Ramona Frendo

Iar-Chomhalta

Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ramona Frendo sa bhliain 1971 agus is as Zetjun (Málta) di ó dhúchas. Bhain sí céim sa dlí amach in 1993 agus dochtúireacht sa dlí amach in 1995 ó Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta). Lean sí ar aghaidh lena cuid staidéir ag University of Cambridge (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe) agus bronnadh máistreacht sa choireolaíocht uirthi ann in 1996. In 2018, chríochnaigh sí a cuid staidéir ollscoile le dioplóma iarchéime sa dlí Eorpach ag King’s College London (Coláiste an Rí, Londain, an Ríocht Aontaithe).

Chuir an tUasal Frendo tús lena slí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir ag Barra Mhálta, post a bhí aici ó 1996 go 2019. Mar thoradh ar a heolas ildisciplíneach, d’oibrigh sí chomh maith mar chomhairleoir dlí d’Aireacht Choimirce Sóisialaí Mhálta ó 1997 go 1998 agus mar shaineolaí dlí ag cúirteanna Vaileite (Málta) idir 1997 agus 2019, agus ag roinnt cuideachtaí árachais, ó 2006 go 2019.

Ó 2006 go 2019, bhí sí ina comhalta de phainéal eadrána náisiúnta Mhálta agus, ó 2009 go 2019, bhí sí ina comhalta de Choimisiún Fostaíochta Mhálta. Ceapadh mar chomhalta den Choimisiún Náisiúnta um an Teaghlach (Málta) í ó 2012 go 2013, tráth a raibh sí ina comhalta den Choimisiún um Athchóiriú Cuimsitheach an Chórais Dlí agus Cirt (Málta) chomh maith agus ansin, idir 2014 agus 2016, bhí sí ina comhalta den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí (Málta). Tar éis di a bheith ceaptha in 2016 ag rialtas Mhálta, mar chomhairleoir speisialta don mheitheal um “Víosaí” de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, bhí sí ina cathaoirleach ar an meitheal seo faoi uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle sa chéad leath de 2017.

Ceapadh ina breitheamh den Chúirt Ghinearálta í ar an 20 Márta 2019. Shuigh sí ann ar feadh ceithre bliana, sular ceapadh í, an 7 Deireadh Fómhair 2024, mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, mar a bhfuil sí ag tabhairt faoina dualgais anois.