Staitisticí breithiúnacha na Cúirte Ginearálta - 2025

Bliain dhian tháirgiúil

 

Bliain dhian ab ea 2025 don Chúirt Ghinearálta ar go leor bealaí.

Ar dtús, ba bhliain athnuachana í: I mí an Mheithimh, tháinig beirt bhreithiúna nua isteach sa Chúirt Ghinearálta chun folúntais a tháinig chun cinn i mí Dheireadh Fómhair 2024 a líonadh, ansin, i mí Mheán Fómhair, d'fhág ceathrar breithiúna an Chúirt Ghinearálta agus tháinig triúr breithiúna nua isteach le téarmaí sé bliana. Cuireadh leis seo folúntas leis an bhfolúntas amháin a d'fhan gan líonadh ó mhí Dheireadh Fómhair 2024. Ní raibh an Chúirt Ghinearálta, atá comhdhéanta go teoiriciúil de 54 bhreitheamh, ag a neart iomlán, le foireann laghdaithe go 51 bhreitheamh go dtí mí an Mheithimh, 53 bhreitheamh ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair agus 52 bhreitheamh ó mhí Mheán Fómhair i leith.

Mar sin féin, in ainneoin a foirne laghdaithe, dhún an Chúirt Ghinearálta an líon is mó cásanna ná riamh roimhe i mbliain fhéilire amháin. In ainneoin an lín is mó cásanna riamh a  tugadh os a comhair, laghdaigh sí a riaráiste cásanna ar feitheamh go dtí an leibhéal is ísle le 18 mbliana anuas. Le coigeartú staitistiúil lena gcuirtear san áireamh breithiúnais amháin arna dtabhairt ar 404 chás uamtha, laghdaíodh meánfhad na n-imeachtaí go suntasach.

Ar deireadh, i gcás iarrataí ar réamhrialú atá faoi dhlínse na Cúirte Ginearálta ó Dheireadh Fómhair 2024, thug an Chúirt Ghinearálta a céad bhreithiúnais i rith na bliana agus chuir na hAbhcóidí Ginearálta a gcéad tuairimí i láthair. Fuair an Chúirt Ghinearálta líon suntasach d’iarrataí ar réamhrialú agus d'oiriúnaigh sí a heagrú sa réimse seo trí dhá dhlísheomra speisialaithe a chruthú in áit an dlísheomra réamhrialaithe a bunaíodh ar bhonn idirthréimhseach go dtí Meán Fómhair 2025.

Breathnaímis anois níos géire ar an mbliain seo a sháraigh gach curiarracht.

 

Cásanna a tugadh: ardú géar

Léiríonn na figiúirí don bhliain 2025 go raibh baint ag cúiseanna timthriallacha leis an laghdú stairiúil i líon na gcásanna a tugadh isteach in 2024 (786 chás nua).

Le 989 gcás tugtha ós a comhair agus méadú 26% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, tá an Chúirt Ghinearálta tagtha ar an leibhéal is airde cásanna nua ná riamh roimhe. Fiú má fhágtar ar leataobh an 65 iarraidh ar réamhrialú a rinneadh sna hábhair a aistríodh chuig an gCúirt Ghinearálta, tá an figiúr de 924 chaingean dhíreacha agus nós imeachta speisialta níos mó ná an figiúr le cúig bliana anuas. [1]

Is é 2025 an chéad bhliain iomlán ó leasú Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, lenar aistríodh an dlínse a fheidhmíonn an Chúirt Breithiúnas i gcúrsaí réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta in ábhair shonracha áirithe.

