Nótaí plé ar staitisticí na Cúirte Ginearálta in 2023
Den chéad uair ó chuaigh mé i mbun oifige an 5 Meitheamh 2023, tá sé d’onóir agam peann a chur le pár chun plé a dhéanamh ar na staitisticí bliantúla maidir le gníomhaíocht bhreithiúnach. Díreach cosúil le mo réamhtheachtaí, Emmanuel Coulon, creidim go bhfuil an cleachtadh seo ríthábhachtach ar mhaithe le dul siar a dhéanamh ar forbairt na dlíthíochta, iarmhairtí áirithe ghníomhaíocht reachtach, rialála agus cinnteoireachta de chuid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna a dhéanann an Chúirt.
Chun léiriú ceart a dhéanamh ar na staitisticí le haghaidh 2023, ní mór sraith 404 chás arna dtíolacadh i mí Dheireadh Fómhair 2023 (T-620/23 go T-1023/23), arb ionann iad go bunúsach agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an leasú ar an scéim pinsin dheonach bhreise d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus a thagann faoi réimse an ‘dlí institiúidigh’, a lua ag an tús (féach Tábla Uimh. 4, thíos). Bhi tionchar ollmhór ag an tsraith sin ar líon na gcásanna arna dtíolacadh, a sháraigh, don chéad uair i stair na Cúirte Ginearálta, 1 000 agus arb ionann é agus 1 271. Dá ríomhfaí na cásanna uamtha sin mar aon chás amháin, 868 gcás a bheadh i líon na gcaingne a thabharfaí isteach agus bheadh sé gar do líon na mblianta roimhe sin (904 in 2022, 882 in 2021 agus 847 in 2020).
I. Cásanna arna dtíolacadh: Na chéad chásanna maidir le rialáil na margaí digiteacha agus luaineachtaí áirithe in ábhair eile
Tháinig imeachtaí nua a bhaineann le rialáil na margaí digiteacha chun cinn in 2023. Tagann sé sin i ndiaidh don Aontas Eorpach na rialacháin maidir le seirbhísí digiteacha (AE) 2022/2065 agus margaí digiteacha (AE) 2022/1925 (i mBéarla: Digital Services Act, DSA) agus Digital Markets Act, DMA) a ghlacadh. Is ionann an chéad cheann agus rialáil ar gach idirghabhálaí agus ardáin ar líne curtha i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún ag an am agus sa chás deireanach sin, d’fhéadfadh achomhairc nua os comhair na Cúirte a bheith mar thoradh air sin (bhí dhá cheann in 2023: T-348/23, Zalando v an Coimisiún agus T-367/23, Amazon Services Europe v an Coimisiún). Is ionann an dara ceann agus reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáidí ar ghrúpaí móra digiteacha a bhaineann lena n-ainmniú mar ‘gheatóirí’. Is faoin gCoimisiún atá sé, faoi réir athbhreithniú breithiúnach an Aontais, na grúpaí sin a ainmniú agus na rialacha sin a chur i bhfeidhm. Tá triúr iarratasóirí tar éis achomhairc a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta cheana féin chun agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí arna nglacadh faoin nós imeachta maidir le geatóir a ainmniú (Cásanna T-1077/23, Bytedance v an Coimisiún, T-1078/23, Meta v an Coimisiún agus T-1079/23 agus T-1080/23, Apple v an Coimisiún).
Glacadh bearta eagrúcháin inmheánacha chun an Chúirt a ullmhú do na himeachtaí nua sin, agus d’achomhairc a d’fhéadfadh a bheith ina nuálaíocht reachtach, eadhon an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha (AE) 2022/2560. I measc na mbeart sin, chinn an Chúirt Ghinearálta an Cinneadh chun na critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí a athrú (IO 2023, 286, lch. 2).
Maidir le cineálacha traidisiúnta na gcásanna sa Chúirt Ghinearálta, is féidir méadú beag a bhrath i réimsí na seirbhíse sibhialta (82 chás i gcomparáid le 66 chás in 2022) agus na maoine intleachtúla (310 i gcomparáid le 270 in 2022).
