Gréasán Breithiúnach an Aontais

Cad é Gréasán Breithiúnach?

Tá na cúirteanna seo a leanas sa Ghréasán:

  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
  • Cúirteanna Bunreachtúla agus Uachtaracha Bhallstáit an Aontais
  • Cúirteanna Bunreachtúla agus Cúirteanna Uachtaracha roinnt tríú tíortha
  • cúirteanna ‘breathnóirí’ amhail an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Bunaíodh é an 27 Márta 2017, comóradh 60 bliain Chonarthaí na Róimhe, chonarthaí bunaidh CEE agus Euratom.

Leis an nGréasán, ceadaítear idirphlé neamhfhoirmiúil leanúnach idir na cúirteanna is airde san Eoraip, lena gcuirtear le hidirphlé foirmiúil an nós imeachta um réamhrialú. Leis an gcomhar sin, cuirtear comhthuiscint agus meas chun cinn agus, thairis sin, méadaítear cáilíocht na gcinntí breithiúnacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. Is bealach cumarsáide agus comhair é lena bhféachtar le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais a áirithiú. Chuige sin, trí an nGréasán, cuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faisnéis ar fáil do chúirteanna an ghréasáin faoi na rialuithe is tábhachtaí dá cuid. Cuireann sí nuachtlitir mhíosúil ar fáil freisin ina bhfuil sonraí faoi bhreithiúnais, tuairimí agus éisteachtaí atá le teacht maidir le cásanna den sórt sin. Anuas ar sin, i gcomhar leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, cuidíonn an Gréasán Breithiúnach le roinnt cúrsaí oiliúna maidir le dlí an Aontais le haghaidh cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta.

Ina theannta sin, bhunaigh an Gréasán meithleacha ar ábhair amhail taighde dlí, téarmaíocht agus nuálaíocht. 

Chun an comhar sin a éascú, chuir an Gréasán ardán príobháideach ar bun inar féidir le cúirteanna na mBallstát faisnéis a mhalartú.

Faisnéis phoiblí ón nGréasán

Tar éis rath sheoladh tosaigh an Ghréasáin agus an chomhroinnt faisnéise a tharla, chinn Cúirteanna na mBallstát gach doiciméad neamhrúnda a chur ar fáil don phobal.

Tá an t-eolas seo mar chuid de roinn na nAcmhainní Dlí ar an suíomh gréasáin seo anois.

Áirítear leis sin:

  • cinntí ó chúirteanna agus binsí náisiúnta, arna roghnú ag cúirteanna an Ghréasáin mar gheall ar a n-ábharthacht do dhlí an Aontais
  • ábhair thaighde agus oideachais arna n-ullmhú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amhail nótaí taighde, bileoga eolais cásdlí maidir le dlí an Aontais nó uirlisí faireacháin dlí