Feasachán an chásdlí
Cad é feasachán an chásdlí?
I bhFeasachán an Chásdlí tá sraith eochairfhocal agus achoimrí le haghaidh gach breithiúnais nó ordú. Léiríonn siad sin na príomhphointí dlí a cinneadh. Áirítear freisin tagairtí do mhíreanna ábhartha an chinnidh. Déantar é a nuashonrú go seachtainiúil.
An méid atá san Fheasachán
I ngach iontráil san Fheasachán tá sraith eochairfhocal agus achoimrí a chuireann in iúl go beacht substaint an chinnidh nó na gcinntí ón gCúirt atá i gceist.
Tá nasc chuig an gcinneadh áirithe agus léiriú ar na míreanna den chinneadh lena mbaineann i ngach sraith eochairfhocal. Tar éis eochairfhocail áirithe, tagann achoimre freisin, ina gcuirtear i láthair na pointí bunúsacha dlí agus, i gcás roinnt cinntí, fíricí an chinnidh lena mbaineann.
Laistigh de gach roinn den scéim aicmiúcháin, cuirtear gach iontráil i láthair go croineolaíoch de réir dháta an chinnidh ábhartha. Chun dúbláil a sheachaint, i gcás inarb ionann sraith eochairfhocal nó achomaireacht cinnidh nua agus iontráil atá ann cheana, ní chuirtear isteach ach tagairt don chinneadh nua agus do mhíreanna ábhartha an chinnidh sin.
Is i bhFraincis amháin atá an Feasachán an Chásdlí ar fáil.
Scéimeanna aicmithe cásdlí
Maidir leis an gcásdlí ó 1954 go 2009, aicmítear an Feasachán ina ocht roinn. In 2010, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tugadh isteach scéim aicmiúcháin nua, atá roinnte ina naoi roinn. Rinneadh crostagairt do na seanchórais aicmithe agus do na córais aicmithe nua chun é a dhéanamh níos éasca bogadh ó chóras amháin go ceann eile.
Roinntear gach ceannteideal ina chaibidlí agus ina bhfochaibidlí iomadúla ina dtugtar níos mó ná 1500 ceannteideal aicmithe san iomlán.
Classification scheme after the Treaty of Lisbon
(applied to case-law since 2010)
- The legal order of the European Union
- Institutional framework of the European Union
- Legal proceedings
- Internal policy of the European Union
- Association of Overseas Countries and Territories
- External policy
- General and final provisions
- Accession of new Member States
- Civil Service
Classification scheme before the Treaty of Lisbon
(applied to case-law from 1954 to 2009)
- The Community legal order
- The European Community (EEC/EC)
- The European Coal and Steel Community (ECSC/CS)
- The European Atomic Energy Community (EAEC/AE)
- Convention on Jurisdiction and the Enforcement of Judgments
- The European Civil Service
- The European Union (EU)
- Convention on the law applicable to contractual obligations
