Saoraistritheoirí

Chun an prionsabal go mbeidh rochtain chomhionann ar an gceartas ag gach saoránach den Aontas a áirithiú, is gá méid mór doiciméad dlíthiúil a aistriú go teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Bíonn an deis ag saoraistritheoirí cur leis an sprioc sin, agus páirt a ghlacadh san obair spreagúil agus fhiúntach sin, trí sheirbhísí aistriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil don Chúirt. Roghnaítear saoraistritheoirí trí phróiseas leanúnach trí fhógraí conartha buana a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An tseirbhís aistriúcháin

seirbhís aistriúcháin dhlíthiúil na Cúirte, trína dlítheangeolaithe, freagrach as doiciméid dhlíthiúla na Cúirte a aistriú i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá doiciméid éagsúla i gceist, ag brath ar nithe éagsúla: cineál an cháis, ábhar, cineál an doiciméid (doiciméid nós imeachta, Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, breithiúnais, orduithe), teanga, fad, etc.

Cuireann an tseirbhís aistriúcháin tacaíocht ar fáil ar mhaithe le himeachtaí breithiúnacha na Cúirte a rith go rianúil agus go héifeachtúil agus cinntíonn an tseirbhís sin scaipeadh ilteangach chinntí na Cúirte.

Saoraistritheoirí agus an Chúirt

Tá ról tábhachtach ag saoraistritheoirí freisin san aistriúchán dlíthiúil ag an gCúirt. Aistríonn saoraistritheoirí thart ar aon trian de dhoiciméid dhlíthiúla na Cúirte. Is féidir gur daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad sin a bhfuil creatchonarthaí tugtha i gcrích acu leis an gCúirt. Bítear ag súil le haistriúcháin ar ardchaighdeán, agus faigheann na saoraistritheoirí tacaíocht ó sheirbhís aistriúcháin na Cúirte chun barr feabhais a bhaint amach ina gcuid oibre.

Socruithe oibre solúbtha

Bíonn solúbthacht ag saoraistritheoirí a bheith ag obair go cianda, ós rud é go ndéantar an chumarsáid uile trí mheán leictreonach. Bíonn an tsaoirse ag saoraistritheoirí freisin méid na hoibre a ghlacann siad a roghnú, ar bhonn spriocdhátaí socraithe éagsúla. Fágann sé sin gur deis iontach é seo d’aon duine atá speisialaithe sa réimse sin agus a bhfuil gníomhaíocht ghairmiúil sholúbtha agus spreagúil á lorg acu.

Próiseas roghnúcháin

Roghnaítear saoraistritheoirí trí nósanna imeachta soláthair phoiblí. Chuige sin, foilsítear fógraí conartha, lena gcuimsítear go leor péirí teanga, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is glaonna buana iad sin agus bíonn siad ar oscailt ar feadh thréimhse iomlán an chonartha fad nár baineadh amach líon uasta na gconraitheoirí le haghaidh an phéire teanga atá i gceist, mar a luaitear san fhógra conartha. Roghnaítear iarrthóirí rathúla trí thástálacha aistriúcháin cianda agus bronntar creatchonarthaí orthu ansin. Mar chonraitheoirí leis an gCúirt, rangaítear saoraistritheoirí ar bhonn:

  • cáilíocht a seirbhísí
  • an praghas

Tairgtear tascanna aistriúcháin do na conraitheoirí ar bhonn an rangaithe sin. Déantar an liosta sin a nuashonrú go rialta chun caighdeán na hoibre a chuirtear ar fáil agus tairiscintí nua a chur san áireamh.

