Cóipcheart
Is leis an Aontas Eorpach cóipcheart an ábhair bunaidh ar an suíomh gréasáin seo.
Is féidir ábhar eagarthóireachta agus an cásdlí a atáirgeadh ar choinníoll go n‑aithnítear an fhoinse.
D’fhéadfadh go mbeadh cóipcheart ag tríú páirtithe ar roinnt ábhair, go háirithe íomhánna.
Cásdlí
Is féidir leat na cinntí breithiúnacha atá le fáil sa bhunachar sonraí cásdlí a atáirgeadh.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbíonn saothair atá faoi chosaint cóipchirt sna doiciméid seo uaireanta – mar shampla íomhánna de thrádmharcanna nó saothair ealaíne. Chun ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nach bhfuil i seilbh an Aontais Eorpaigh a úsáid, bheadh ort cead a lorg go díreach ó shealbhóirí na gceart.
Ábhar eagarthóireachta
Is féidir leat an t‑ábhar eagarthóireachta atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo a atáirgeadh. Má dhéanann tú amhlaidh, ní mór duit aitheantas a thabhairt don fhoinse — ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’. Níor cheart duit bunbhrí ná teachtaireacht an ábhair a shaobhadh. Ní mór duit aon athrú atá déanta agat a chur in iúl freisin.
Íomhánna
Is féidir na pictiúir in Ionad Meán an tsuímh gréasáin a atáirgeadh, ina n‑iomláine agus gan aon mhodhnú, leis na heisceachtaí a luaitear thíos. Agus é sin á dhéanamh agat, ní mór duit sealbhóir an chóipchirt a lua — ©An tAontas Eorpach agus ainm an ghrianghrafadóra mar atá léirithe do gach grianghraf.
D’fhéadfadh pictiúir d’fhoirgnimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a atáirgtear ar an suíomh gréasáin agus an saothar ealaíne a léirítear sna híomhánna ar an leathanach ‘Ealaín sa Chúirt’ a bheith faoi réir cóipchirt nach bhfuil ag an Aontas Eorpach. Chun na pictiúir agus na híomhánna sin a úsáid, bheadh ort cead a lorg go díreach ó na sealbhóirí ceart.
Is é an t‑ailtire Dominique Perrault údar na bhfoirgneamh seo.
