Rúnaithe Dlí le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Rúnaithe Dlí le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Bunfhaisnéis

Suíomh :
Lucsamburg
Grád :
AD 8-14
Cineál Conartha :
Gníomhaire Sealadach

Leis seo, eisíonn Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Ghinearálta”) glao buan ar iarratais chun bunachar sonraí de roinnt iarratas a bhunú, a bhfhéadfaí a cheadú nuair is gá rúnaithe dlí a earcú mar fhoireann shealadach nó mar fhoireann chúnta ar conradh1 do Chomhaltaí na Cúirte Ginearálta2.

Agus iad ag obair i ndlúthchomhar leis na breithiúna thuasluaite agus faoina maoirseacht, beidh na rúnaithe dlí freagrach as doiciméid a ullmhú a bhaineann le láimhseáil bhreithiúnach cásanna ina gcomhlíonann siad a gcuid dualgas mar rapóirtéir nó mar mheasúnóir.

Chun na dualgais a chomhlíonadh, tá gá leis an méid seo a leanas go háirithe:

  • oiliúint iomlán dlí agus céim ollscoile sa dlí bainte amach ag deireadh na hoiliúna sin;
  • sáreolas ar dhlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gceann amháin nó níos mó de na hábhair a thagann faoi dhlínse na Cúirte Ginearálta, chomh maith le heolas maith ar rialacha nós imeachta agus ar theicnící dlíthíochta;
  • cumas maith chun anailís agus achoimre a dhéanamh ar shaincheisteanna casta dlí;
  • cumas téacsanna dlí a dhréachtú i bhFraincis (is gá leibhéal B2.1 ar a laghad sa Fhraincis)3 ;
  • eolas sásúil ar uirlisí TF agus ar bhunachair sonraí dhlíthiúla;
  • scileanna maithe cumarsáide le hidirghabhálaithe ó réimsí dlí éagsúla agus oscailteacht chultúrtha agus teanga.

Gan bheith riachtanach, beidh an méid seo a leanas ina bhuntáiste don phost atá i gceist:

  • taithí oibre i bpost comhchosúil i gcúirt nó i ngnólacht dlí, i struchtúr rialtais, in institiúid nó i gcomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh;
  • eolas maith ar theangacha oifigiúla eile den Aontas

Chun rúnaithe dlí a fhostú, teastaíonn leibhéal ard infhaighteachta, fíorchumas chun oibriú mar chuid d’fhoireann agus leibhéal ard freagrachta, déine, eagrúcháin agus discréide.

Má tá suim agat in earcaíocht fhéideartha laistigh den Chúirt Ghinearálta agus má mheasann tú go gcomhlíonann tú na riachtanais, is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd EU CV online: https://curia.europa.eu/apply.

Trí iarratas a chur isteach mar fhreagra ar an nglao buan seo ar iarratais, níl aon ráthaíocht ag iarrthóirí go dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh nó go dtairgfear post dóibh leis an gCúirt Ginearálta.

I gcás ina mbeidh folúntas ann, beidh Comhaltaí na Cúirte Ginearálta in ann an bunachar sonraí a cheadú agus an t-iarrthóir a gcomhfhreagraíonn a phróifíl do na ceanglais don phost atá le líonadh a roghnú. Sa chás sin, rachaidh oifig phríobháideach an Chomhalta i dteagmháil go díreach leis an duine lena mbaineann trí ríomhphost nó ar an teileafón.

Leanann na sonraí de bheith gníomhach ar feadh sé mhí nó ar feadh tréimhse níos giorra má scriosann tú do CV ar líne roimh an sprioc-am. Tar éis na tréimhse sin, féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh do shonraí a athghníomhachtú más mian leat go bhfanfaidh do phróifíl sa bhunachar sonraí. Nuair a bheidh tú neamhghníomhach, ní bheidh do phróifíl inchuardaithe a thuilleadh ná ní chuirfear san áireamh í i gcuardach gan ainm agus ní bheidh rochtain uirthi ach amháin agatsa chun í a athghníomhachtú. Tar éis 12 mhí neamhghníomhaíochta, bainfear na sonraí go hiomlán as an mbunachar sonraí.

Tá cuspóir an bhailithe, na socruithe próiseála agus an tréimhse a stóráiltear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí tríd an iarratas seo leagtha amach san fhógra atá i gceangal leis seo.

 

1 Gabhann foireann chúnta ar conradh ionad rúnaithe dlí nach féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh de dheasca breoiteachta nó saoire mháithreachais.

2 D’fhéadfaí oifigeach a thabhairt ar iasacht ar mhaithe leis an tseirbhís. Dá ndéanfaí rúnaí dlí a ionadú ar shaoire bhreoiteachta nó mháithreachais, chuirfí oifigigh ar fáil don oifig lena mbaineann.

3 Cuirtear córas oiliúna agus feabhsúcháin teanga ar fáil ag brath ar leibhéal Fraincise na n-iarrthóirí roghnaithe.

Cad a chuirimid ar fáil

  • Timpeallacht ilchultúrtha
  • Tuarastal tarraingteach agus liúntais
  • Oideachas leanúnach
  • Ionad sláinte
[i]Déan iarratas anois