An Chúirt Bhreithiúnais — an chaoi a n-oibríonn an nós imeachta

Rialaítear an chaoi a ndéileáiltear le cásanna sa Chúirt Bhreithiúnais le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus leis na Rialacha Nós Imeachta.

Tá dhá chuid bhunúsacha i nós imeachta na Cúirte Breithiúnais, ar a dtugtar an chéim i scríbhinn agus an chéim ó bhéal. Tá difríochtaí beaga ann maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le tarchuir chun réamhrialú agus le caingne díreacha nó le hachomhairc ag an tús, ach is ionann príomhghnéithe an nós imeachta.

Sa chéim i scríbhinn, déanann na páirtithe argóintí agus barúlacha a mhalartú i scríbhinn. Tosaíonn an chéim ó bhéal leis an éisteacht agus críochnaíonn sí nuair a thugtar Tuairim an Abhcóide Ghinearálta. Is iondúil go gcuirtear clabhsúr ar chásanna le breithiúnas. Tá an éisteacht agus an breithiúnas araon poiblí, agus déantar cuid acu a shruthú ar an suíomh gréasáin freisin.

Ar an meán, tógann sé idir 16 mhí agus 18 mí ó thús go deireadh na gcásanna.

Reacht na Cúirte, Rialacha Nós Imeachta agus doiciméid oifigiúla

Tá na príomhphrionsabail a rialaíonn nós imeachta na Cúirte Breithiúnais leagtha síos i Reacht na Cúirte. Tá rialacha mionsonraithe le fáil sna Rialacha Nós Imeachta. Forlíontar na rialacha sin le doiciméid oifigiúla eile agus le cinntí oifigiúla eile.

Tá na doiciméid sin go léir le fáil ar ár leathanach ar na Téacsanna Nós Imeachta.

Seo a leanas treoir ghairid maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an nós imeachta. Má tá baint agat le cás os comhair na Cúirte Breithiúnais, léigh na rialacha nós imeachta ina n-iomláine.

Cás a thaisceadh

Déantar cásanna a thaisceadh le Clárlann na Cúirte Breithiúnais. Is í an roinn seo an pointe teagmhála do pháirtithe i gcásanna agus do bhreithiúna náisiúnta agus is í atá freagrach as bainistiú nós imeachta na gcásanna.

Tagann tarchuir chun réamhrialú go díreach ón gcúirt náisiúnta a éisteann an cás. Déanann dlíodóirí atá ag gníomhú thar ceann an iarratasóra, an páirtí ar mian leis tús a chur leis an gcás, gach cás eile a thaisceadh.

Teanga an cháis

Gné thábhachtach den nós imeachta is ea teanga an cháis.

Cuid bhunúsach den daonlathas agus den smacht reachta is ea a bheith in ann cás a thabhairt os comhair na cúirte i dteanga a thuigeann tú agus a bheith in ann breithiúnais chúirte a léamh.

Dá bhrí sin, oibríonn an Chúirt Bhreithiúnais i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir cásanna a thabhairt in aon cheann de na teangacha sin. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, oibríonn an Chúirt go hinmheánach i líon beag teangacha, an Fhraincis go príomha. Mar sin féin, is i dteanga an cháis a dhéantar gach cumarsáid leis na páirtithe.

Cinntear an teanga sin nuair a thagann an cás chuig an gCúirt Bhreithiúnais.

I gcás tarchuir chun réamhrialú, is í teanga na cúirte náisiúnta a tharchuir na ceisteanna teanga an cháis.

I gcás caingne díreacha, is í teanga an cháis an teanga a roghnaigh an t-iarratasóir. Más Ballstát den Aontas é an cosantóir, ní mór é a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla an Stáit sin.

I gcás achomhairc, is í teanga an cháis an teanga inar tugadh breithiúnas na Cúirte Ginearálta.

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an t-aon chúirt ar domhan a oibríonn san oiread sin teangacha.

Na chéad chéimeanna agus an nós imeachta i scríbhinn

Tarchur chun réamhrialú

Aistríonn seirbhís aistriúcháin na Cúirte an iarraidh ón gcúirt náisiúnta. Tugann an Chlárlann fógra oifigiúil ansin do na páirtithe a bhfuil baint acu leis an gcás náisiúnta, do Bhallstáit agus d’institiúidí an Aontais.