Cuireadh 65 iarraidh ar réamhrialú faoi bhráid na Cúirte Ginearálta i gcúrsaí a thagann faoina dlínse: Baineann 24 díobh sin leis an gcomhchóras cánach breisluacha, 18 maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear seirbhísí iompair ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill orthu, ocht gcinn maidir leis an gCód Custaim, seacht gcinn maidir le dleacht mháil, seacht gcinn maidir le haicmiú taraife earraí san Ainmníocht Chomhcheangailte agus ceann amháin maidir leis an gcóras trádála lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa. Tá an líon seo níos ísle ná na meastacháin a rinneadh tráth na hiarrata reachtaí, cé nár sheas an Chúirt Bhreithiúnais le mórán cásanna a thagann faoi na hábhair shonracha sin ar deireadh ar an bhforas gur bhain siad freisin le réimse amháin nó níos mó seachas na réimsí dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 50b den Reacht nó gur ardaigh siad ceisteanna neamhspleácha maidir le léiriú an dlí phríomha, an dlí idirnáisiúnta poiblí, phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh nó na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh Is fiú a thabhairt faoi deara, as 76 chás a cuireadh faoi bhráid an chórais ‘one-stop shop’ in 2025, nár tugadh ach naoi gcinn os comhair na Cúirte Ginearálta agus gur díbheadh do dhá cheann ‘gan gníomh breise’.

Tháinig iarrataí ar réamhrialú ó 17 mBallstát éagsúla, cé gurbh í an Ghearmáin, le 21 tharchur, ba mhó a chuir leis an iomlán, agus an Ostair agus an Pholainn ina diaidh sin, le seacht dtarchur an ceann, agus an Bhulgáir le sé cinn. Is díol suntais é gur tharchuir 13 Chúirt Uachtaracha ar a laghad ó 13 Bhallstát éagsúla iarrataí a tháinig laistigh de dhlínse na Cúirte Ginearálta.

Maidir le caingne díreacha, tháinig laghdú beag ar líon na gcásanna a tionscnaíodh i ndáil le dlíthíocht maidir le cearta maoine intleachtúla (257 i gcomparáid le 268 in 2024, i.e. -4 %). Ba chóir a thabhairt faoi deara gur tháinig méadú (+4.6%) ar líon na n-achomharc chuig Boird Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), méadú a cuireadh ar comhshlándú i ndáiríre ag laghdú ar líon na gcinntí a d'eisigh na Boird chéanna sin (-4.9%). Tá an ráta achomhairc os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne cinntí a d'eisigh Boird Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) thart ar 10%, atá seasmhach i gcomparáid le blianta roimhe seo. Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcuntasann an t-ábhar seo, atá sannta do sheacht nDlísheomra ar leith den Chúirt Ghinearálta ó 22 Meán Fómhair 2025, beagnach 26% de na cásanna a tionscnaíodh in 2025. Díobh seo, bhain 236 le trádmharcanna agus bhain 19 le dearthaí. Tugadh dhá chás chun cinn i réimse na bpoirceall plandaí i gcoinne cinntí a ghlac an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO). Bhain formhór (82%) de na cásanna sin le páirtithe in imeachtaí os comhair na mBord Achomhairc (cásanna inter partes).

Léirítear méadú suntasach i gcásanna i réimse na seirbhíse sibhialta, a tugadh isteach in 2025 faoi Airteagal 270 CFAE (109 gcás i gcomparáid le 76 chás in 2024, i.e. +43 %). Is ionann an t-ábhar seo, atá sannta do thrí dhlísheomra ar leith den Chúirt Ghinearálta ón 22 Meán Fómhair 2025, agus 11% de na cásanna go léir a tionscnaíodh in 2025. Ba cheart 15 achomharc a chur leis na 109 n-achomharc sin, ar achomhairc iad, chun críocha a sannta do na trí dhlísheomra sin, a thagann faoi raon feidhme ‘Seirbhís Shibhialta +’ de bhua sainmhíniú nua ar chásanna i réimse na seirbhíse sibhialta, [2] nach bhfuil teoranta d’ achomhairc arna dtionscnamh faoi Airteagal 270 CFAE amháin.

