollannach den Chúirt Bhreithiúnais an bhféadfadh na cúirteanna náisiúnta iad féin dlí de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm lena guirtear cosc ar thíortha taraifí custaim ar thrádáil laistigh den Aontas Eorpach a mhéadú. Mhéadaigh údaráis na hÍsiltíre taraifí ar cheimiceáin áirithe. Iarradh ar an gcuideachta iompair, Van Gend en Loos, na taraifí níos airde sin a íoc agus ceimiceáin á n-allmhairiú ón nGearmáin go dtí an Ísiltír, agus mar sin bhí cás glactha aici chuig cúirt náisiúnta. D’aontaigh an Chúirt Bhreithiúnais go raibh ar an gcúirt náisiúnta dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. Chruthaigh sé sin dúnghaois na ‘héifeachta dírí’. Ciallaíonn sé gur féidir le daoine aonair brath go díreach ar rialacha áirithe de dhlí an Aontais i ndíospóidí os comhair cúirteanna náisiúnta.
Costa v ENEL
Bliain ina dhiaidh sin, in Costa v ENEL (1964), bhunaigh an Chúirt prionsabal mór eile.
D’iarr cúirt Iodálach treoir ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le díospóid idir dlí de chuid an Aontais agus dlí de chuid na hIodáile lena ndéantar cuideachta leictreachais a náisiúnú. Rialaigh an Chúirt, i gcásanna coinbhleachta, go bhfuil ‘forlámhas’ ag dlí an Aontais agus nach mór an dlí náisiúnta a chur ar leataobh. Tugtar dúnghaois ‘forlámhas’ nó ‘tosaíocht’ dhlí an Aontais air sin.
I dteannta a chéile, is iad dúnghaoisí na héifeachta dírí agus na tosaíochta bunchlocha dhlí an Aontais.
Francovich
Lean an Chúirt de phrionsabail thábhachtacha dhlí an Aontais a mhúnlú sna blianta ina dhiaidh sin. In Andrea Francovich and Others v Italian Republic (1991), thug sé isteach prionsabal an ‘dliteanas stáit’.
Chaill grúpa oibrithe Iodálacha a bpá nuair a chuaigh a bhfostóir i bhféimheacht. Glacadh Treoir ón Aontas a raibh sé d’aidhm aici fostaithe a chosaint i gcás den sórt sin. Mar sin féin, níor chuir an Iodáil an Treoir chun feidhme ina córas dlí náisiúnta féin. Rinne na hoibrithe gearán go ndearnadh díobháil dóibh mar gheall ar mhainneachtain na hIodáile. Dúirt an Chúirt gur féidir le daoine aonair agairt ar thír san Aontas mar gheall ar dhíobháil a tharla toisc nár chomhlíon sí dlí an Aontais.
Saorghluaiseacht na n-earraí
Dassonville
Bhí ról lárnach ag an gCúirt freisin maidir le saorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas a mhúnlú. In Procureur du Roi v Benoît agus Gustave Dassonville (1974), bhunaigh sí rud ar a dtugtar ‘Foirmle Dassonville’.
Cuireann rialacha an Aontais cosc ar na Ballstáit teorainneacha a leagan síos maidir le hiompórtálacha isteach ina dtír féin ó thíortha eile san Aontas. Cuireann na rialacha cosc freisin ar aon rialacha náisiúnta a bhfuil ‘éifeacht choibhéiseach’ acu le teorainn den sórt sin. Sa chás sin, d’éiligh an Bheilg deimhnithe tionscnaimh le haghaidh fuisce Scotch. Cheannaigh Gustave Dassonville, mórdhíoltóir sa Fhrainc, agus a mhac Benoît, a bhainistigh brainse den ghnó sa Bheilg, buidéil fuisce ‘Johnnie Walker’ agus ‘Vat 69’ sa Fhrainc le díol sa Bheilg. Toisc nach raibh aon deimhniú den sórt sin ag teastáil sa Fhrainc, ní raibh siad in ann é a sholáthar. Rinneadh iad a ionchúiseamh ansin sa Bheilg.
Rialaigh an Chúirt go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag rialacha náisiúnta lena gcuirtear srian ar thrádáil san Aontas, go díreach nó go hindíreach, le teorainneacha ar allmhairí.
Cassis de Dijon
Forbraíodh réasúnaíocht Dassonville in Rewe-Zentral AG v Bundesmonopolverwaltung für Branntwein (1979), ar a dtugtar Cassis de Dijon freisin.
