Bunachar sonraí cásdlí agus uirlis chuardaigh nua InfoCuria
Sheol Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh InfoCuria nuashonraithe, a bunachar sonraí cásdlí agus inneall cuardaigh.
Leis an ardán nua seo, atá soiléir, iomasach agus soláimhsithe, tá rochtain dhíreach ar dhoiciméid agus sonraí a bhaineann le hobair na Cúirte.
Tríd an inneall cuardaigh nuashonraithe, is féidir le húsáideoirí gach rud a aimsiú ó bhreithiúnais, Tuairimí agus orduithe go doiciméid nós imeachta, achoimrí cáis, agus preaseisiúintí. Chomh maith leis seo, comhtháthaíonn InfoCuria sonraí cúlra úsáideacha, lena n-áirítear aicmithe cásanna, tagairtí do ghníomhartha agus do chinntí a luaitear, agus eochairfhocail a fhágann gur fusa dlí an Aontais a thuiscint agus a fhiosrú.
Cuireann an t-ardán nua eispéireas cuardaigh ar fáil atá cosúil leis na hinnill chuardaigh ghréasáin is mó a úsáidtear, lena gcumhdaítear téacs iomlán agus meiteashonraí doiciméad araon. Le gnéithe amhail moltaí uathoibríocha, neaschuardach, oibreoirí Boole, scagadh, mionchoigeartú torthaí agus téacs aibhsithe, déantar é níos tapúla agus níos éasca an t-eolas ceart a aimsiú.
Déanfar an t-ardán nua seo a nuashonrú go leanúnach agus an Chúirt ag iarraidh feabhas a chur ar an tseirbhís a sholáthraíonn sí. Tá comhéadan le haghaidh cuardach casta atá saincheaptha do ghairmithe dlí á fhorbairt agus seolfar é go luath. Beifear in ann cuardaigh ilchritéar a dhéanamh, lena n-áirítear scagairí de réir na cúirte a rinne an tarchur, cineál na n-imeachtaí, toradh an cháis, comhdhéanamh na Cúirte, agus an tAbhcóide Ginearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir lena mbaineann. Le leaganacha níos déanaí den inneall cuardaigh déanfar inneachar eile a innéacsú ar an suíomh freisin, lena n-áirítear acmhainní luachmhara dlí amhail bileoga eolais, nótaí taighde agus feasacháin mhíosúla.
Tá InfoCuria ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, lena ligtear d’úsáideoirí cuardach agus brabhsáil ina rogha teanga.
Leis an nuachóiriú sin, déanann an Chúirt a cásdlí níos inrochtana agus is fusa a gníomhaíochtaí a leanúint — rud a thugann bealach níos cliste do shaoránaigh, do thaighdeoirí agus do chleachtóirí dlí chun dul i ngleic le dlí agus ceartas an Aontais.
Faigh amach gach a ndéanann an t-inneall cuardaigh nua!
