An Chúirt Bhreithiúnais: cearta thomhaltóirí an Aontais a ráthú

Déanann an tAontas Eorpach a dhícheall ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, agus ghlac sé le roinnt dlíthe atá deartha chun amhlaidh a dhéanamh. Uaireanta, áfach, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha. Is sa chomhthéacs seo a thagann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. San fhíseán gearr seo, mínítear an chaoi ar dhéileáil an Chúirt le saincheisteanna amhail siopadóireacht ar líne, uimhreacha teileafóin ardráta agus lipéadú earraí bia chun a chinntiú go gcosnófar tomhaltóirí ar fud an Aontais.