Fianáin

Réamhrá

Chun go n-oibreoidh an suíomh seo i gceart, uaireanta bíonn comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar fianáin, ar do ghléas.

Tá an rogha agat fianáin a scriosadh nó a bhlocáil más mian leat; mar sin féin, d’fhéadfadh sin teorainn a chur le feidhmíocht gnéithe áirithe. Rud atá tábhachtach, ní úsáidtear aon fhaisnéis a bhailítear trí na fianáin sin ach amháin chun feidhm an tsuímh agus eispéireas an úsáideora a bharrfheabhsú agus is é suíomh gréasáin Curia a rialaíonn go hiomlán í.

Cad is fianáin ann?

Is éard is fianán ann téacschomhad beag a shábhálann láithreán gréasáin ar do ríomhaire nó ar ghaireas móibíleach nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán. Ligeann sé don suíomh gréasáin cuimhneamh ar do ghníomhaíochtaí agus do shainroghanna (amhail logáil isteach, teanga, clómhéid agus sainroghanna eile taispeána) thar thréimhse ama. Ciallaíonn sé sin nach gá duit leanúint de bheith ag cur isteach na faisnéise sin arís gach uair a fhilleann tú ar an suíomh nó gach uair a bhrabhsálann tú ó leathanach amháin go leathanach eile.

Is féidir fianáin eile, ó thríú páirtithe, a úsáid freisin chun tú a rianú nuair a dhéanann tú nascleanúint chuig suíomhanna eile a úsáideann seirbhísí na dtríú páirtithe sin freisin.

Conas d’fhianáin a bhainistiú

Is féidir leat fianáin a rialú agus/nó a scriosadh mar is mian leat. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar aboutcookies.org, a chuireann eolas ar fáil freisin maidir le conas é sin a dhéanamh ar go leor de na brabhsálaithe is coitianta a úsáidtear.

Is féidir leat fianáin atá ar do ríomhaire cheana féin a scriosadh.

Má scriosann tú fianáin, áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort roinnt roghanna a choigeartú an chéad uair eile a thabharfaidh tú cuairt ar shuíomh, agus go n-iarrfaí ort arís toiliú le húsáid fianán.

Conas a bhíonn fianáin in úsáid ar shuíomh gréasáin na Cúirte

Léargas ginearálta

Úsáideann suíomh gréasáin na Cúirte na fianáin seo a leanas. Tá tuilleadh sonraí faoi na fianáin a úsáidtear agus cá háit le fáil thíos agus faoin méid a dhéanann siad.

Ainm

Soláthraí

Cuspóir

    Riachtanach/Roghnach

Dul in éag

Cineál

JSESSIONID

curia.europa.eu

Déantar roghanna úsáideora a stóráil thar leathanaigh

    Riachtanach

Seisiún

HTTP

JSESSIONIDCORS

curia.europa.eu

Stóráiltear cumraíocht CORS thar leathanaigh

    Riachtanach

Seisiún

HTTP

cck1

curia.europa.eu

Stóráiltear an bhfuil meirge fianán an tsuímh seo feicthe ag úsáideoir agus déantar a rogha a thaifeadadh

    Riachtanach

180 lá

HTTP

mtm_consent
mtm_consent_removed

curia.europa.eu

Taifeadtar ar roghnaigh úsáideoir ina dhiaidh sin fianáin anailísíochta a úsáid nó ar roghnaigh sé diúltú d’fhianáin anailísíochta

    Riachtanach

400 lá

HTTP

_pk_id

curia.europa.eu

Fianán anailísíochta. Úsáidtear é chun a sheiceáil ar thug úsáideoir cuairt ar an suíomh cheana

    Roghnach

56 seachtaine

HTTP

_pk_ses

curia.europa.eu

Fianán anailísíochta seisiúin.

    Roghnach

Seisiún

HTTP

_pk_ref

curia.europa.eu

Fianán anailísíochta. Stóráiltear faisnéis faoin tagróir a thug an cuairteoir chuig an suíomh gréasáin

    Roghnach

6 mhí

HTTP

dsrwid

curia.europa.eu

Fianán slándála a úsáideann feidhmchlár e-curia

    Riachtanach

Seisiún

HTTP

Príomhshuíomh gréasáin (curia.europa.eu)

Baineann roinnt leathanach ar shuíomh gréasáin Curia úsáid as fianáin. Cuimhnítear ar:

  • Socruithe teicniúla agus do roghanna taispeána, amhail teanga, socruithe dathanna codarsnachta nó clómhéid (JSESSIONID agus JSESSIONIDCORS).
  • Má d’aontaigh tú (nó murar aontaigh tú) ár bhfianáin a úsáid ar an suíomh seo (cck1).

Tá gá leis na fianáin sin go teicniúil.

