Ráiteas Inrochtaineachta

Réamhrá

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tiomanta rochtain chomhionann a chur ar fáil d’úsáideoirí uile ar faisnéis ár suímh gréasáin. Dearadh an suíomh gréasáin seo agus inrochtaineacht ina chroílár. Bainimid úsáid as prionsabail deartha uilíocha lena gcinntítear gur féidir le gach úsáideoir ár suíomh gréasáin a fheiceáil agus a nascleanúint go héifeachtach, gan beann ar an ngléas atá á úsáid acu.

Cloímid leis an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (Treoir (AE) 2016/2102) chun a áirithiú go bhfuil an suíomh gréasáin seo agus na foilseacháin inrochtana do gach úsáideoir, lena n-áirítear úsáideoirí a bhfuil lagú radhairc, éisteachta, cognaíoch nó fisiciúil orthu, chomh maith leo siúd nach bhfuil na teicneolaíochtaí is déanaí acu. Is féidir rochtain a fháil ar ár n-ábhar gréasáin ó chineálacha éagsúla gléasanna ar nós ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine, chomh maith le gléasanna móibíleacha le rochtain ar an idirlíon.

Modhanna comhlíontachta

  • Tá sé mar aidhm againn caighdeán WCAG 2.2, leibhéal AA ar a laghad a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith difriúil i gcás míreanna sonracha má tá údar maith leis ar chúiseanna teicniúla nó praiticiúla.
  • Foilsímid ráiteas inrochtaineachta ar líne.
  • Cuidímid le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh linn chun deacrachtaí inrochtaineachta a thuairisciú.
  • Cuirimid clásail maidir le comhlíonadh inrochtaineachta san áireamh i gconarthaí le soláthraithe seirbhíse le haghaidh forbairt gréasáin agus chun foilseacháin a chur ar fáil.
  • Déanaimid iniúchtaí inrochtaineachta le hacmhainní inmheánacha agus seachtracha.

Stádas comhlíontachta

Tá ár suíomh gréasáin i gcomhréir go páirteach leis na caighdeáin inrochtaineachta dá dtagraítear faoi Threoir (AE) 2016/2102 de bharr na neamhchomhlíontachtaí a liostaítear thíos

Ábhar nach bhfuil inrochtana

Teorainneacha aitheanta:

  • Níl rochtain iomlán ar roinnt comhad pdf níos sine.
  • Ceannteidil, ceannteideal ordlathas agus lipéid: d’fhéadfaí feabhas a chur ar an struchtúr trí lipéad amháin <main> a chur leis chun an príomhábhair a shainiú ar bhealach níos fearr, agus d’fhéadfadh lipéid agus ceannteidil a bheith níos follasaí. D’fhágfadh sé sin go mbeadh sé níos éasca an comhthéacs agus gníomhaíochtaí áirithe a thuiscint.
  • Nascleanúint: ba cheart an nasc léime a léiriú ar bhealach níos soiléire agus a chur in oiriúint do chomhthéacs gach leathanaigh. D’fhéadfaí é a fhorlíonadh freisin le haicearraí méarchláir eile a threoraíonn an t-úsáideoir go tapa chuig limistéir shonracha.
  • Níl fotheidealú ar fhíseáin bheo.
  • Níl cur síos fuaime ar fhíseáin réamhthaifeadta.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 10 Meán Fómhair 2025.

Ullmhaíodh é ar bhonn féinmheasúnú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Táimid ag obair go gníomhach chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suímh gréasáin a mhéadú agus i ndáil leis sin cuirimid fáilte roimh aiseolas uait.

Téigh i dteagmháil linn chun fadhbanna inrochtaineachta a thuairisciú nó moltaí a thabhairt chun inrochtaineacht a fheabhsú. Bí chomh soiléir agus chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go dtuigimid cineál na faidhbe. Má bhaineann do nóta le leathanach ar leith, cuir url an leathanaigh sin i do theachtaireacht.

Féach freisin