Stiúrthóireacht na Leabharlainne

Tá saineolas ag Leabharlann na Cúirte Breithiúnais ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus tá bailiúchán saibhir saothar aici ar an ábhar sin. Tá bailiúcháin fhairsinge aici freisin a bhaineann leis an dlí idirnáisiúnta, le dlíthe Bhallstáit an Aontais agus le dlíthe tíortha áirithe nach Ballstáit. Tá dhá aonad i Stiúrthóireacht na Leabharlainne atá tiomanta d’úsáid an bhailiúcháin seo a bhainistiú agus a chinntíonn go bhfuil rochtain ag úsáideoirí air.

catalóg na Leabharlainne ar fáil ar líne. Féach na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le suíomhanna gréasáin seachtracha nuair a bhíonn aon cheann d’ábhar na suíomhanna gréasáin sin á íoslódáil, á chóipeáil agus á úsáid go ginearálta tríd an gcatalóg. Níl an Chúirt faoi dhliteanas i leith mhí-úsáid an ábhair sin.

Tá ról ag an Leabharlann freisin maidir le tacú le gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte. Soláthraíonn sí taighde ar éileamh ar fhoilseacháin in irisí acadúla chun cúnamh a thabhairt do Chomhaltaí agus d’fhoireann na Cúirte ina gcuid oibre dlíthiúla. Ina theannta sin, déanann sí faireachán ar fhoilseacháin in irisí acadúla chun úsáideoirí a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí a rinneadh le déanaí sa saol acadúil dlíthiúil atá ábhartha do ghníomhaíochtaí na Cúirte.

Tá an Leabharlann freagrach freisin as cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a fhoilsiú — go háirithe i mbunachar sonraí an chásdlí ar an suíomh seo agus ar EUR-Lex, an bunachar sonraí idirinstitiúideach ina bhfuil dlí uile an Aontais.

Freastalaíonn an Leabharlann go príomha ar Chomhaltaí agus ar fhoireann na Cúirte. Mar sin féin, is féidir le cuairteoirí seachtracha rochtain a fháil ar acmhainní na Leabharlainne le réamhúdarú. Tá tuilleadh eolais faoi bheartas iontrála na Leabharlainne le fáil ar ár leathanach maidir le cuairt a thabhairt ar an Leabharlann.

Chun léamh faoi na dúshláin atá roimh leabharlanna dlí nua-aimseartha, is féidir leat féachaint ar fhoilseachán Stiúrthóireacht na Leabharlainne ar an ábhar. I bhFraincis atá sé ar fáil.

Tá Stiúrthóireacht na Leabharlainne freagrach freisin as cartlanna stairiúla na Cúirte agus as iarratais ar rochtain ar dhoiciméid riaracháin a phróiseáil.