Fógraí conartha nua

Fógraí conartha 2025

Target language

Description

Contract notice

BG

Сключване на рамкови договори за превод на юридически текстове от някои официални езици на Европейския съюз на български

2025/S 199-679881

2025/S 207-710685
(С настоящото обявление се променя предишната версия)

ES

Celebración de contratos marco para la traducción al español de textos jurídicos a partir de determinadas lenguas oficiales de la Unión Europea

2025/S 199-681563

CS

Uzavření rámcových smluv na překlad právních textů z některých úředních jazyků Evropské unie do českého jazyka

2025/S 199-682446

DA

Indgåelse af flere rammeaftaler vedrørende oversættelse af juridiske tekster fra bestemte af Den Europæiske Unions officielle sprog til dansk

2025/S 199-683330

DE

Abschluss von Rahmenverträgen für die Übersetzung juristischer Texte aus bestimmten Amtssprachen der Europäischen Union ins Deutsche

2025/S 199-683002

ET

Raamlepingud juriidiliste tekstide tõlkimiseks Euroopa Liidu teatud ametlikest keeltest eesti keelde

2025/S 199-680033

2025/S 207-709474
(Käesoleva teatisega muudetakse eelmist versiooni)

EN

Conclusion of framework contracts for the translation of legal texts from certain official languages of the European Union into English

2025/S 199-679913

FR

Conclusion de contrats-cadres pour la traduction de textes juridiques de certaines langues officielles de l'Union européenne vers le français

2025/S 199-681875

2025/S 207-709731
(Cet avis modifie la version précédente)

EL

Σύναψη συμβάσεων-πλαισίων για τη μετάφραση νομικών κειμένων από ορισμένες επίσημες γλώσσες της Ευρωπαϊκής Ενώσεως προς τα ελληνικά

2025/S 199-680189

HR

Sklapanje okvirnih ugovora za prijevod pravnih tekstova s određenih službenih jezika Europske unije na hrvatski

2025/S 199-683401

IT

Conclusione di contratti-quadro per la traduzione di testi giuridici da determinate lingue ufficiali dell'Unione europea in italiano

2025/S 199-681915

2025/S 207-712340
(Questo avviso modifica la versione precedente)

LV

Pamatlīgumu par juridisku tekstu tulkošanu no noteiktām Eiropas Savienības oficiālajām valodām uz latviešu valodu noslēgšana

2025/S 199-683076

LT

Bendrųjų sutarčių sudarymas dėl teisinių tekstų vertimų raštu iš kai kurių Europos Sąjungos oficialiųjų kalbų į lietuvių kalbą

2025/S 199-679646

HU

Jogi szövegeknek az Európai Unió egyes hivatalos nyelveiről magyar nyelvre történő fordítására irányuló keretszerződések megkötése

2025/S 199-681414

MT

Konklużjoni ta' kuntratti qafas għat-traduzzjoni ta' testi ġuridiċi minn ċerti lingwi uffiċjali tal-Unjoni Ewropea lejn il-Malti

2025/S 199-681146

NL

Sluiten van raamcontracten voor de vertaling van juridische teksten vanuit een aantal officiële talen van de Europese Unie naar het Nederlands

2025/S 199-679424

PL

Zawarcie umów ramowych o tłumaczenie tekstów prawniczych z niektórych języków urzędowych Unii Europejskiej na język polski

2025/S 199-679669

PT

Celebração de contratos-quadro para a tradução de textos jurídicos a partir de certas línguas oficiais da União Europeia para português

2025/S 199-680094

RO

Încheierea de contracte-cadru pentru traducerea unor texte juridice din anumite limbi oficiale ale Uniunii Europene în limba română

2025/S 199-682924

SK

Uzavretie rámcových zmlúv na preklad právnych textov z niektorých úradných jazykov Európskej únie do slovenského jazyka

2025/S 199-681609

SL

Sklenitev okvirnih pogodb za prevajanje pravnih besedil iz nekaterih uradnih jezikov Evropske unije v slovenščino

2025/S 199-679970

FI

Puitesopimusten tekeminen oikeudellisten tekstien kääntämisestä tietyistä Euroopan unionin virallisista kielistä suomeen

2025/S 199-683087

SV

Ramkontrakt för översättning av juridiska texter från vissa av Europeiska unionens officiella språk till svenska

2025/S 199-679878

Doiciméid tairisceana:

Sprioctheanga

Cur síos

Fógra conartha

GA2025/S

Tabhairt i gcrích creatchonarthaí le haghaidh téacsanna dlí i dteangacha oifigiúla áirithe den Aontas Eorpach a aistriú go Gaeilge

2025/S 143-494210

Doiciméid tairisceana