Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh.
Is institiúid í ina bhfuil dhá chúirt — an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.
Déanann an Chúirt dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus a léiriú. Cinntíonn sí go n-urramaíonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit an dlí sin. Déanann an Chúirt léiriú amháin ar dhlí an Aontais ionas go gcuirfear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais.
Cad a dhéanann an Chúirt?
Bunaíodh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 1952. Is é an misean atá aici ná dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus a léiriú.
Chun é sin a dhéanamh, déanann an Chúirt na nithe seo a leanas:
- cinntí agus dlíthe an Aontais a sheiceáil ó thaobh an dlí de
- a chinntiú go leanann Ballstáit agus Institiúidí an Aontais na dlíthe sin
- i gcás nach bhfuil a fhios go díreach ag cúirt náisiúnta conas dlí an Aontais a léiriú, nó i gcás ina bhfuil amhras uirthi an bhfuil gníomh de chuid an Aontais bailí, freagraíonn sí ceisteanna ón gcúirt náisiúnta sin chun é a shoiléiriú
Cén struchtúr atá ar an gCúirt?
Tá dhá chúirt éagsúla i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta (bunaithe in 1988). Tá inniúlachtaí soiléire ag gach cúirt maidir leis na cásanna ar féidir le gach cúirt éisteacht leo.
Éisteann an Chúirt Bhreithiúnais leis na cásanna seo a leanas:
- formhór na gcásanna a bhaineann le ceisteanna a chuireann na cúirteanna náisiúnta, seachas i roinnt réimsí ábhair a aistrítear chuig an gCúirt Ghinearálta
- cásanna arna dtionscnamh ag an gCoimisiún in aghaidh na mBallstát a líomhnaítear gur sháraigh siad dlí an Aontais
- formhór na gcásanna a thionscain na Ballstáit nó Institiúidí de chuid an Aontais a dhéanann agóid i gcoinne reachtaíocht an Aontais
- achomhairc i gcoinne breithiúnais ón gCúirt Ghinearálta
Éisteann an Chúirt Ghinearálta leis na cásanna seo a leanas:
- cásanna arna dtabhairt ag daoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaí a dhéanann agóid i gcoinne ghníomhartha an Aontais
- roinnt cásanna a bhaineann le ceisteanna arna dtarchur ag cúirteanna náisiúnta i gcás ina mbaineann na ceisteanna leis na hábhair seo:
- CBL
- custaim, dleachtanna máil nó rangú earraí de réir taraife
- trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa
- cúiteamh do phaisinéirí aeir
- roinnt cásanna arna dtabhairt ag na Ballstáit i gcoinne cinntí ón gCoimisiún nó ón gComhairle
Tá tuilleadh eolais faoi na cúirteanna sin a fháil ar na leathanaigh atá tiomnaithe dóibh (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta).
Cé atá in ann cásanna a thabhairt?
Ní féidir leis an gCúirt a roghnú cé na cásanna a éisteann sí ná cé na hábhair a ndéileálann sí leo. Ní mór gach cás atá inghlactha de réir rialacha na Cúirte a éisteacht agus a chinneadh. Tháinig breithiúnais uile na Cúirte chun cinn toisc gur ghá fadhb dhlíthiúil a réiteach i gcás arna thabhairt — go díreach nó trí chúirteanna náisiúnta — ag saoránaigh, cuideachtaí, eagraíochtaí, Ballstáit nó Institiúidí an Aontais.
Ní féidir gach cás a thabhairt go díreach os comhair na Cúirte. Tá rialacha soiléire ann maidir leis na cineálacha cásanna is féidir leis an gCúirt a éisteacht. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo ar leathanach gach Cúirte agus ar an leathanach “An féidir liom mo chás a thabhairt os comhair na Cúirte?”.

Cé a oibríonn sa Chúirt?
Comhaltaí
Tá a breithiúna féin ag gach ceann den dá chúirt atá i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá breitheamh amháin in aghaidh an Bhallstáit sa Chúirt Bhreithiúnais, 27 san iomlán. Tá beirt bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit sa Chúirt Ghinearálta, 54 san iomlán. Tá 11 Abhcóidí Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais freisin. Tá Cláraitheoir ag gach Cúirt freisin. Tugtar ‘Comhaltaí’ ar na daoine sin i dteannta a chéile.
Tá tuilleadh eolais faoi na Comhaltaí le fáil ar na leathanaigh a bhaineann leo (Comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus Comhaltaí na Cúirte Ginearálta), agus ar na leathanaigh faoi gach ceann den dá chúirt (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta).
An Fhoireann
Tá beagán os cionn 2300 ball foirne fostaithe ag an gCúirt faoi láthair.
Is státseirbhísigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad formhór na mball foirne sin, agus roghnaítear iad trí phróiseas roghnúcháin dian. Tá baill foirne ag an gCúirt ó gach Ballstát den Aontas.
