Turais threoraithe le hOifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg

Eagraíonn Oifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg turais threoraithe ar an gCúirt. Tá líon na n-áiteanna teoranta do 20 cuairteoir in aghaidh an turais agus in aghaidh an lae.

Turais threoraithe

Reáchtáiltear na turais sin lasmuigh d’uaireanta rialta na Cúirte:

  • ar laethanta na seachtaine tar éis 17:30
  • ag an deireadh seachtaine
  • le linn saoire bhreithiúnach

Conas turas treoraithe a chur in áirithe

Ba cheart áirithintí a dhéanamh ceithre seachtaine ar a laghad roimh ré trí Oifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg.

Sonraí teagmhála