Lean an dlíthíocht maidir le bearta sriantacha de bheith ag spreagadh ghníomhaíocht na Cúirte, ach ar bhonn níos lú i gcomparáid le 2022. Tíolacadh 63 chás sa bhliain 2023, i gcomparáid le 103 sa bhliain 2022. Bhain an chuid ba mhó de na cásanna nua atá ábhartha (4 cás as 63) le sraith de bearta sriantacha arna nglacadh ag an Aontas Eorpach in 2022 maidir le daoine nádúrtha agus eintitis i gcomhthéacs na coinbhleachta idir an Rúis agus an Úcráin. San iliomad cás atá ar feitheamh agus a bhaineann go príomha le bearta sriantacha, tá coigeartú déanta ag na hiarratasóirí ar a n-iarrataí i gcomhréir le hAirteagal 86 de na Rialacha Nós Imeachta ar mhaithe le hagóid a dhéanamh i gcoinne fhadú nó leasú na mbeart lena mbaineann in ionad achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh le caingean nua. Tá sé de bhuntáiste ag an modh sin go gceadaítear leis go ndéanfaí breithniú ar roinnt gníomhartha faoi chuimsiú cás aonair, ach mar thoradh air sin, éiríonn an dlíthíocht agus bainistiú na dlíthíochta níos casta, go háirithe i gcás ina ndéantar an t-iarratas a mhodhnú tamall beag roimh na héisteachta nó le linn na héisteachta. Tá an Chúirt Ghinearálta ag smaoineamh ar a rialacha nós imeachta a leasú a mhéid a bhaineann sé leis an bpointe sin, chun foráil a dhéanamh go gcaithfí an iarraidh a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr ó sheirbheáil bhreith na Cúirte Ginearálta chun an nós imeachta ó bhéal a oscailt. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí solúbthacht áirithe a chaomhnú a mhéid a bhaineann leis an dlí maidir le hiarchur agus leasuithe ar ghníomhartha arna nglacadh ag institiúidí an Aontais, agus, ag an am céanna, d’fhéadfaí na míbhuntáistí atá ag an gCúirt faoi láthair a theorannú.
Leanann na cásanna a bhaineann le beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, lena n-áirítear go háirithe an dlí baincéireachta, de bheith ag méadú gach bliain, agus an figiúr de 56 chás nua a tugadh isteach in 2023 bainte amach acu. Ós rud é go mbaineann an chuid is mó de na cásanna le ranníocaíochtaí bliantúla na mbanc leis an gCiste Réitigh Aonair agus go bhfuil deireadh ag teacht leis an gcéad tréimhse ranníocaíochta, d’fhéadfadh laghdú a bheith ar an bhfigiúr sin sna blianta atá le teacht.
I réimse na Státchabhrach, níor leanadh in 2023 leis an méadú imthoisceach a tháinig ar líon na n-achomharc in 2022 (68 gcás nua). Bhí baint ag an méadú ar ghníomhaíocht sa réimse seo le taisceadh roinnt mhaith caingne in 2022 i gcoinne chinneadh an Choimisiúin maidir leis an scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara, cruthúnas go bhfuil gníomhaíocht na Cúirte Ginearálta ag brath ar ghníomhartha arna nglacadh ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus ar agóidí a dhéantar maidir le dlíthiúlacht na ngníomhartha sin.
Is ionann an deich gcás nua a cláraíodh sa réimse sin in 2023 agus an figiúr is ísle ó tháinig an Chúirt Ghinearálta chun bheith inniúil chun éisteacht le caingne arna dtionscain ag daoine aonair i réimse na Státchabhrach in 1993.
Ar deireadh, leanann na cásanna a bhaineann le hiomaíocht de bheith ag leibhéal níos ísle ná riamh, le 13 chás nua in 2023.
II. Figiúirí lena léirítear gníomhaíocht na Cúirte
Agus clabhsúr curtha ar 904 chás le linn na bliana, tá an Chúirt Ghinearálta níos fearr ná an meán le blianta beaga anuas. Chomh maith leis sin, tugann sí faoi líon na gcásanna atá ar feitheamh a laghdú, a luaithe a sháraíonn líon na gcásanna ar cuireadh clabhsúr leo líon na gcásanna nua de 36 chás, má dhéantar an grúpa de 404 chás atá comhionann go bunúsach a áireamh mar chás amháin. Ar an mbonn sin, tá feabhas beag tagtha ar an 1438 gcás a bhí ar feitheamh i gcomparáid leis an 1474 a bhí ann bliain amháin roimhe sin. Féadfaidh go méadófaí an dul chun cinn sin in 2024, nuair ba cheart go mbeadh an Chúirt Ghinearálta in ann clabhsúr a chur ar ghrúpaí áirithe. Is cosúil mar sin go mbeidh an Chúirt Ghinearálta in ann d’aistriú na dlínse chun réamhrialuithe a thabhairt, ar an gclár d’Fhómhar 2024, agus ualach oibre na Cúirte Breithiúnais a laghdú dá bharr.
