Ag cur smacht an reachta i bhfeidhm san Aontas Eorpach
Is cuid bhunúsach den daonlathas nua-aimseartha é urraim don smacht reachta. Is príomhghné den smacht reachta é breithiúna neamhspleácha. Le blianta beaga anuas, bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais roinnt cásanna a chinneadh a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna, chun a chinntiú go bhfanann an tAontas ina Aontas bunaithe ar an smacht reachta.
