Nuashonrú InfoCuria

Nuashonruithe InfoCuria is déanaí. Cuireadh nuashonruithe i bhfeidhm agus rinneadh rochtain ar an bhfoirm chuardaigh chasta thraidisiúnta a athbhunú. Tá sraith físeáin teagaisc ar fáil anois freisin chun cabhrú le húsáideoirí leis an aistriú chuig an uirlis nua.

Nuashonruithe agus Cuardach casta

Agus aiseolas ó úsáideoirí á chur san áireamh, rinneadh sraith athruithe le roinnt seachtainí anuas chun eispéireas an úsáideora a fheabhsú. Áirítear leis sin:

  • Tá sórtáil de réir ábharthachta anois mar chritéir shórtála réamhshocraithe sa táib ‘Cásanna’ agus ‘Tuairimí agus cinntí’
  • Rinneadh na roghanna sórtála níos feiceálaí i leathanaigh na dtorthaí agus san fhoirm chuardaigh ar an leathanach baile
  • Rinneadh formáidiú na ndoiciméad san fhuinneog réamhamhairc a fheabhsú.
  • Is féidir breithiúnais lánscáileáin a phriontáil níos éasca anois mar dhoiciméid pdf.
  • Rinneadh an fhadhb i leith cóipeáil agus greamaigh ó dhoiciméid áirithe a réiteach.

Ina theannta sin, cuireadh an fhoirm chuardaigh thraidisiúnta ar fáil an 23 Feabhra agus is féidir rochtain a fháil uirthi tríd an gcnaipe ‘Cuardach casta’ i gcomhéadan InfoCuria.

Físeáin teagaisc

Tá sraith físeáin teagaisc ar fáil anois freisin.

Tugann na sé fhíseán teagaisc forléargas ar an gcomhéadan cuardaigh nua agus taispeánann siad conas:

  • Cuardach a dhéanamh ar chás ag úsáid uimhir an cháis
  • Cuardach a dhéanamh ar chásanna ar ábhar sonrach
  • Cuardach a dhéanamh sna cásanna ar feitheamh
  • Cuardach a dhéanamh ar chásanna faoi fhoráil dlí shonrach
  • Cuardach a dhéanamh ag úsáid an fheidhm cuardaigh téacs.

Tá na físeáin ar fáil sa rannóg ‘físeáin teagaisc’ de Curia Web TV.

Faoi láthair, tá na físeáin teagaisc seo ar fail trí Bhéarla amháin. Cuirfear tuilleadh leaganacha teanga leis sna laethanta amach romhainn de réir mar a bheidh siad ar fáil.

Ba mhaith leis an gCúirt buíochas a ghabháil leis na húsáideoirí go léir a sholáthair aiseolas le roinnt seachtainí anuas. Áirítear leis sin riachtanais shonracha agus moltaí eirgeanamaíochta. Is táirge éabhlóideach é InfoCuria agus beidh ár gcéad leagan eile ar fáil san Earrach, le haghaidh tuilleadh eolais féach Forbairtí a dhéanfar go luath ar inneall cuardaigh InfoCuria.

Féach freisin