Forbairtí a dhéanfar go luath ar inneall cuardaigh InfoCuria

Comhéadan níos casta, le foirm chuardaigh ilchritéar, a sheolfar in Earrach 2026.

An 12 Eanáir 2026, sheol Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leagan nua dá hinneall cuardaigh InfoCuria.

Ar úsáideoirí ginearálta atá an t-inneall dírithe, lena gcuirtear ar fáil dóibh uirlis shoiléir iomasach agus aontaithe chun teacht ar chásanna ar feitheamh, chinntí agus Tuairimí, chomh maith le hábhar eagarthóireachta an tsuímh.

Chun freastal ar riachtanais shonracha gairmithe dlí, táthar ag forbairt leagan le comhéadan níos casta, le foirm chuardaigh ilchritéar agus beidh sin ar fáil go luath. Féadfar cuardaigh níos spriocdhírithe a dhéanamh leis an bhfoirm seo bunaithe ar na critéir seo a leanas:

  • Cúirt
  • Stádas an cháis
  • Uimhir an cháis
  • Ainm an cháis
  • Cuardach téacs
  • Dáta a tionscnaíodh nó a dúnadh an cás
  • Cineál agus dáta doiciméid
  • Reachtaíocht nó cásdlí arna lua (gan Uimhir CELEX, ag úsáid bealach níos iomasaí chun an téarma cuardaigh a chur isteach)
  • Foinse na ceiste a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
  • Cineál agus toradh an nós imeachta
  • Teanga an cháis
  • Foirmíocht na Cúirte
  • Breitheamh is rapóirtéir
  • Abhcóide Ginearálta

Beidh an fhoirm ilchritéar seo ar fáil in Earrach 2026.

Cuirfear critéir sa bhreis leis ina dhiaidh sin, amhail:

  • Ábhar
  • Feasachán an chásdlí
  • Forálacha dlí náisiúnta
  • Forálacha dlí idirnáisiúnta
  • Cinntí náisiúnta agus dáta an chinnidh sin
  • Uimhir ECLI
  • Teanga na tuairime
  • Foilsiú sna Tuairiscí

Go luath amach anseo, chun na cuardaigh is fearr a dhéanamh leis an leagan reatha – ina bhfuil roinnt feabhsaithe agus feidhmeanna nua – téigh chuig Ceisteanna Coitianta agus Leideanna don Chuardach

Féach freisin