Cúntóirí laistigh d'aonaid teanga
Is é an cúntóir bainistíochta a chuireann cinntí bainistíochta an chinn aonaid chun feidhme. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí air freisin cúraimí na rúnaíochta a chomhordú, próisis sheachfhoinsithe a eagrú i gcomhar leis an Aonad Pleanála agus Aistriúcháin Sheachtraigh, cláir shreafa agus bhainistíochta a chruthú agus, i gcásanna áirithe, cúraimí aistriúcháin agus athbhreithnithe a dháileadh ar na dlítheangeolaithe.
Is iad na comhaltaí eile na rúnaíochta atá freagrach go príomha as iarrataí ar aistriúchán a fháil, as a sheiceáil go bhfuil na heilimintí ar fad a chuir an t-iarratasóir in iúl san áireamh sa doiciméad agus go gcomhlíonann an doiciméad na ceanglais fhoirmiúla agus cháilíochta uile. Tá siad freagrach as téacsanna a réamhphróiseáil sula sanntar iad do dhlítheangeolaithe trí aon ghné is féidir a chur isteach go húsáideach sa tionscadal aistriúcháin a aisghabháil, agus a n-aschur d'úsáideoirí. Glacann siad páirt freisin i dtascanna bainistíochta neamhspleácha.
Tá na coinníollacha maidir le rochtain ar ghairm an chúntóra teanga leagtha amach sna fógraí comórtais agus folúntais a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO nó ar shuíomh gréasáin Curia.
Féach freisin:
>