Má scriosann tú na fianáin sin, socrófar arís iad an chéad uair eile a thabharfaidh tú cuairt ar an suíomh seo nó a bhaineann tú úsáid as leathanach nua ar an suíomh.

Má scriostar an fianán cck1, taispeánfar an meirge fianán agus iarrfar ort arís do thoiliú a thabhairt.

Ní úsáidtear an t-eolas a bhaineann le fianáin chun tú a shainaithint go pearsanta.

Cuardach (infocuria.curia.europa.eu)

Ní cheanglaítear leis an bhfeidhm chuardaigh agus leis an mbunachar sonraí cásdlí go bhfeidhmeoidh aon fhianáin bhreise seachas na fianáin is coiteann don suíomh gréasáin ar fad.

E-Curia

Úsáideann an feidhmchlár e-Curia fianán seisiúin ó Cloudflare chun slándáil agus feidhmíocht an fheidhmchláir a fheabhsú trí thrácht ó úsáideoirí éagsúla taobh thiar de sheoladh IP comhroinnte a shainaithint agus a bhainistiú.

Cuidíonn an fianán le Cloudflare idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí dlisteanacha agus botaí mailíseacha nó ionsaitheoirí féideartha, rud a fhágann gur féidir bearta slándála iomchuí a dhéanamh.

Anailísíocht

Úsáideann an Chúirt Bhreithiúnais an t-ardán anailísíochta oscailte ‘Matomo’ chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a suíomh gréasáin a mheas.

Trí shonraí den sórt sin a bhailiú, is féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear ár suíomh agus feabhsuithe a dhéanamh chun cabhrú le húsáideoirí an t-eolas atá de dhíth orthu a aimsiú.

Cumasaíonn Matomo sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a chosaint. I measc na bpríomhghnéithe tá dí-shainaithint seoltaí IP agus sásra um rogha gan bheith páirteach, lena gceadaítear d’úsáideoirí rogha a dhéanamh gan a mbrabhsáil a rianú le haghaidh anailísíochta.

Cad iad na sonraí a bhailítear?

Is éard atá sna sonraí a bhailítear aitheantóir, mar shampla:

  • An dáta agus an t-am a ceadaíodh ar na leathanaigh ghréasáin
  • na leathanaigh, na naisc agus na comhaid a ceadaíodh
  • an tagróir a thug chuig an suíomh gréasáin thú
  • sonraí teicniúla do ríomhaire agus do bhrabhsálaí

Ní bhailítear aon sonraí lenar féidir daoine aonair a shainaithint go díreach.

Coinnítear an fhaisnéis a bhailítear ar feadh tréimhse 13 mhí. Ina dhiaidh sin, ní choinnítear ach faisnéis chomhiomlánaithe.

Teagmháil

Is féidir aon cheist ar leith a bhaineann le stóráil agus úsáid do shonraí a sheoladh chugainn tríd an bhfoirm theagmhála.

I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, tá an ceart agat rochtain ar do shonraí a iarraidh agus, i gcás inarb infheidhme, ceartú, scriosadh nó srianadh próiseála a iarraidh.

Tabharfaimid freagra ar d’iarraidh a luaithe is féidir agus, i bprionsabal, laistigh de mhí amháin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás inar gá.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hOifigeach Cosanta Sonraí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh: DataProtectionOfficer@Curiacuria.europa.eu

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí má mheasann tú nach gcomhlíonann próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leat Rialachán 2018/1725.

Toiliú agus Roghnú diúltú d’fhianáin

Nuair a thabharfaidh tú cuairt ar ár suíomh gréasáin den chéad uair, iarrfar ort an dtoilíonn tú leis go ndéanfar an úsáid a bhaineann tú as an suíomh a rianú chun cabhrú linn feabhas a chur ar an suíomh.

Má roghnaíonn tú ligean dúinn anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo, stórálfar trí fhianán ar do ríomhaire. Fianán seisiúin (pk_ses) a úsáidtear le linn na cuairte seo, fianán seasmhach (_pk_ref) atá bailí ar feadh 6 mhí, rud a fhágann gur féidir linn a fheiceáil conas a tháinig tú chuig an suíomh, agus an tríú fianán (_pk_id), fianán seasmhach, atá bailí ar feadh 56 seachtaine, a úsáidtear chun a fháil amach an dtagann tú ar ais chuig an suíomh ar dháta níos déanaí.

Má roghnaíonn tú gan páirt a ghlacadh sna staitisticí anaithnidithe, ní dhéanfaidh sé sin difear do d’eispéireas nascleanúna ar ár suíomh gréasáin. Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh do thoiliú a tharraingt siar nó a thabhairt ag aon am. Chun do stádas reatha a fheiceáil agus chun do thoiliú a bhainistiú, cuir tic sa bhosca iomchuí thíos:

Féach freisin