Cuairt ar an gCúirt
Tá sé mar aidhm ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Chúirt a thabhairt chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh is ea cuairteanna a eagrú, a bhainistíonn Seirbhís Cuairteanna na Cúirte.
Cuidíonn cuairteanna chun míniú a thabhairt ar ról bunúsach agus ar chuspóir bunúsach na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, agus ar an tionchar díreach a bhíonn ag a mbreithiúnais ar shaol shaoránaigh an Aontais.
Tá roinnt bealaí éagsúla ann chun cuairt a thabhairt ar an gCúirt.
Freastal ar éisteachtaí poiblí
Is féidir le cuairteoirí aonair freastal ar éisteachtaí poiblí a reáchtáiltear sa Chúirt Bhreithiúnais nó sa Chúirt Ghinearálta. Tá mionsonraí i bhféilire na Cúirte maidir le gach éisteacht, breithiúnas agus Tuairim atá beartaithe do na seachtainí atá le teacht.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ár leathanach maidir le freastal ar éisteachtaí poiblí.
Cuairteanna grúpaí
Is féidir le grúpaí gairmithe dlí, mac léinn agus saoránach eile taitneamh a bhaint as cuairteanna eagraithe agus tairbhe a bhaint as clár a cheaptar chun léargas iomlán a thabhairt ar obair na Cúirte.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ár leathanach maidir le cuairteanna do ghrúpaí.
Tionscadal oideachais
Is féidir le daltaí meánscoile idir 15 agus 18 mbliana d’aois páirt a ghlacadh i gclár oideachais ar líne na Cúirte. Eagraíonn múinteoir nó ceannaire ranga gach imeacht.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ár leathanach ar ár dtionscadal oideachais.
Cuairteanna turasóireachta
Is féidir le grúpaí de suas le 20 duine freastal ar thurais threoraithe na Cúirte arna n-eagrú ag Oifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg. Reáchtáiltear na turais sin lasmuigh d’uaireanta rialta na Cúirte.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ár leathanach maidir le turais threoraithe.
Turais ar ealaín na Cúirte
Eagraíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh turais threoraithe saor in aisce ar a bailiúchán ealaíne inmheánach ina dtaispeántar oidhreacht chultúrtha na hEorpa.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ár leathanach maidir le turais ealaíne.