Tugtar faoi deara an méid seo a leanas:
- Socraíodh beagnach 14% (13.61 %) de chásanna le foirmíochtaí méadaithe de chúigear Breithiúna, rud a thacaigh leis an treocht aníos maidir le tarchuir chuig foirmíochtaí méadaithe a tugadh faoi deara cheana in 2022 (12%; 123 chás a socraíodh le foirmíocht mhéadaithe in 2023 i gcomparáid le 100 cás in 2022). Ba iad na foirmíochtaí méadaithe a thug an chuid ba mhó de na breithiúnais, ach ní chuirtear glacadh na n-orduithe as an áireamh (10 in 2023, 8 in 2022).
- Chuir an Chúirt Ghinearálta clabhsúr ar 79% de na cásanna le foirmíocht de thriúr Breithiúna, i gcomparáid le 82% in 2022. Is féidir an laghdú seo a mhíniú le tarchur níos minice chuig foirmíocht méadaithe, mar a míníodh thuas;
- Chuir an Chúirt Ghinearálta clabhsúr ar chás amháin sa Mhór-Dhlísheomra tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás a tharchur faoina bráid, (Cás T-65/18 RENV, Veiniséala v an Chomhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala);
- Chinn an Chúirt Ghinearálta 9 gcás agus í ina suí mar Bhreitheamh aonair (8 bhreithiúnas, ordú amháin) i comparáid le dhá cheann in 2022 agus trí cinn in 2021;
- Tá méadú beag tagtha ar líon na n-iarratas ar imeachtaí idirlinne a tugadh isteach (41 in 2023 i gcomparáid le 37 in 2022), agus ar líon na n-imeachtaí idirlinne a bhfuil clabhsúr curtha orthu chomh maith (40 in 2023 i gcomparáid le 37 in 2022);
- Ba le breithiúnas a dúnadh 59% de na cásanna ar cuireadh clabhsúr orthu in 2023 agus ba le hordú a cuireadh clabhsúr ar 41% dóibh. Ba le héisteacht a dúnadh 66% de na cásanna ar cuireadh clabhsúr orthu.
Tháinig méadú mór ar líon na n-éisteachtaí (286 éisteacht, i gcomparáid le 241 in 2022 agus 240 in 2021), go dtí 419 gcás pléadáilte (303 in 2022 agus 290 in 2021). Ba cheart a thabhairt faoi deara gur eagraíodh deich gcomhéisteacht lena gcumhdaítear 70 cás pléadáilte san iomlán in 2023. Foráiltear le hAirteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaí comhéisteacht le haghaidh roinnt cásanna aonair a eagrú ón 1 Aibreán 2023 ar aghaidh. Chumhdaigh ceann amháin acu 42 chás pléadáilte san iomlán (i gCás T-700/13 Caixabank agus páirtithe eile v an Coimisiún, maidir le Státchabhair arna cur chun feidhme ag an Spáinn i bhfabhar grúpaí leasa eacnamaíocha áirithe agus a n-infheisteoirí i bhfoirm córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a fháil, ar a dtugtar ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’ freisin).
Níor tionóladh aon éisteacht trí fhíschomhdháil le linn na bliana, cé gur tháinig rialacha nua maidir le scéim den sórt sin i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023. Cé gur tháinig an fhéidearthacht sin chun cinn ar dtús nuair a cuireadh cosc ar pháirtí amháin taisteal chuig áitreabh na Cúirte Ginearálta mar gheall ar an ngéarchéim sláinte de dheasca phaindéim COVID-19, foráiltear anois le hAirteagal 107a de na Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaidh páirtí iarratas a dhéanamh air ar chúiseanna a bhaineann le slándáil nó ar fhorais thromchúiseacha eile (mar shampla stailc in earnáil na heitlíochta) lena gcuirtear cosc ar an ionadaí páirt a ghlacadh san éisteacht go fisiciúil. Tharla sé sin mar gheall ar dheireadh na paindéime.
