... agus scileanna níos sonraí
Tá na cúntóirí agus na riarthóirí freagrach go háirithe as faireachán a dhéanamh ar líon na mball foirne, as glacadh le baill foirne agus as oiliúint a chur orthu, as cúraimí anailíse staidrimh áirithe agus as comhaid riaracháin a bhainistiú. I réimsí níos teicniúla, bíonn an tseirbhís ag brath ar shaineolaithe, amhail speisialtóirí TF atá speisialaithe i bhforbairt uirlisí chun an t-ilteangachas a bhainistiú nó cabhrú leis, bainisteoirí atá freagrach as réamhphróiseáil leictreonach doiciméad, bainisteoirí atá ag obair i gcomhthéacs shreabhadh oibre na n-iarrataí ar aistriúchán nó nósanna imeachta ateangaireachta agus nósanna imeachta riaracháin, conarthacha agus airgeadais a bhaineann le seachfhoinsiú.
Tá na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar ghairm an chúntóra teanga leagtha amach sna fógraí comórtais agus folúntais a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO nó ar shuíomh gréasáin Curia.
Féach freisin:
>