I réimse na Státchabhrach, tá méadú de cheithre chás ar líon na gcásanna a tionscnaíodh in 2025 i gcomparáid le 2024 (27 gcás), agus é sin i bhfad níos ísle ná na leibhéil arda a bhí ag an gCúirt Ghinearálta san am atá caite. Ar deireadh, amhail in 2023 agus in 2024, is beag cás iomaíochta a bhí ann, agus 12 chás nua ann in 2025.

Lean díospóireacht dlíthiúil maidir le bearta sriantacha ag cothú ghníomhaíocht na Cúirte Ginéaralta, le 105 chás nua tugtha isteach in 2025 (i gcomparáid le 63 in 2024). Tá an cion den sórt sin dlíthíochta níos mó fós nuair a chuirtear san áireamh, i gcásanna áirithe, in ionad caingean nua a thionscnamh, go ndéanann iarratasóirí dúshlán beart sriantach nua i gcomhthéacs caingní ar feitheamh trí leasú a chomhdú ar a n-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Baineann formhór mór na gcásanna nua sa réimse seo (84 as 105) leis an tsraith bearta sriantacha a ghlac an tAontas i gcomhthéacs an chogaidh atá á throid ag Cónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, lena n-áirítear mar gheall ar rannpháirtíocht na Bealarúise, an staid i bPoblacht na Moldáive, tacaíocht mhíleata na hIaráine don Rúis agus a gníomhaíochtaí díchothromaíochta atá dírithe ar an Aontas Eorpach nó ar a Bhallstáit. Baineann na cásanna eile sa chás sin leis na cásanna i bPoblacht Arabach na Siria (12 achomharc), i bPoblacht na Túinéise (dhá achomharc), i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (sé achomharc) agus sa Libia (achomharc amháin). Taisceadh formhór na n-achomharc sin i mBéarla (57 n-achomharc) agus i bhFraincis (37 n-achomharc).

Leanann cásanna a bhaineann le beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, réimse a chuimsíonn inter alia dlí baincéireachta, ag laghdú go géar (12 achomharc taiscthe agus cás amháin tarchurtha in 2025, i gcomparáid le 33 chás taiscthe in 2024 agus 56 in 2023). Baineann ceithre chás le hathghlacadh an chinnidh maidir le ranníocaíochtaí ex ante chuig an gCiste Réitigh Aonair don bhliain 2021, baineann trí chás nua agus an cás tarchurtha le glacadh le cinntí maoirseachta stuamachta, baineann dhá chás le cinntí ón mBord Aonair Réitigh chun imeachtaí réitigh a thionscnamh, agus baineann cás amháin le mainneachtain líomhnaithe an Choimisiúin a oibleagáid a chomhlíonadh lena chinntiú go bhfuil an dlí náisiúnta ag teacht le dlí airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh. Ar deireadh, tionscnaíodh dhá achomharc i gcoinne chinneadh na Comhairle maidir le glacadh an euro ag an mBulgáir an 1 Eanáir 2026 agus na rialacháin ghaolmhara, lena n-áirítear an t-achomharc maidir leis an ráta malairte idir an euro agus an lev Bulgárach.

Taisceadh seacht gcás in 2025 maidir le rialáil margaí agus na seirbhísí digiteacha. Baineann trí chás leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (AE) 2022/2065 (i mBéarla: Digital Services Act, DSA) agus baineann siad le méid na táille maoirseachta. Baineann ceithre chás leis an nGníomh um Margaí Digiteacha (AE) 2022/1925 (i mBéarla: Digital Markets Act, DMA). Iarrtar in dhá cheann de na cásanna sin cinntí an Choimisiúin ina sonraítear na bearta a bhí le cur i bhfeidhm ag an oibreoir ina cháil mar gheatóir a chur ar neamhní, agus iarrtar sa dá chás eile cinntí ina bhfuarthas neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar gheatóirí a chur ar neamhní.

Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le cásanna práinneacha, d’fhan líon na n-iarratas ar bhearta eatramhacha cobhsaí in 2025, thart ar mheánleibhéal na 10 mbliana seo caite, agus taisceadh 40 iarratas.

