Grianghraif

Is féidir na pictiúir in Ionad Meán an tsuímh gréasáin a atáirgeadh leis na heisceachtaí a luaitear thíos.

Féadfar an chuid is mó díobh a atáirgeadh agus is féidir mionathruithe a dhéanamh orthu amhail gearradh, athrú méid nó coigeartú datha.

Ní mór na cinn eile a atáirgeadh ina n-iomláine, gan aon mhodhnú. Nuair is amhlaidh an cás, luaitear é sin i dtuairisc an ghrianghraif.

Agus grianghraif á atáirgeadh agat, ní mór duit sealbhóir an chóipchirt a lua — ©An tAontas Eorpach agus ainm an ghrianghrafadóra. Léirítear an t-ainm sin le haghaidh gach grianghraif.

D’fhéadfadh pictiúir d’fhoirgnimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a atáirgtear ar an suíomh gréasáin a bheith faoi réir cóipchirt nach bhfuil ag an Aontas Eorpach. Chun na pictiúir sin a úsáid, bheadh ort cead a lorg go díreach ó údar na bhfoirgneamh, an t-ailtire Dominique Perrault.