Marc Jaeger
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim
Rugadh Marc Jaeger in 1954 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ó Université Robert Schuman in Strasbourg (Ollscoil Robert Schuman in Strasbourg, an Fhrainc) in 1979 agus lean sé lena chuid staidéir i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg), coláiste a bhronn Dioplóma san Ard-Léann Eorpach air in 1980.
Glacadh leis an Uasal Jaeger ag Barra Lucsamburg in 1981, áit a raibh sé ag cleachtadh mar dhlíodóir go dtí 1983. Ceapadh é ansin ina attaché de justice ar iasacht d’Ionchúisitheoir Ginearálta Lucsamburg agus bhí na dualgais sin air ar feadh bliana sular ceapadh é ina bhreitheamh i gCúirt Dúiche Lucsamburg ó 1984 go 1986.
Chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don Abhcóide Ginearálta Jean Mischo, a raibh sé ag obair leis idir 1986 agus 1988, agus ansin chuaigh sé isteach in oifig G. Federico Mancini ó 1988 go 1996.
Chomh maith lena dhualgais bhreithiúnacha, bhí an tUasal Jaeger ina léachtóir in Université du Luxembourg (Ollscoil Lucsamburg) ó 2003, ach ó 2015 chomh maith, in Libera Università Internazionale degli Studi Sociali Guido Carli (Saor-Ollscoil Idirnáisiúnta Guido Carli den Staidéar Sóisialta, an Iodáil). Ó 2001 go 2018, bhí sé ina chathaoirleach ar Institut Universitaire International Luxembourg (Institiúid Ollscoile Idirnáisiúnta Lucsamburg) (IUIL) agus, ó 2011 go 2016, ar Bhord Rialachais Ollscoil Lucsamburg.
Ceapadh an tUasal Jaeger mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 11 Iúil 1996 agus bhí sé ina Uachtarán ar an Dlísheomra ón 10 Meán Fómhair 2004 go dtí an 31 Lúnasa 2007. Thogh a chomhghleacaithe mar Uachtarán na Cúirte Ginearálta agus chaith sé ceithre théarma as a chéile sa phost sin, ón 17 Meán Fómhair 2007 go dtí an 26 Meán Fómhair 2019.
Ceangail le fondúireachtaí, eagrais nó institiúidí sna réimsí dlí, cultúir, ealaíon, sóisialta, spóirt nó carthanúla
Comhalta bunaidh agus cathaoirleach den Observatoire luxembourgeois de droit européen (OLDE)
Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei e.V. (SIPE)
Comhalta den choiste dréachtaithe den Revue européenne de droit de la consommation (REDC)
Comhalta den choiste stiúrtha den Diritto e Politiche dell’Unione Europea (DPUE)
Comhalta den choiste eolaíoch den Studi sull’Integrazione Europea (SIE)
Comhalta den choiste eagarthóireachta den Revue critique trimestrielle de jurisprudence et de législation (KritV - CritQ - RCrit)
Comhalta den chomhairle eolaíochta den Revista Română de Drept European (RRDE)
Comhalta den bhord bainistíochta den Fondation Kräizbierg (Lucsamburg)
Cathaoirleach den Fondation ADIPH (Lucsamburg)
Comhalta de Chomhairle na Saoithe den Luxembourg School of Religion & Society (LSRS)
Teidil agus Gradaim Onóracha
Chevalier den Ordre Grand-Ducal de la Couronne de Chêne (1999)
Oifigeach den Ordre de Mérite du Grand-Duché de Luxembourg (2004)
Cavaliere den Gran Croce ordine al Merito della Repubblica italiana (2009)
Chevalier den Légion d’honneur (an Fhrainc) (2010)
Dottore in Giurisprudenza Honoris Causa, Università degli Studi del Sannio (Benevento, an Iodáil) (2013)
Honorary Bencher, Middle Temple (Londain, an Ríocht Aontaithe) (2016)