 

Gníomhaíocht na Cúirte Ginearálta: bliain bhuaice

Ba é 1527 líon comhlán na gcásanna a dúnadh in 2025, ach má áirítear mar aonad aonair na 404 chás, arb ionann iad go bunúsach, a tugadh i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus a dúnadh i mí na Nollag 2025 (T-620/23 go T-1023/23), dúnadh 1124 chás fós. Is é seo an leibhéal is airde i stair na Cúirte Ginearálta, i bhfad níos airde ná an churiarracht roimhe seo de 1,009 gcás a dúnadh in 2018. Ar an mbonn sin, is ionann an méadú i gcomparáid leis an 922 chás a dúnadh in 2024 agus thart ar 22%.

In ainneoin an lín mhóir de chásanna a leithéidí nach raibh ann riamh, tá an Chúirt Ghinearálta tar éis a riaráiste cásanna ar feitheamh a laghdú go 1167, an leibhéal is ísle ó 2007. Seasann an ráta réitigh (‘clearance rate’), a aistrítear mar chéatadán den chóimheas idir cásanna dúnta agus cásanna tionscnaithe, ag 154 i bhfigiúirí amha agus, gan na 404 chás a luadh thuas a áireamh, ag 114. Leis an gcoigeartú staitistiúil céanna, is é 379 lá an t-am diúscartha teoiriciúil, atá bunaithe ar an gcóimheas idir cásanna ar feitheamh (‘disposition time’) agus cásanna dúnta, an t-am is ísle i stair na Cúirte Ginearálta. I bhfianaise fhad na n-imeachtaí scríofa agus, in go leor cásanna, an t-am a theastaíonn chun aistriúcháin a fháil ar dhoiciméid nós imeachta, ciallaíonn sé seo go bhfuil an Chúirt Ghinearálta anois in ann déileáil leis an gcuid is mó de na cásanna a luaithe is a bhíonn siad réidh, gan bheith orthu cásanna riaráiste a scrúdú ar dtús. Ciallaíonn sé freisin, ag obair ar bhonn leanúnach, go mbeidh sé deacair an oiread cásanna a dhúnadh in 2026.

Mar thoradh ar iarrachtaí chomhaltaí agus fhoireann na Cúirte Ginearálta, le tacaíocht ó fhoireann na hinstitiúide, tá laghdú an-suntasach tagtha ar fhad na n-imeachtaí. Ní léiríonn an figiúr lom de 18.9 mí an fheabhsú seo de bharr mheáchan staitistiúil na 404 chás a luadh thuas, a bhí go bunúsach comhionann agus a thóg níos mó ama ná an meán chun iad a chur i gcrích, ach má áirítear na cásanna seo mar aon chás amháin, thit meánfhad na n-imeachtaí ó 18.5 go 16 mhí.

Tugtar faoi deara an méid seo a leanas:

  • is é 35.6 % céatadán na gcásanna arna socrú ag painéil de chúigear breithiúna, lena n-áirítear an Dlísheomra réamhrialaithe, i sonraí loma, ach, tar éis coigeartaithe staitistiúla do na 404 chás chomhionanna, 12.5 %, síos ó 2024 (20.2%) agus 2023 (13.6%);

 

  • chuir foirmíochtaí de thriúr breithiúna clabhsúr ar 60.8 % de na cásanna, ag ardú go 82.7 % i bhfigiúirí ceartaithe, i gcomparáid le 75.4 % in 2024;

 

  • chuir an Mór-Dhlísheomra clabhsúr ar dhá chás, a bhí comhdhéanta de 15 bhreitheamh, agus, den chéad uair, chuir an dlísheomra de mhéid idirmheánach a bunaíodh in 2024 dhá chás díobh, a bhí comhdhéanta de naonúr breithiúna;

 

  • níor chinn breitheamh aonair aon chás, i gcomparáid le ceithre chás in 2024 agus naoi gcás in 2023;

 

  • dúnadh 39 n-iarratas ar bhearta eatramhacha in 2025, leibhéil atá gar do leibhéil na mblianta roimhe sin (42 in 2024 agus 40 in 2023);

 

  • dúnadh 60.4% de na cásanna a dúnadh in 2025 le breithiúnas, céatadán a thiteann go 46.2% nuair a dhéantar coigeartú air chun cuntas a thabhairt ar 404 chás atá beagnach mar an gcéanna. Dúnadh 78.4% de na cásanna a dúnadh le breithiúnas le héisteacht, céatadán ba chóir a laghdú go 61.7% nuair a dhéantar coigeartú air.

