Maidir leis an suíomh gréasáin seo
Ábhar eagarthóireachta
Chruthaigh agus cothaíonn an Chúirt an suíomh gréasáin seo chun faisnéis a chur ar fáil faoina cuid oibre.
Tá sé mar aidhm againn an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn. Má chuirtear earráidí faoinár mbráid, déanfaimid iarracht iad a cheartú.
Ní ghlacann an Chúirt aon fhreagracht ná dliteanas, áfach, maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil in ábhar eagarthóireachta an tsuímh gréasáin seo nó maidir leis an úsáid a bhaineann tú as.
Tabhair faoi deara an méid seo a leanas, le do thoil.
- Is eolas ginearálta é seo. Níl sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar imthosca sonracha aon duine ar leith ná aon eintitis ar leith.
- Tá sé beartaithe leis an suíomh gréasáin léargas a thabhairt ar an gCúirt agus ar a cuid oibre. Níl sé beartaithe go mbeidh sé lánchuimsitheach.
- Ní ráthaímid go bhfuil an suíomh gréasáin cothrom le dáta go hiomlán.
- Ní féidir aon chuid den fhaisnéis sin a mheas mar chomhairle ghairmiúil ná mar chomhairle dlí. Má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le gairmí atá cáilithe go cuí i gcónaí.
- Uaireanta bíonn naisc chuig suíomhanna seachtracha ann. Níl aon smacht ag an gCúirt orthu sin agus ní ghlacann sí aon fhreagracht astu sin.
Cásdlí
Leis an mbunachar sonraí cásdlí ar shuíomh gréasáin na Cúirte, tugtar rochtain ar na doiciméid dlí a chuireann an Chúirt ar fáil. Áirítear leis sin breithiúnais, orduithe, tuairimí agus cinntí.
Is iad na leaganacha de na doiciméid sin a fhoilsítear i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais nó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus iad sin amháin, atá barántúil.
Is mar fhaisnéis phoiblí amháin a chuirtear aon doiciméad eile a chuirtear ar fáil sa roinn seo den suíomh gréasáin ar fáil. D’fhéadfadh athrú teacht orthu.
Nascadh leis an suíomh seo
Is féidir leat nasc a dhéanamh le leathanaigh ar an suíomh gréasáin seo faoi na coinníollacha seo a leanas:
- Ní mór gan ach an fhaisnéis ón leathanach nasctha agus a sheoladh a thaispeáint ar fhuinneog an bhrabhsálaí.
- Ní fhéadfar aon fhaisnéis ón suíomh gréasáin a athrú ar bhealach ar bith.
