Profléitheoirí/eagarthóirí
Chun cáilíocht na teanga agus comhchuibhiú na ndoiciméad a thagann ón gCúirt a ráthú, is iad profléitheoirí/eagarthóirí teanga atá freagrach as ceartú cló agus fíorú teangeolaíoch a dhéanamh ar dhoiciméid áirithe arna n-aistriú ag dlítheangeolaithe agus ag saoraistritheoirí. Is doiciméid iad seo den chuid is mó atá le foilsiú nó le scaipeadh go forleathan.
Ní mór na téacsanna lena mbaineann (go príomha breithiúnais, orduithe, tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta agus achoimrí ar chinntí) a sheiceáil go cúramach chun cloí go hiomlán leis na rialacha lena rialaítear úsáid na teanga agus na gcleachtas a shainítear sna haonaid teanga, in Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais (DGM) agus sa Chúirt ina hiomláine. Chuige sin, cuireann profléitheoirí/eagarthóirí teanga le forbairt rialacha dréachtaithe inmheánacha agus idirinstitiúideacha.
Mar sin féin, téann a gcuid oibre thar an gcreat docht seo chun comhairle a dhréachtú, iomláine doiciméad a sheiceáil agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí teanga ar an leibhéal náisiúnta.
Cuireann siad freisin le hoiliúint a chur ar chomhghleacaithe nua, bíodh siad profléitheoirí/eagarthóirí teanga nó dlítheangeolaithe.
Cosúil le gach ball foirne, tá profléitheoirí/eagarthóirí teanga ag comhtháthú na huirlise TF de réir a chéile.
Sonraítear na coinníollacha a bhaineann le rochtain a fháil ar ghairm an phroifléitheora/an eagarthóra teanga sna fógraí chomórtais agus na fógraí folúntais a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO nó ar shuíomh gréasáin Curia.
Féach freisin:
>
