Nuacht
-
Suíomh gréasáin nua
Athdhearadh shuíomh gréasáin na Cúirte: rochtain níos éasca ar fhaisnéis shoiléir chuimsitheach.
-
Curia Web TV: ardán closamhairc nua na Cúirte
Seoladh Curia Web TV, ardán closamhairc poiblí úrnua chun oscailteacht agus trédhearcacht a chothú.
-
Bunachar sonraí cásdlí agus uirlis chuardaigh nua InfoCuria
Sheol Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh InfoCuria nuashonraithe, a bunachar sonraí cásdlí agus inneall cuardaigh.
Cuardaigh cásanna
Sruthú
Féilire breithiúnach
Fócas
An féidir liom mo chás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
Is é an cúram atá ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná a chinntiú go n-urramaíonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit dlí an Aontais agus go gcuireann siad i bhfeidhm é ar an mbealach c...
Tar éis an cháis: cén fhaisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi?
Tá rialacha sonracha ann lena rialaítear an chaoi a ndéantar faisnéis faoi gach cás i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil don phobal agus a rochtain. Tiocfaidh tú ar an eolas seo: ...
Misean Bhreithiúna na Cúirte: Dlí an Aontais a léiriú agus saoránaigh a chosaint
Tugann an Breitheamh Octavia Spineanu-Matei míniú ar an gcaoi a roghnaítear breithiúna agus a ndualgas léiriú aonfhoirmeach dhlí an Aontais do shaoránaigh a Aontais a áirithiú
Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh.
Is institiúid í ina bhfuil dhá chúirt — an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.
Déanann an Chúirt dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus a léiriú. Cinntíonn sí go n-urramaíonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit an dlí sin. Déanann an Chúirt léiriú amháin ar dhlí an Aontais ionas go gcuirfear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais.
Faoin gCúirt Bhreithiúnais
Is í an Chúirt Bhreithiúnais an Chúirt is airde san Aontas Eorpach. Is é an misean atá aici cinnte a dhéanamh de go leantar dlí an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais Eorpaigh.
Tá sí ar cheann den dá chúirt san institiúid ar a dtugtar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ghinearálta aici.
Éisteann sí le roinnt cineálacha éagsúla cásanna. Den chuid is mó, pléann sí le ceisteanna faoi dhlí an Aontais arna seoladh ag cúirteanna náisiúnta agus le cásanna a thionscain an Coimisiún in aghaidh Bhallstáit an Aontais as d...
Maidir leis an gCúirt Ghinearálta
Is í an Chúirt Ghinearálta an ceann is ísle den dá Chúirt a comhdhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá 54 bhreitheamh inti, 2 ó gach Ballstát.
Is é an príomhchúram atá uirthi éisteacht le gach cás arna thionscnamh ag daoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaí a dhéanann agóid i gcoinne ghníomhartha nó chinntí Institiúidí agus chomhlachtaí eile an Aontais. Trí na cásanna sin, cinntíonn an Chúirt Ghinearálta go n-urramaíonn Institiúidí an Aontais an dlí.
Tá an Chúirt Ghinearálta freagrach freisin as roinnt ceisteanna arna dtarchur ag na cúirteanna náisiúnta a fhreagairt.