Tá méadú beag ar mheánfhad na n-imeachtaí. Is ionann é agus 18.2 mí in 2023 le haghaidh cásanna a dúnadh le breithiúnas nó le hordú (i gcomparáid le 16.2 mí in 2022 agus 17.3 mí in 2021) agus 21 mhí (i gcomparáid le 20.4 in 2022 agus 20.3 in 2021) nuair nach gcuirtear san áireamh ach cásanna a dúnadh le breithiúnas. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go n-athraíonn meánfhad na n-imeachtaí sa chatagóir dheireanach sin idir 37.1 mí ar an meán i gcásanna a bhaineann le dlí na hiomaíochta nó 34.1 mí i gcásanna Státchabhrach agus 13.7 mí i gcásanna maoine intleachtúla. Mar thoradh ar dhúnadh roinnt cásanna casta nó grúpaí cásanna casta, go háirithe i réimsí na Státchabhrach agus na hiomaíochta, méadaíodh fad na n-imeachtaí.
As 1841 chás a bhí ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta an 31 Nollaig 2023 (figiúr comhlán, lena n-áirítear an 404 chaingean chomhionanna), baineann 29% leis an dlí institiúideach (mar a tugadh faoi deara thuas, tá an 404 chás dá dtagraítear thuas i measc na 543 chás a bhí ar feitheamh an 31 Nollaig 2023), baineann 13% leis an mbeartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus baineann 9.5% le Státchabhair. Maidir leis na hábhair atá ina n-ábhair speisialtóireachta sa Chúirt Ghinearálta, is ionann maoin intleachtúil agus 18% de na cásanna atá ar feitheamh agus an státseirbhís do 6% de na cásanna sin, atá fós cobhsaí i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.Maidir le foirmíochtaí na Cúirte, baintear úsáid mhéadaithe as an Mór-Dhlísheomra, agus sé chás atá ar feitheamh os comhair an fhoirmithe sin ag deireadh 2023, ar cásanna iad a bhaineann le dhá ghrúpa, ceann amháin a bhaineann leis an gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta agus ceann eile a bhaineann le bearta sriantacha.
III. Buaicphointí na bliana 2023 agus na dearcthaí maidir leo
Lean an Chúirt Ghinearálta a beartas um bainistíocht réamhghníomhach na gcásanna agus ghlac sí céimeanna breise chun na cásanna móra agus grúpaí móra cásanna a láimhseáil ón uair a chláraítear iad. Ba cheart freisin go n-éascódh na bearta sin atosú grúpaí áirithe cásanna a bhí curtha ar fionraí go dtí gur déileáladh le cásanna a sainaithníodh mar cásanna píolótacha. Is iad na cuspóirí atá á saothrú ná na nósanna imeachta sna cásanna is casta a chuíchóiriú agus a bhrostú, ar nósanna imeachta iad a shannfar ar Dhlísheomraí agus ar Bhreithiúna is Rapóirtéirí de réir critéir shonracha, beidh siad faoi réir tráthchlár táscach, a bheidh le hathbhreithniú de réir éabhlóid na n-imeachtaí, agus beidh siad in ann úsáid a bhaint as níos mó acmhainní, chomh maith leis an gcaoi a gcaitheann foireann léitheoireachta na mbreithiúnas (la cellule des lecteurs d’arrêts) agus na seirbhísí aistriúcháin le tosaíocht.
Rinneadh ullmhúcháin le haghaidh aistriú páirteach dlínse maidir le hiarrataí ar réamhrialuithe ar luas seasta le linn na bliana agus leanfar díobh in 2024. Áirítear leo oiriúnú Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chomh maith le rialacha a bhaineann le nós imeachta (Rialacha Nós Imeachta, Rialacha Cleachtais maidir le Cur Chun Feidhme agus téacsanna tánaisteacha). Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an athchóiriú ar na Rialacháin Foirne an 7 Nollaig 2023 agus tá sé deimhnithe ó shin ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Tá dréacht de leasuithe ar a Rialacha Nós Imeachta curtha le chéile ag an gCúirt Ghinearálta, ar leasuithe iad a chuirfear chuig an gComhairle tar éis chomhaontú na Cúirte Breithiúnais go luath in 2024 lena fhormheas. Tá na téacsanna eile, ar ábhar don Chúirt Ghinearálta amháin iad go bunúsach, á n-ullmhú freisin. Lasmuigh de rialacha a bhaineann le nós imeachta a athrú, tá gá le gníomhaíochtaí suntasacha chun struchtúir, modhanna agus sreafaí oibre nó uirlisí TF a oiriúnú, chomh maith le gníomhaíochtaí oiliúna foirne, chun a chur ar chumas na Cúirte Ginearálta agus a Clárlann déileáil go rathúil le teacht na chéad iarrataí ar réamhrialú, atá sceidealaithe don ráithe dheireanach de 2024.
