Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Tá Stiúrthóireacht Cumarsáide na Cúirte freagrach as gach cumarsáid inmheánach agus sheachtrach  Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, tá sí chun tosaigh maidir le tiomantas na Cúirte don trédhearcacht.

Cuireann sí faisnéis ar fáil d’iriseoirí agus don phobal i gcoitinne faoi obair na Cúirte. Déanann sí é seo trí ollchumarsáid, go príomha trí shuíomh gréasáin na Cúirte agus trí uirlisí meán sóisialta, agus ar bhonn duine le duine agus í ag freagairt ríomhphost agus glaonna gutháin arna bhfáil ag an gCúirt.

Tá dhá aonad inti — an tAonad Preasa agus Eolais, agus an tAonad Foilseachán agus Meán Leictreonach, a bhfuil a réimsí gníomhaíochta féin ag gach ceann acu.

Ina theannta sin, oibríonn foirne ó gach cearn den stiúrthóireacht le chéile chun bealaí mean sóisialta na Cúirte a bhainistiú, chun ábhar closamhairc na Cúirte, ar a dtugtar CuriaWebTV, a chruthú agus a scaipeadh, agus chun imeachtaí ar nós Lá Oscailte na Cúirte a eagrú.

An tAonad Preasa agus Eolais

Pléann an tAonad Preasa agus Eolais le cumarsáid faoi ghníomhaíochtaí breithiúnacha na Cúirte agus bainistíonn sé caidreamh meán na Cúirte.

Tá sé freagrach freisin as ceisteanna ón bpobal i gcoitinne a fhreagairt.

Déanann sé preaseisiúintí maidir le cinntí agus Tuairimí tábhachtacha a dhréachtú agus a scaipeadh, go háirithe iad siúd atá suimiúil do shaoránaigh agus/nó dóibh siúd a bhfuil tionchar tábhachtach sóisialta nó eacnamaíoch acu.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaidreamh atá ag an gCúirt leis an bpreas, féach ár leathanach maidir le Seirbhisí do na meáin.

An tAonad Foilseachán agus Meán Leictreonach

Déanann an tAonad Foilseachán agus Meán Leictreonach maoirseacht ar bheartas foilsitheoireachta na Cúirte. Déanann an taonad bainistiú freisin ar chumarsáid inmheánach agus inlíon na Cúirte i gcomhar le ranna eile.

Tá sé freagrach as ábhar faisnéise seachtrach uile na Cúirte, lena n-áirítear an suíomh gréasáin seo agus an Tuarascáil Bhliantúil. Is féidir leaganacha crua den Tuarascáil Bhliantúil agus d’fhoilseacháin eile na Cúirte a iarraidh, más ann dóibh, tríd an bhfoirm theagmhála.