Cód eitice na gComhaltaí

Tá Comhaltaí agus Iar-Chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais faoi réir caighdeáin eitice atá leagtha síos ag na ConarthaíReacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

Tá siad faoi réir Cóid Iompair do Chomhaltaí agus Iar-Chomhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freisin, glactha go comhpháirteach ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta, a bhfuil sé mar aidhm aige soiléiriú a dhéanamh ar roinnt dualgas a eascraíonn as na caighdeáin thuasluaite. 

I gcomhréir le riachtanais trédhearcachta an Chóid Iompair, foilsítear gníomhaíochtaí seachtracha na gComhaltaí gach bliain ar shuíomh gréasáin na Cúirte, tar éis don ghníomhaíocht tarlú.