Tá nuachóiriú na seirbhíse ceartais phoiblí, rud a chuireann le héifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh Eorpaigh, i gcroílár ghníomhaíocht na Cúirte Ginearálta freisin. Sa bhreis ar na céimeanna a glacadh sna blianta roimhe sin chun an próiseas breithiúnach ina iomláine a dhigitiú, ó thaisceadh éigeantach doiciméad i bprionsabal trí bhíthin iarratas e-Curia go dtí síniú leictreonach cinntí cúirte, tá obair déanta ag an Institiúid freisin chun córas comhtháite bainistithe cásanna (SIGA) a chruthú agus lena gcuirfear ar chumas na Cúirte Ginearálta teacht na n-imeachtaí réamhrialaithe a bhainistiú in 2024.
IV. Gníomhaíocht Chlárlann na Cúirte Ginearálta: faisnéis maidir lena ghníomhaíocht leanúnach
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíocht leanúnach Chlárlann na Cúirte Ginearálta.
Trasnaíodh roinnt tairseacha agus sáraíodh roinnt curiarrachtaí le linn na bliana:
- Tairseach na 20 000 cás arna gcur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta ó bunaíodh í le clárú Chás T-1148/23 PAN Europe v an Coimisiún, a taisceadh an 8 Nollaig 2023;
- Tairseach na 1 000 cás arna dtíolacadh in aon bhliain amháin (1 271 chás). Níor cuireadh méadú suntasach le hualach oibre fhoirmíochtaí na Cúirte mar thoradh ar comhdú 404 chás chomhionanna, dá dtagraítear thuas, ach bhí tionchar suntasach aige ar ghníomhaíochtaí na Clárlainne, a chláraigh iad, a sheirbheáil iad, a d’fhoilsigh na fógraí san Iris Oifigiúil agus a rinne iad a uamadh;
- Líon níos mó ná riamh de dhoiciméid nós imeachta a liostaítear sa chlár (62 020)
- Líon níos mó ná riamh de phléadálacha i scríbhinn arna dtaisceadh sa Chlárlann (5 264 iarrataí curtha as an áireamh) ;
- An ráta is ísle d’iarratais lenar tionscnaíodh imeachtaí a cuireadh ina gceart, (22.9% i gcomparáid le 31.96% in 2022 agus 41.2% in 2021), toradh a rannchuidigh ní hamháin leis an ngrúpa 404 chás a áireamh, ach le laghdú ar fhoirmiúlachtaí áirithe i ndáil leis na Rialacha Nós Imeachta a leasú chomh maith agus le dáileadh aide-mémoire agus teimpléid tháscacha ar shuíomh gréasáin Curia:
- Shroich líon na leathanach a comhdaíodh trí e-Curia 1 762 453 leathanach le linn na bliana.
Thug an Chlárlann cúnamh do bhreithiúna na Cúirte ag 334 chruinniú de Dhlísheomra (352 in 2022 agus 338 in 2021) agus ag 286 éisteacht.
Ina theannta sin, rinneadh 94% de na doiciméid a thaisceadh i bhfoirm leictreonach trí e-Curia, a ndearnadh a úsáid éigeantach an 1 Nollaig 2018, faoi réir roinnt eisceachtaí. In 2023, b’ionann líon na dtaiscí sin agus beagnach dhá mhilliún leathanach (1 762 453 leathanach). Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbeidh sé éigeantach e-Curia a úsáid in imeachtaí um réamhrialú, ach go spreagfar go láidir é mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis do na cúirteanna náisiúnta, do pháirtithe leasmhara agus don Chúirt Ghinearálta.