Oibríonn thart ar leath d’fhoireann na Cúirte in Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais, a chinntíonn go bhfuil obair na Cúirte ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi obair fhoireann na Cúirte, tabhair cuairt ar ár leathanaigh a bhaineann le ranna na Cúirte.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar phost a fháil sa chúirt, tabhair cuairt ar ár leathanaigh faoi fholúntais.
Conas a oibríonn an Chúirt
Chomh maith le príomhluachanna an Aontais, amhail saoirse, daonlathas, comhionannas agus an smacht reachta, cuireann an Chúirt tábhacht ar leith ar chroíluachanna áirithe a mhúnlaíonn agus a chuireann taca faoi gach gné dá cuid oibre.
Éilíonn an Chúirt na caighdeáin eitice is airde – ionracas, proifisiúntacht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas – ó gach duine a oibríonn ann. Baineann na caighdeáin seo le gach comhalta den Chúirt agus a foireann.
Léigh tuilleadh faoi chaighdeáin eitice na Cúirte.
is gnéithe bunúsacha iad trédhearcacht agus inrochtaineacht i bpróisis bhreithiúnach agus riaracháin na Cúirte agus an obair ar siúl againn.
Foghlaim tuilleadh faoi trédhearcacht ag an gCúirt.
Go háirithe, foilsítear breithiúnais chúirte agus doiciméid eile a bhaineann le cásanna ar an suíomh gréasáin seo a luaithe agus is féidir. Ina theannta sin, tá na héisteachtaí uile poiblí, agus déantar na cinn is tábhachtaí a shruthú ar an suíomh gréasáin.
Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár leathanach faoin bhfaisnéis atá ar fáil faoi gach cás.
Oibríonn an Chúirt in 24 theanga éagsúla. Ní dhéanann aon Chúirt eile ar domhan é seo. Cinntíonn sé seo gur féidir le haon duine atá páirteach i gcás cumarsáid a dhéanamh leis an gCúirt in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus gur féidir le gach duine san Aontas na breithiúnais a léamh agus a thuiscint.
Féach ar ár suíomh gréasáin dírithe ar an ilteangachas.
Léigh ár mbeartas Ilteangachais.
Tá an Chúirt tiomanta don nuálaíocht leanúnach mar chuid dá misean chun oiriúnú, chun feabhas a chur ar an Aontas agus chun freastal ar a shaoránaigh i ndomhan atá ag athrú.
- Tá an Chúirt ina rannpháirtí gníomhach sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS), rud a chabhraíonn leis an gCúirt a cleachtais inbhuanaitheachta agus a feidhmíocht chomhshaoil a mheas agus a fheabhsú.
- Faigh tuilleadh eolais faoi bheartas comhshaoil na Cúirte.
- Tá ról lárnach ag Stiúrthóireacht TF na Cúirte i nuachóiriú na hInstitiúide trí fhís agus straitéis dhinimiciúil TF a leagan síos agus a chur i bhfeidhm. Tá a Straitéis Intleachta Saorga féin glactha ag an gCúirt freisin.
- Léigh tuilleadh faoin Stiúrthóireacht um Theicneolaíochtaí Faisnéise.
Mar institiúid ilteangach agus ilnáisiúnta, tá an éagsúlacht i gcroílár na Cúirte. Tá an Chúirt tiomanta freisin do chomhdheiseanna agus timpeallacht oibre chuimsitheach a chur chun cinn do dhaoine de gach náisiúntacht, inscne, cumas agus cúlra.
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar ár leathanach ar Fhostaíocht ag an gCúirt.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta, CBAE, CBA — mearbhall ort faoi na hainmneacha?
Tá roinnt ainmneacha a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Eascraíonn cuid den mhearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann toisc go bhfuil an t-ainm céanna beagnach ar an Institiúid féin agus ar cheann den dá chúirt atá inti.
Tugtar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar is ceart ar an Institiúid, agus uaireanta déantar í a ghiorrú chuig CBAE.
Tá dhá chúirt éagsúla ann:
- an Chúirt Bhreithiúnais
- an Chúirt Ghinearálta
Agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó Cúirt Bhreithiúnais an Aontais?
Níor tugadh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ná CBE riamh ar an gCúirt go hoifigiúil.
Nuair a bunaíodh an chúirt, ba í Cúirt Bhreithiúnais an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach í. Ó 1957 go 2009, ba í Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach í. In 2009, athraíodh a hainm go dtí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, úsáidtear European Court of Justice go minic chun tagairt a dhéanamh don cheann is airde den dá chúirt. Aithnítear agus úsáidtear sin go forleathan i mBéarla. Bainimid úsáid as an haischlib #ECJ ar na meáin shóisialta fiú.
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh éagsúil ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Cé go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lonnaithe i Lucsamburg agus gur institiúid de chuid an Aontais í, tá an Chúirt um Chearta an Duine lonnaithe in Strasbourg sa Fhrainc agus is cuid de Chomhairle na hEorpa í.
Éisteann an Chúirt um Chearta an Duine le cásanna a thionscnaítear i gcoinne tíortha a shínigh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Cumhdaíonn a dhlínse faoi láthair 46 thír, lena n-áirítear 27 mBallstát an Aontais.
