Inrochtaineacht agus cuimsiú
Inrochtaineacht ag an gCúirt
Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chearta daoine faoi mhíchumas a chosaint agus do chóir chomhionann a áirithiú do chách. Leagtar amach na prionsabail sin sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, chuaigh an tAontas isteach ann in 2010 agus ar dlúthchuid de dhlí an Aontais é.
I gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, bhí urraim don chomhionannas agus don neamh-idirdhealú ina bhunluach i gcónaí. Ag an am céanna, is freagracht chomhroinnte i gcónaí é inrochtaineacht agus cuimsiú iomlán a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas, rud a éilíonn iarrachtaí leanúnacha ag gach leibhéal den institiúid.
Chun tacú leis an sprioc sin, tá tionscadal uaillmhianach idir-rannach ag an gCúirt arb é is aidhm dó timpeallacht níos cuimsithí agus níos inrochtana a chothú don fhoireann agus do chuairteoirí. Tá lámh ag gach roinn den institiúid i gcultúr inrochtaineachta agus rannpháirtíochta comhroinnte a choinneáil ar bun agus a fhorbairt.
Cumhdaíonn na bearta atá i bhfeidhm cheana — chomh maith leis na bearta atá á bhforbairt faoi láthair — raon leathan réimsí, lena n-áirítear
- inrochtaineacht dhigiteach
- inrochtaineacht na bhfoirgneamh
- inrochtaineacht maidir le hearcaíocht agus tacaíocht d’fheasacht a mhéadú agus oiliúint i measc na foirne
Inrochtaineacht dhigiteach;
Trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht dhigiteach agus TF, cuidítear le heispéireas níos cuimsithí a chruthú do chách — laistigh den Chúirt agus níos faide i gcéin araon.
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun na caighdeáin is gá a chomhlíonadh maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais. Tá tuilleadh eolais faoi sin le fáil sa dearbhú inrochtaineachta.
Ó 2021, chomhlíon Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais caighdeáin inrochtaineachta aitheanta (A-2-a agus UA (Inrochtaineacht Uilíoch)). Ó 2012 go 2021, chomhlíon na leaganacha pdf caighdeán A-2-a. Áirithítear leis an dá chaighdeán sin gur féidir na doiciméid a úsáid le teicneolaíochtaí cúnta, rud a fheabhsaíonn rochtain ar fhaisnéis dhlíthiúil do phobal níos leithne.
Inrochtaineacht na bhfoirgneamh
Tá an Chúirt lántiomanta a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach cuairteoir ar a foirgnimh.
Comhlíonann na saoráidí uile na ceanglais rialála is infheidhme i Lucsamburg faoi láthair agus tá bearta breise ar bun chun inrochtaineacht a fheabhsú a thuilleadh agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na caighdeáin nua a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2032.
Tá an Chúirt tiomanta do shábháilteacht agus tacaíocht leanúnach do dhaoine faoi mhíchumas a chinntiú le linn dóibh a bheith ar ár n-áitreabh.
Inrochtaineacht maidir le hearcaíocht agus tacaíocht don fhoireann
Tá creat soiléir struchtúrtha i bhfeidhm sa Chúirt chun tacú le baill foirne reatha agus le hiarratasóirí poist faoi mhíchumas araon. Áirítear leis sin coigeartuithe réasúnacha a chur ar fáil chun rochtain ar fhostaíocht a éascú agus chun rannpháirtíocht éifeachtach sa saol gairmiúil sa Chúirt a chumasú.
D’fhéadfadh coigeartuithe a bheith éagsúil ag brath ar riachtanais aonair agus d’fhéadfadh áiseanna teicniúla, modhnuithe ar an timpeallacht oibre, seirbhísí tacaíochta saincheaptha, nó atheagrú cúraimí agus uaireanta oibre a bheith i gceist leo.
San AccessAble Luxembourg Guide, tugtar tuilleadh eolais faoi bheith ag maireachtáil agus ag obair i Lucsamburg do bhaill foirne faoi mhíchumas agus do bhaill foirne ar tuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas iad.
Ina theannta sin, tá clár oiliúna cuimsitheach tiomnaithe ag an gCúirt chun comhdheiseanna agus éagsúlacht a chur chun cinn. Tairgtear poist oiliúna gach seisiún oiliúna, go háirithe d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas aitheanta. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh, féach ár leathanach maidir le tréimhsí oiliúna.
Feasacht a mhéadú agus oiliúint
Déantar tionscnaimh chun feasacht a mhéadú, eolas a chur ar fáil agus oiliúint a thabhairt ar bhonn leanúnach chun cuimsiú, urraim fhrithpháirteach agus comhar éifeachtach a chur chun cinn. Díríonn na hiarrachtaí sin freisin ar thuiscint agus tacaíocht níos fearr a chothú do dhaoine faoi mhíchumas agus dóibh siúd a chuidíonn leo — rud a chuideoidh le cultúr oibre níos eolaí agus níos cuimsithí a chothú.
