An Leabharlann

Is i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá an leabharlann dlí is fairsinge san Eoraip. Coimeádtar go mionchúiseach an leabharlann chun tacú le hobair na Cúirte agus chun faisnéis údarásach agus cothrom le dáta a chur ar fáil d’úsáideoirí maidir le gach gné de dhlí an Aontais.

An bailiúchán

níos mó ná 290 000 leabhar sa Leabharlann faoi láthair agus cláraíonn sí le thart ar 1000 tréimhseachán. Tá líon mór irisí oifigiúla, gníomhartha parlaiminteacha agus tréimhseacháin oifigiúla eile sa bhailiúchán freisin.

Clúdaíonn bailiúchán na Leabharlainne na réimsí ábhair seo a leanas:

An dlí

  • dlí an Aontais
  • an dlí idirnáisiúnta
  • an dlí comparáideach
  • an dlí náisiúnta
  • teoiric ghinearálta an dlí

Réimsí eile

  • an eacnamaíocht
  • an pholaitíocht
  • eolaíochtaí sóisialta agus riaracháin
  • eolaíocht leabharlainne

Tá bailiúchán fairsing d’fhoclóirí aonteangacha agus ilteangacha sa Leabharlann freisin.

An chatalóg

catalóg na leabharlainne ar cheann de na hacmhainní is iomláine agus is cuimsithí ar domhan maidir le dlí an Aontais. Faoi láthair, tá thart ar 360 000 iontráil bhibleagrafach sa chatalóg, le níos mó ná 80 000 iontráil a bhaineann le dlí an Aontais. Tá sé ag fás ag ráta os cionn 20 000 iontráil in aghaidh na bliana.

A mhéid is féidir, faigheann Leabharlann na Cúirte gach foilseachán dlí a bhaineann le dlí an Aontais, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Scrúdaítear éadálacha nua uile na Leabharlainne chun na nithe seo a leanas a shainaithint:

  • ailt maidir le dlí an Aontais agus réimsí eile ar díol spéise iad d’obair na Cúirte
  • nótaí ar bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Ghinearálta

Ansin déantar na hailt agus na nótaí a roghnaítear a innéacsú agus a chatalógú.

Tá catalóg na Leabharlainne ríomhairithe tríd an t-ardán Curius. Is féidir leat an chatalóg a úsáid chun taighde bibleagrafaíochta ar líne a dhéanamh ar dhlí an Aontais agus ar na réimsí ábhair eile a chumhdaítear leis an Leabharlann. Is féidir rochtain a fháil air i seomra léitheoireachta na Leabharlainne agus ar líne araon.

Cuairt a thabhairt ar an Leabharlann

Tá rochtain ag baill foirne institiúidí an Aontais, gairmithe dlí, múinteoirí ollscoile agus mic léinn iarchéime ar an Leabharlann. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár leathanach maidir le cuairt a thabhairt ar an Leabharlann.