Tar éis an cháis: cén fhaisnéis a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi?

Tá rialacha sonracha ann lena rialaítear an chaoi a ndéantar faisnéis faoi gach cás i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil don phobal agus a rochtain.

Tiocfaidh tú ar an eolas seo:

  • ar an mbunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte
  • in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
  • ar an rannán “Lárionad meán” ar shuíomh gréasáin na Cúirte

Is bunluach de chuid na Cúirte í an trédhearcacht. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm aici an oiread faisnéise agus is féidir a chur ar fáil faoina cuid oibre. Go ginearálta, is féidir teacht ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil go poiblí faoi chás sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte. Cuireann sé sin ar chumas shaoránaigh uile an Aontais gach cás a leanúint de réir mar a théann sé ar aghaidh tríd an gCúirt.

Cás a thaisceadh

Déantar cásanna a thaisceadh i gceann den dá Chlárlann. Tá a gClárlann féin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta araon. Is iad na ranna sin an pointe teagmhála do pháirtithe i gcásanna agus do bhreithiúna náisiúnta agus tá siad freagrach as bainistiú nós imeachta na gcásanna.

Nuair a thagann cás isteach, sannann an Chlárlann cás-uimhir dó agus déanann sí í a thaifeadadh sa Chlár. Tá sonraí an cháis ar fáil sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte an lá dár gcionn. Tá an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ann:

  • ainmneacha na bpáirtithe
  • an dáta a taisceadh an t-iarratas
  • teanga an cháis

Cuirtear tuilleadh eolais leis de réir mar a théann an cás ar aghaidh. Tugtar an bunachar sonraí cothrom le dáta go laethúil.

An nós imeachta i scríbhinn

Iarrataí ar réamhrialú

Nuair a iarrann cúirt náisiúnta réamhrialú, seiceáiltear é le cinntiú go mbaintear aon sonraí pearsanta íogaire. Ansin déantar é a aistriú agus a fhoilsiú sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte. Foilsítear fógra freisin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is féidir le páirtithe a bhfuil baint acu leis an gcás náisiúnta, chomh maith leis na Ballstáit agus Institiúidí an Aontais, barúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte. Cuirtear iad sin ar fáil go poiblí tar éis chlabhsúr an cháis, mura rud é go gcuireann údar na mbarúlacha ina choinne. Foilsítear iad sin ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Caingne díreacha agus achomhairc

Ullmhaíonn an Chlárlann achoimre ar mhaímh agus argóintí an iarratasóra. Aistrítear é sin go dtí teangacha uile an Aontais agus foilsítear é sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte. Foilsítear freisin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Nós imeachta ó bhéal

Éisteacht

Bíonn éisteachtaí ar siúl go poiblí i seomraí éisteachta na Cúirte i Lucsamburg. Déantar éisteachtaí i gcásanna áirithe a shruthú ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Mar riail ghinearálta, déanann an Chúirt Bhreithiúnais éisteachtaí uile na Cúirte iomláine nó a Mór-Dhlísheomra a shruthú. Féadfar éisteachtaí Dlísheomra de chúigear breithiúna a shruthú go heisceachtúil freisin má mheasann an Chúirt gurb iomchuí sin a dhéanamh.

Ní gnách go ndéanann an Chúirt Ghinearálta a cuid éisteachtaí a shruthú, cé gur féidir léi cinneadh a dhéanamh é sin a dhéanamh.

Léirítear i bhféilire breithiúnach na Cúirte cad iad na héisteachtaí a dhéanfar a shruthú.

Bíonn na físeáin ar fáil ar líne go ceann mí amháin tar éis na héisteachta.

Is annamh a cheadóidh an Chúirt éisteacht, nó cuid d’éisteacht, a reáchtáil go príobháideach — ar a dtugtar in camera. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcásanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta nó i gcásanna a bhaineann le leanaí.