 

Thit líon na n-éisteachtai in 2025 go 232 (286 éisteacht in 2024, 286 in 2023) in 689 gcás pléatáilte (300 in 2024 agus 419 in 2023).

Tionóladh trí éisteacht trí fhíschomhdháil in 2025 (dhá cheann in 2024 agus níor tionóladh aon cheann in 2023).

Is cosúil go bhfuil sé úsáideach sonraí áirithe a aibhsiú maidir le próiseáil iarrataí ar réamhrialú a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, a bhfuil dlínse aici ar chásanna a tionscnaíodh tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2024. Sa bhliain 2025, dhún an Chúirt Ghinearálta 16 cás, 11 cinn le hordú agus cúig cinn le breithiúnas, fad is a d'eisigh an bheirt bhreithiúna a toghadh mar chomhaltaí chun gníomhú mar Abhcóidí Ginearálta sna cásanna sin sé thuairim. Ba é meánfhad na n-imeachtaí 6.2 mí, rud a mhínítear le fad gearr imeachtaí áirithe inar tharraing an chúirt a rinne an tarchur a hiarraidh siar go tapa. I gcásanna a socraíodh le breithiúnas, ba é 10.9 mí an meánfhad a bhí ar na himeachtaí, figiúr atá an-íseal fós fiú má chuirtear san áireamh gur tugadh na cúig bhreithiúnas sin ar aird gan éisteacht agus gan tuairim.

As na 1167 gcás a bhí ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta an 31 Nollaig 2025, bhain 276 (23.7 %) díobh le maoin intleachtúil, 125 (10.7 %) le bearta sriantacha, 164 (14.1 %) leis na cásanna i réimse na seirbhíse sibhialta + agus 88 (7.5 %) leis an dlí institiúideach. Lasmuigh de na réimsí seo, a léiríonn thart ar leath de na cásanna atá ar feitheamh, thit na cásanna atá fágtha laistigh de raon leathan réimsí, rud a léiríonn tuilleadh an speictream leathan ábhar a tugadh os comhair na Cúirte.

Mar fhocal scoir, tá torthaí dearfacha bainte amach ag an gCúirt Ghinearálta i ndiaidh a céad bhliain oibre ó tháinig an leasú a bhain le haistriú dlínse chun réamhrialú i leith ábhair áirithe i bhfeidhm. Trí na bearta eagraíochtúla agus institiúideacha atá curtha i bhfeidhm aici agus a luas leanúnach oibre, léiríonn sí a freagrúlacht agus a cumas réamh-mheas a dhéanamh ar riachtanais chun a chinntiú go láimhseáiltear go héifeachtúil na cásanna laistigh dá dlínse.

 

 

[1] Chun críocha na dtráchtaí seo, measítear gur cás amháin atá sa tsraith de 404 chás sa Spáinnis atá go bunúsach comhionann (T‑620/23 go T‑1023/23), a tionscnaíodh in 2023 agus a dúnadh in 2025.

[2] Ón 23 Meán Fómhair 2023, is cásanna iad seo a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta idir an tAontas Eorpach agus a chuid foirne, agus ón 22 Meán Fómhair 2025, leathnaíodh é seo chuig cásanna a eascraíonn as an gcaidreamh idir institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus a gcomhaltaí nó a iar-chomhaltaí, chomh maith le daoine a bhfuil sainordú acu laistigh de na hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí sin den Aontas nó a raibh a leithéid acu.