Küllike Jürimäe

Uachtarán an Dara Dlísheomra

Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Küllike Jürimäe in 1962 in Haapsalu (an Eastóin). Bhain sí amach céim sa Dlí (comhionann le Máistreacht) in 1986 ag Tartu ülikool (Ollscoil Tartu, an Eastóin). Lean sí lena cuid staidéir ardoideachas i gColáiste Taidhleoireachta na hEastóine, ar bhain sí céim amach ann i 1992. Sa bhliain 2003, ag deireadh cúrsa staidéir ag an Università degli Studi di Padova (Ollscoil Padova, an Iodáil) agus University of Nottingham (Ollscoil Nottingham, an Ríocht Aontaithe), bhain sí amach Máistreacht Eorpach i gCearta an Duine agus sa Daonlathú.

Ó 1986 amach, bhí post mar Ionchúisitheoir aici i dTaillinn (an Eastóin) ar feadh cúig bliana. Ó 1991 go 1993, chomhlíon sí a cuid feidhmeanna mar Chomhairleoir Dlí agus ansin, ó 1992 go 1993, mar Chomhairleoir Ginearálta le Eesti Kaubandus-Tööstuskoda (Comhlachas tráchtála agus tionsclaíochta na hEastóine). Idir 1993 agus 2004, ghníomhaigh sí i gcáil breitheamh ag Tallinna Ringkonnakohus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin).

Ceapadh í mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar an 12 Bealtaine 2004. Is Breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais í ón 23 Deireadh Fómhair 2013 anuas, agus tá sí ina suí sa cháil mar Uachtarán ar Dhlísheomra ón 8 Deireadh Fómhair, 2021.

Ceangail le fondúireachtaí, eagrais nó institiúidí sna réimsí dlí, cultúir, ealaíon, sóisialta, spóirt nó carthanúla

Comhalta de Chomhairle Rialaithe de Shubstaint an Dlí bhunreachtúil in Acadamh Eolaíochtaí na hEastóine

Comhalta Comhairle Rialaithe agus Stiúrthóir ar Chomhlachas na mBreithiúna Eorpacha i nDlí na hIomaíochta

Comhalta den Eesti Kohtunike Ühing

Comhalta den Eesti Juristide Liit

Teidil agus Gradaim Onóracha

Gradam "Ord Réalt Bán na hEastóine 3ú grád" (2021)