• Is cúntóirí speisialaithe iad profléitheoirí/eagarthóirí teanga a chinntíonn ceartú cló agus fíorú teangeolaíoch ar dhoiciméid aistrithe chun na hoiriúnuithe is déanaí a ionchorprú chun ardleibhéal teanga agus clóghrafaíochta a áirithiú.

  • Is gairm dhá-ghné í an dlítheangeolaí: dlí agus teanga. Dá bhrí sin, d’fhonn a bheith in ann an ghairm seo a chleachtadh, atá chomh dian agus atá sé suimiúil, mar shaineolaí ar an aistriúchán dlíthiúil, is gá céim sa dlí agus eolas cuimsitheach ar roinnt teangacha iasachta agus ar na córais dlí chomhfhreagracha araon a bheith acu. Aistríonn na dlítheangeolaithe, i bprionsabal, go dtí a dteanga dhúchais nó, i gcásanna neamhchoitianta, go teanga a staidéir dlí, teanga a bhfuil sáreolas acu uirthi.

  • Is iad na téarmeolaithe san Aonad um Thionscadail agus Chomhordú Téarmaíochta atá freagrach go príomha as téarmaíocht dhlíthiúil ilteangach a bhainistiú. In éineacht le leabharlainne an aonaid, cuireann siad tacaíocht dhoiciméadach ar fáil freisin d’fhoireann uile na hinstitiúide, ní hamháin do na seirbhísí aistriúcháin dlí agus ateangaireachta, a bhaineann úsáid fhorleathan as a chuid seirbhísí, ach do dhréachtóirí an chásdlí freisin.

  • Tá an t-ateangaire freagrach as trasuí a dhéanamh, i bhfíor-am, ó theanga iasachta go dtí a theanga oibre, pléadálacha ó bhéal na bpáirtithe agus ceisteanna ó na Breithiúna agus ó na hAbhcóidí Ginearálta ag éisteachtaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, agus ag cruinnithe eile, amhail cuairteanna foirmiúla, fóram na mbreithiúna náisiúnta agus éisteachtaí foirmiúla. Ní mór sáreolas ar theangacha oibre, scileanna éisteachta gníomhacha agus ardfhreagrúlacht a bheith aige/aici chun brí agus rún na cainte bunaidh a chur in iúl go dílis.

    Earcaíonn an Chúirt ateangairí den chaighdeán is airde ó thaobh inniúlachta agus ionracais de, agus céim ollscoile iarchéime bainte amach acu de ghnáth agus pas faighte acu i dtriail chreidiúnaithe nó i gcomórtas éilitheach.

  • Tá rúnaíocht ag gach aonad aistriúcháin dhlíthiúil ar a bhfuil cúntóir bainistíochta amháin agus roinnt cúntóirí eile.

  • Chun tacú le baill foirne aistriúcháin agus ateangaireachta ina gcuid oibre, braitheann DGM ar ghairmeacha sonracha éagsúla atá i bhfoirne nó in aonaid thrasghearrthacha.