Suíomh gréasáin nua

Athdhearadh shuíomh gréasáin na Cúirte: rochtain níos éasca ar fhaisnéis shoiléir chuimsitheach.

Is príomhphointe tagartha é an suíomh gréasáin nua-athdheartha seo trína bhféadfaidh na saoránaigh ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin nascadh leis an gCúirt agus lena cuid oibre.

Agus an suíomh á thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin ghréasáin is déanaí, cuireann an t-athchóiriú eispéireas soiléir inrochtana ar fáil do gach cuairteoir — cibé acu gairmithe dlí, taighdeoirí, mic léinn nó saoránaigh ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoin gCúirt. Dírítear ar thrí phríomhathrú:

  1. tá an ailtireacht faisnéise iomasach agus soláimhsithe anois;
  2. rinneadh nuachóiriú ar an dearadh, éascaíodh an nascleanúint agus comhlíontar ardchaighdeáin inrochtaineachta; agus
  3. athscríobhadh an t-ábhar i dteanga shoiléir intuigthe — do shaineolaithe agus do dhaoine nach saineolaithe araon.

Is féidir le cuairteoirí breathnú anois ar an méid seo a leanas:

  • ábhar a bhí ann cheana a ndearnadh uasdátú agus cuíchóiriú air, ó conas cuairt a thabhairt ar an gCúirt go cúrsaí fostaíochta
  • ábhar nua, lena n-áirítear treoir maidir le nósanna imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon, chomh maith le ranna maidir le stair na Cúirte, an tionchar a bhí ag cásdlí na Cúirte ar shaol shaoránaigh an Aontais, agus treoir maidir le conas rochtain a fháil ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí
  • eolas faoin gcaoi a n-oibríonn an Chúirt, faoi na luachanna a threoraíonn í, agus faoina beartais institiúideacha, rud a chuireann ar chumas na saoránach tuiscint níos fearr a fháil ar fheidhmiú inmheánach na Cúirte

Feidhmíonn an suíomh freisin mar thairseach chuig dhá acmhainn thábhachtacha: An bunachar sonraí cásdlí agus inneall cuardaigh athdheartha, InfoCuria , agus ardán closamhairc nua na Cúirte, Curia Web TV.

Ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, cinntíonn suíomh gréasáin Curia gur féidir le saoránaigh ar fud an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis ina dteanga féin. Tá uirlis aistriúcháin uathoibríoch ar fáil d’aon leathanach nach féidir a rochtain i ngach teanga.

Leis na feabhsuithe sin, athdhearbhaítear ar shuíomh gréasáin Curia tiomantas na Cúirte don trédhearcacht agus don oscailteacht mar bhunphrionsabail an Aontais. Tugann sé léargas níos soiléire don phobal ar ról na Cúirte agus rochtain níos éasca ar fhaisnéis faoi chóras breithiúnach an Aontais — rud a chuidíonn leis an gceartas Eorpach a thabhairt níos gaire don phobal.