Foilsítear an iarraidh ón gcúirt náisiúnta sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Féadfaidh na páirtithe sa chás náisiúnta, na Ballstáit, an Coimisiún, agus Institiúidí eile de chuid an Aontais a mheasann go bhfuil leas ar leith acu sa chás, barúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais ansin laistigh de dhá mhí agus deich lá ón bhfógra a fháil. Ní doiciméid phoiblí iad na barúlacha sin ag an gcéim seo. Tar éis clabhsúr a chur ar an gcás, mura ndéanann an t-údar agóid, foilsítear na barúlacha sin ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Caingne Díreacha agus Achomhairc

Nuair a thagann cás isteach, sannann an Chlárlann cás-uimhir dó agus déanann sí í a thaifeadadh sa Chlár. Déantar an t-iarratas iomlán a sheirbheáil ar an gcosantóir/na cosantóirí. Tá dhá mhí agus deich lá acu chun a gcosaint nó a bhfreagairt a thaisceadh.

Ullmhaíonn an Chlárlann achoimre ar mhaímh agus argóintí an iarratasóra freisin. Aistrítear an achoimre sin go teangacha oifigiúla uile an Aontais agus foilsítear í san Iris Oifigiúil agus i mbunachar sonraí cásdlí na Cúirte.

Is féidir an dara babhta d’argóintí i scríbhinn, ar a dtugtar freagra agus athfhreagra, a reáchtáil ansin. I gcás achomharc, ní mór údarú a fháil ón Uachtarán. Is é an freagra deis an iarratasóra freagra a thabhairt ar argóintí an chosantóra. Tugann an t-athfhreagra deis don chosantóir freagra a thabhairt air sin.

Níl na doiciméid sin ar fáil don phobal.

Breitheamh agus Abhcóide Ginearálta a shannadh

Ag an am céanna, sannann an tUachtarán an cás do Bhreitheamh, ar a dtugtar an Breitheamh is Rapóirtéir. Is é an Breitheamh seo a leanfaidh an cás go dlúth agus a ullmhóidh an dréacht-bhreithiúnas.

Sannann an Chéad Abhcóide Ginearálta an cás d’Abhcóide Ginearálta a leanfaidh an cás freisin.

Réamhthuarascáil agus cás a shannadh do Dhlísheomra

Tar éis clabhsúr a chur ar an nós imeachta i scríbhinn, iarrann an Chúirt Bhreithiúnais ar na páirtithe ar mhaith leo go dtionólfaí éisteacht.

Ullmhaíonn an Breitheamh is Rapóirtéir réamhthuarascáil ina leagtar amach fíricí agus argóintí gach duine lena mbaineann. Ní doiciméad poiblí é seo.

Bunaithe ar an tuarascáil sin, agus ar thuairimí an Abhcóide Ghinearálta, cinneann an Chúirt Bhreithiúnais cé mhéad Breithiúna ar cheart dóibh an cás a éisteacht agus an bhfuil gá le héisteacht agus/nó le Tuairim ó Abhcóide Ginearálta.

Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais éisteacht a thionól, socróidh Uachtarán an dlísheomra ar sannadh an cás dó dáta.

Bearta eagrúcháin agus fiosrúcháin

Cinneann an Chúirt Bhreithiúnais freisin an bhfuil gá le haon fhaisnéis bhreise sula dtéann an cás ar aghaidh. Tugtar ‘Bearta eagrúcháin an nós imeachta agus bearta fiosrúcháin’ orthu sin. Is é an ceann is coitianta de na bearta sin a iarraidh ar pháirtithe ceisteanna a fhreagairt le linn na héisteachta. D’fhéadfadh glacadh fianaise ó fhinnéithe nó ó shaineolaithe a bheith i gceist leis freisin.

An Éisteacht

Bíonn éisteachtaí ar siúl i seomraí éisteachta na Cúirte i Lucsamburg. Is féidir iad a dhéanamh freisin trí fhíschomhdháil in imthosca eisceachtúla. Tagann dlíodóirí agus ionadaithe na bpáirtithe agus áitíonn siad an cás os comhair na mBreithiúna agus an Abhcóide Ghinearálta. Is féidir leis na Breithiúna agus an tAbhcóide Ginearálta ceisteanna a chur más mian leo.

Bíonn an éisteacht poiblí. Déantar roinnt éisteachtaí a shruthú ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta

Más rud é gur iarr an Chúirt Tuairim, tugtar é sin de ghnáth cúpla mí tar éis na héisteachta. Ullmhaíonn an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim agus léann sé amach i gcúirt oscailte í. Déantar é sin a shruthú beo freisin trí shuíomh gréasáin na Cúirte. Déantar anailís sa Tuairim ar an gcás agus moltar réiteach ar na fadhbanna a ardaíodh.

Foilsítear an Tuairim sa bhunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte.

Is é sin deireadh na céime ó bhéal de na himeachtaí.