Dhiúltaigh an Ghearmáin cead a thabhairt an licéar ‘Cassis de Dijon’ a iompórtáil ón bhFrainc agus a dhíol sa Ghearmáin, toisc nár chomhlíon sé caighdeáin na Gearmáine maidir le cion alcóil. Chun go ndíolfaí sa Ghearmáin mar licéar í, b’éigean cion alcóil níos mó ná 25 % a bheith ag deoch. Ní raibh ach cion alcóil 16 % ag Cassis de Dijon. Rinne Rewe-Zentral, ollmhargadh Gearmánach, gearán faoin riail sin i gcúirt náisiúnta, a chuir ceisteanna ar an gCúirt Bhreithiúnais ina dhiaidh sin. Dúirt an Chúirt nach mór aon táirge a tháirgtear agus a dhíoltar go dleathach i mBallstát amháin a cheadú ar mhargadh thíortha eile an Aontais. Tugtar prionsabal an ‘aitheantais fhrithpháirtigh’ air sin.
Saorghluaiseacht daoine
Grzelczyk
Chomh maith le saorghluaiseacht earraí a aithint, dhearbhaigh an Chúirt freisin saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas, mar shampla in Rudy Grzelczyk v Centre Public d'Aide Sociale d’Ottignies-Louvain-la-Neuve (2001).
Chothaigh mac léinn Francach a bhí ina chónaí sa Bheilg tacaíocht é féin don chéad trí bliana dá chuid staidéir agus d’iarr sé liúntas ioncaim íosta ina cheathrú bliain. Diúltaíodh an liúntas dó, áfach, toisc gur náisiúnach eachtrach é. Chinn an Chúirt gurbh ionann sin agus cóir éagórach, toisc go dtugann saoránacht an Aontais an ceart do dhaoine cóir chomhionann a fháil sa dlí, gan beann ar a náisiúntacht.
Ruiz Zambrano
Deich mbliana ina dhiaidh sin, in Ruiz Zambrano (2011), leathnaigh an Chúirt ar choincheap shaoránacht an Aontais.
Bhain an cás seo le beirt leanaí a rugadh sa Bheilg agus a raibh náisiúntacht Bheilgeach acu. Bhí náisiúntacht na Colóime ag a dtuismitheoirí. Bhí na tuismitheoirí i mbaol díbeartha, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar na leanaí an tAontas a fhágáil. Rialaigh an Chúirt gur cheart do thíortha an Aontais cead cónaithe agus oibre a dheonú do thuismitheoirí tríú tír a bhfuil náisiúntacht na tíre sin ag a leanaí mionaoiseacha agus cleithiúnacha ó thaobh airgeadais. Dá séanfaí na cearta sin dóibh, bainfear ó na leanaí a gcearta mar shaoránaigh an Aontais a theachtadh ina n-iomláine. Threisigh an cás seo an smaoineamh go leathnófaí cearta áirithe le saoránacht an Aontais ní hamháin chuig an duine aonair ach chuig a mbaill teaghlaigh freisin.
Cearta Aonair
Internationale Handelsgesellschaft
Chuaigh an Chúirt i ngleic leis an tsaincheist maidir le cearta aonair a chosaint in Internationale Handelsgesellschaft (1970).
Thug cuideachta Ghearmánach, Internationale Handelsgesellschaft, díospóid in aghaidh córas creidiúnaithe onnmhairiúcháin talmhaíochta an Aontais. D’áitigh sé gur chuir an córas creidiúnaithe bac ar a cheart chun gnó a dhéanamh go neamhshrianta, mar a ráthaítear le bunreacht na Gearmáine.
D’iarr an chúirt Ghearmánach a d’éist an agóid ar an gCúirt Bhreithiúnais an gceanglaítear ar an Aontas caighdeáin áirithe maidir le cearta an duine a urramú. Chinn na Breithiúna gur cuid bhunriachtanach de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais é urraim do chearta bunúsacha, a bhfuil an Chúirt freagrach as a chaomhnú.
Defrenne
Rinneadh tuilleadh forbartha ar an bprionsabal sin in Defrenne v SABENA (1976).
Rinne aeróstach, Defrenne, agairt ar a hiarfhostóir, an aerlíne Bheilgeach SABENA, ag éileamh cúiteamh as an gcaillteanas a bhain di i dtéarmaí tuarastail agus teidlíochtaí eile mar thoradh ar luach saothair éagothrom na mball d’aerfhoireann na mban agus na bhfear atá i mbun na ndualgas céanna. Rialaigh an Chúirt go bhféadfaí brath ar phrionsabal an phá chomhionainn d’fhir agus do mhná os comhair na gcúirteanna náisiúnta i gcásanna idir daoine aonair agus a bhfostóirí. D’fhéadfadh Defrenne dlí an Aontais a úsáid ina cás i gcoinne a fostóra aerlíne os comhair a cúirte náisiúnta chun comhionannas inscne a áirithiú san áit oibre.
Conclúid
Bhí tionchar mór ag na rialuithe tábhachtacha sin ón gCúirt Bhreithiúnais ar fhorbairt dhlí an Aontais agus ar chosaint chearta na saoránach. Léiríonn siad tiomantas an Aontais don cheartas, don chomhionannas agus don smacht reachta, rud a mhúnlaíonn an tírdhreach dlíthiúil do na Ballstáit uile agus dá saoránaigh.