I roinnnt caingne díreacha roimh na Cúirte Ginearálta, ullmhaíonn an Breitheamh is Rapóirtéir doiciméad darbh ainm ‘an Tuarascáil don Éisteacht. Tugtar imlíne ar fhíorais an cháisagus argóintí na bpáirtithe agus na n-idiragraithe sa Tuarascáil seo. Tá sé ar fáil i dteanga an cháis lá na héisteachta, arna iarraidh sin, ó sheirbhís preasa na Cúirte.

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta

Tugtar Tuairim an Abhcóide Ghinearálta i gcúirt oscailte. Déantar gach Tuairim a thugann Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais a shruthú ar shuíomh gréasáin na Cúirte. Déantar sruthú freisin ar roinnt Tuairimí a thugann Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Ginearálta.

Foilsítear an Tuairim freisin sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte an lá a thabharfar an Tuairim.

Plé, dréachtú agus cinntí

Pléití

Mar a cheanglaítear le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is iad na Breithiúna amháin a ghlacann páirt sa phlé agus tá an plé sin faoi rún.

Breithiúnas

Is i gcúirt oscailte a thugtar an breithiúnas. Déantar na breithiúnais go léir ón gCúirt Bhreithiúnais a shruthú ar shuíomh gréasáin na Cúirte. Déantar roinnt breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a shruthú freisin.

Cuirtear an breithiúnas ar fáil i mbunachar sonraí cásdlí shuíomh gréasáin na Cúirte an lá a thabharfar an breithiúnas.

Tá formhór na mbreithiúnas ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Foilsítear na breithiúnais sin freisin i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais, taifead oifigiúil na mbreithiúnas ón gCúirt.

Ní aistrítear roinnt breithiúnas, a bhfuil tábhacht theoranta ag baint leo d’aon duine nach bhfuil baint dhíreach aige leis an gcás. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi na breithiúnais a aistrítear, féach ‘Cé na cásanna a fhoilsítear i ngach teanga?’ Tá na breithiúnais sin ar fáil i dteanga an cháis agus sa teanga inar dréachtaíodh iad.

Foilsítear fógra faoi na breithiúnais uile in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Orduithe

Tar éis ordú a chur in iúl do na páirtithe, cuirtear ar fáil é i mbunachar sonraí cásdlí shuíomh gréasáin na Cúirte.

Foilsítear fógra faoi ordú lena gcuirtear clabhsúr le cás in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Preasráitis

Eisíonn Seirbhís Preasa na Cúirte preaseisiúintí maidir le tuairimí, breithiúnais nó orduithe áirithe.

Tá preaseisiúint ag gabháil le thart ar 10% de na cásanna. I bprionsabal, beidh preaseisiúint ag gabháil le breithiúnais Mhór-Dhlísheomra agus Chúirt Iomlán na Cúirte Breithiúnais agus ag breithiúnais uile Mhór-Dhlísheomra na Cúirte Ginearálta.  

Is iondúil go mbaineann siad sin le hábhair a mheallann spéis mhór na meán. Cuirtear ar fáil iad i roinnt teangacha den Aontas an lá a thugtar na breithiúnais. Is féidir teacht orthu sa rannán ‘Lárionad meán’ ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Is féidir le hiriseoirí teagmháil a dhéanamh freisin le Seirbhís Preasa na Cúirte tráth ar bith le linn shaolré an cháis. Tá Preasoifigigh ar fáil chun faisnéis a chur ar fáil agus chun míniú a thabhairt ar rialuithe na Cúirte agus ar an gcaoi a n-oibríonn an Chúirt.

Résumés

Chomh maith leis sin, táirgeann an Chúirt résumés dá breithiúnais a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo. Níos faide agus níos mionsonraithe ná na preaseisiúintí, tá na résumés dírithe ar lucht féachana dlíthiúil.

Foilsítear iad de ghnáth an lá a thugtar an breithiúnas.

Féach freisin