Plé agus dréachtú an bhreithiúnais

Ullmhaíonn an Breitheamh is Rapóirtéir dréacht-bhreithiúnas, agus an méid go léir a dúradh le linn an nós imeachta á chur san áireamh.

Is é an dréacht-bhreithiúnas seo an túsphointe le haghaidh plé i measc na mBreithiúna, ar a dtugtar an plé. Ní ghlacann Abhcóidí Ginearálta páirt sa phlé.

Tá an plé faoi rún agus tarlaíonn sé gan cúntóirí ná ateangairí ar bith. Mar gheall air sin, ní mór do na Breithiúna plé a dhéanamh i dteanga choiteann. Go traidisiúnta, is í an Fhraincis a bhíonn i gceist.

Bunaithe ar an bplé sin, comhaontaíonn na Breithiúna ar théacs amháin. Más gá, is trí thromlach a dhéantar na cinntí. Níl aon tuairim easaontach ná breithiúnas mionlaigh ann. Ní chuirtear toradh aon vóta ar fáil don phobal.

breithiúnas

Aistrítear breithiúnais ansin, den chuid is mó, go teangacha uile an Aontais. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár mbeartas Ilteangachais.

Is i gcúirt oscailte a thugtar na breithiúnais. Tá sé seo poiblí agus déantar é a shruthú beo trí shuíomh gréasáin na Cúirte.

Tá na breithiúnais ar fáil i mbunachar sonraí cásdlí shuíomh gréasáin na Cúirte lá a thugtar iad.

Foilsítear formhór na mbreithiúnas ansin freisin i dTuarascálacha na Cúirte Eorpaí, taifead oifigiúil na mbreithiúnas ón gCúirt. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár leathanach faoi Thuairiscí na Cúirte Breithiúnais.

Cineálacha speisialta nós imeachta

Tá roinnt cineálacha nós imeachta speisialta ag an gCúirt freisin chun cabhrú léi déileáil go héifeachtúil le cásanna éagsúla.

An nós imeachta simplithe

Is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais nós imeachta simplithe a úsáid más ionann ceist ó chúirt náisiúnta agus ceist a d’fhreagair an Chúirt cheana féin, nó má tá an freagra soiléir. Sna gcásanna sin, tugann an Chúirt Bhreithiúnais a freagra trí Ordú réasúnaithe, ag tagairt dá breithiúnais roimhe sin.

An nós imeachta brostaithe

Cuireann an nós imeachta brostaithe ar chumas na Cúirte Breithiúnais a rialuithe a thabhairt go tapa i gcásanna an-phráinneach. Chun é sin a dhéanamh, laghdaítear na teorainneacha ama do gach cuid den nós imeachta a mhéid agus gur féidir. Tugtar tús áite do na cásanna sin freisin.

Féadfaidh na páirtithe (i gcaingne díreacha agus achomhairc) nó an chúirt náisiúnta (i gcásanna réamhrialaithe) an nós imeachta sin a iarraidh. Déanann an tUachtarán cinneadh i dtaobh an ngéillfear don iarraidh. Féadfaidh sé a chinneadh freisin an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm dá rogha féin.

An nós imeachta práinne um réamhrialú (PPU)

Trí úsáid a bhaint as an nós imeachta sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais breithiúnais a thabhairt laistigh de thréimhse an-ghearr. Ní féidir é a úsáid ach amháin i gcás tarchuir chun réamhrialú a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais (comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, chomh maith le víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine). Úsáidtear an nós imeachta sin den chuid is mó i gcásanna a bhaineann le húdarás tuismitheora nó coimeád leanaí óga, nó i gcásanna ina bhfuil duine faoi choinneáil.

Ainmníonn an Chúirt Bhreithiúnais Dlísheomraí speisialta de chúigear Breithiúna chun déileáil leis na cásanna sin. Tá gach teorainn ama laghdaithe go mór. Tá rochtain theoranta ar an nós imeachta i scríbhinn, agus is san éisteacht amháin a ghlacann formhór na bpáirtithe páirt.

Iarratais ar bhearta idirlinne

Dá ndéanfaí damáiste tromchúiseach doleasaithe do pháirtí sula mbeadh an cás críochnaithe, féadfaidh siad a iarraidh go gcuirfí an gníomh atá faoi chonspóid acu ar fionraí go dtí go réitítear an cás.

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

Ní ghearrann an Chúirt aon táillí chun cás a thabhairt.

Mar sin féin, ní íocann an Chúirt as na dlíodóirí a fhostaíonn na páirtithe.

Mura bhfuil sé d’acmhainn ag páirtí íoc as dlíodóir, is féidir iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin, féach ár leathanach faoi chúnamh dlíthiúil.

Féach freisin