Cén fáth a bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ann?

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh comhlacht breithiúnach an Aontais. Is é an ról atá aici ná a chinntiú go n-urramaíonn institiúidí agus Ballstáit an Aontais dlíthe an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm iad ar an mbealach céanna ar fud an Aontais Eorpaigh. Áirithítear leis sin go bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta, gné bhunúsach de gach eintitis daonlathach. Trí rialuithe a thabhairt i réimsí cosúil le cosaint tomhaltóirí, an comhshaol, cearta príobháideachais, cóir chomhionann agus cearta oibrithe, a théann i bhfeidhm go díreach ar shaolta uile shaoránaigh an Aontais, ráthaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfaigheann saoránaigh an Aontais Eorpach cosaint ó dhlí an Aontais ar an mbealach céanna, is cuma cá bhfuil siad san Aontais.