Staitisticí breithiúnacha Chúirt Bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh - 2025

Cásanna a tugadh isteach

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, tháinig líon mór cásanna nua isteach le bliain anuas, ós rud é gur iontráladh 889 gcás sa chlár in 2025. Is cosúil go léiríonn an figiúr sin laghdú beag i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (2024), inar iontráladh 920 cás i gclár na Clárlainne, ach má chuirtear san áireamh na 65 iarraidh ar réamhrialú a taisceadh sa Chúirt Bhreithiúnais in 2025 agus a tarchuireadh chuig an gCúirt Ghinearálta, tar éis na réamhanailíse dá dtagraítear in Airteagal 93a de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, tugadh 954 chás san iomlán os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2025, líon atá an-ghar don uasmhéid a baineadh amach in 2019, nuair a cláraíodh 966 chás os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Trí scrúdú níos dlúithe a dhéanamh ar mhiondealú cásanna a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2025, ní nach ionadh, baineann iarrataí ar réamhrialú leis an gcuid is mó de na cásanna nua sin. Sa bhreis ar na 65 chás thuasluaite, a tarchuireadh chuig an gCúirt Ghinearálta sa mhéid is gur tháinig siad go heisiach faoi cheann amháin nó níos mó de na sé ábhar shonracha a shainaithnítear in Airteagal 50b den Reacht, iontráladh 580 iarraidh nua ar réamhrialú sa chlár in 2025. Is é seo an líon is airde le cúig bliana anuas.

Mar a tharla in 2024, tháinig iarrataí ar réamhrialú in 2025 ó bheagnach gach Ballstát, agus rinne cúirteanna agus binsí na hIodáile líon suntasach iarrataí ar réamhrialú (110 iarraidh, ar taisceadh leath díobh i mí Feabhra 2025 amháin) agus cúirteanna agus binsí na Polainne (63 iarraidh, an líon is airde ó aontachas na tíre leis an Aontas Eorpach in 2004).

Mínítear an líon ard tarchur a rinne cúirteanna na hIodáile, den chuid is mó, leis na ceisteanna a d’ardaigh na cúirteanna sin – a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar insreabhadh ollmhór caingne arna dtionscnamh ag náisiúnaigh tríú tír i gcoinne bearta aistrithe arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta – a bhaineann le léiriú fhorálacha Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar agus, go háirithe, leis an léiriú atá le tabhairt ar an gcoincheap ‘tír shábháilte thionscnaimh’ [1].

Maidir leis na tarchuir a rinne cúirteanna agus binsí na Polainne, ba é réimse na cosanta tomhaltóirí go príomha a tharraing aird na gcúirteanna sin, ós rud é gur bhain níos mó ná leath de na hiarrataí ar réamhrialú a chuir cúirteanna agus binsí na Polainne faoi bhráid na Cúirte in 2025 maidir le léiriú ar fhorálacha Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí [2], nó ar Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí [3].

Cé go raibh líon na n-iarrataí ar réamhrialú a rinne cúirteanna agus binsí na hIodáile agus na Polainne in 2025 an-ard, d’fhan líon na n-iarrataí de thionscnamh na Gearmáine agus na Fraince ar leibhéal an-íseal, gan ach 61 iarraidh agus 17 n-iarraidh, faoi seach. Cé go bhfuil líon na dtarchur a rinne cúirteanna agus binsí na Fraince ar cheann de na cinn is ísle a taifeadadh le 20 bliain anuas, ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, maidir leis na tarchuir a rinne cúirteanna agus binsí na Gearmáine, go mbaineann go leor acu go sainráite leis na réimsí sonracha inar aistríodh dlínse chun réamhrialuithe a thabhairt chuig an gCúirt Ghinearálta, go háirithe an comhchóras cánach breisluacha agus cúitimh agus cúnaimh do phaisinéirí i gcás ina ndiúltaítear cead bordála dóibh nó moill ar sheirbhísí iompair nó cealú seirbhísí iompair nó i gcás ina gcuirtear na seirbhísí sin ar ceal. Dá bhrí sin, ní mór níos mó ná 20 iarratas arna dtaisceadh sa Chúirt Bhreithiúnais agus arna aistríodh chuig an gCúirt Ghinearálta ar chúiseanna dlínse a chur leis na 61 iarratas a ndéileálfaidh an Chúirt Bhreithiúnais féin leo.

Seachas na tarchuir ó na ceithre Stát thuasluaite, tabharfar faoi deara leibhéal leanúnach na n-iarrataí ar réamhrialú a rinne cúirteanna agus binsí na hOstaire agus na Bulgáire le 47 dtarchur agus 42 tharchur faoi seach in 2025, chomh maith leis an gcéad tarchur a rinne cúirt de chuid na Ríochta Aontaithe ó himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus ó dhul in éag na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020. Ar bhonn Airteagal 158(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [4], chuir an Ard-Chúirt Bhreithiúnais (Rannán Binse an Rí) an iarraidh ar réamhrialú isteach an 24 Deireadh Fómhair 2025 agus baineann sí le léiriú Airteagal 17(2) den chomhaontú thuasluaite, maidir leis na cearta a bhaineann le cónaí agus le cead cónaithe a dheonaítear do bhaill teaghlaigh chleithiúnacha saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe [5].

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, b’ionann achomhairc a tugadh i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta agus caingne díreacha, go huimhriúil, agus an dara agus an tríú catagóir de chásanna a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2025. Le 245 chás, tháinig laghdú beag ar achomhairc, ar achomhairc idirlinne agus ar achomhairc ar idirghabháil i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, ina raibh 277 gcás le gach catagóir, cé gur tháinig méadú beag ar chaingne díreacha. Chomh maith le roinnt caingne le haghaidh neamhniú agus caingean amháin le haghaidh damáistí, tugadh 50 caingean mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh os comhair na Cúirte in 2025. Baineann siad le thart ar 20 Ballstát maidir le hábhair atá chomh héagsúil le cosaint an chomhshaoil – de gach cineál (cáilíocht an aeir, cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, cóireáil fuíolluisce uirbigh, bainistiú dramhaíola, cosc agus laghdú na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le neamhchosaint ar thorann, caomhnú gnáthóg nádúrtha...) –, beartas sóisialta agus mí-úsáid conarthaí téarma shocraithe a chomhrac, chomh maith le hiompar, cánachas agus saorghluaiseacht caipitil. Dá bhrí sin, i mí an Mhárta 2025, thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí i gcoinne sé Bhallstát ar leith toisc nár ghlac nó nár thug na Stáit fógra maidir leis na bearta is gá chun Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE a chomhlíonadh.

Ar deireadh, is cinnte go mbeadh an forléargas sin ar na cásanna a tugadh neamhiomlán mura ndéanfaí tagairt don iarraidh ar thuairim arna thíolacadh ag an gCoimisiún Eorpach an 21 Samhain 2025 maidir le comhoiriúnacht an dréacht-chomhaontaithe athbhreithnithe leis na Conarthaí maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950. Cuireadh an iarraidh sin isteach de bhun Airteagal 218(11) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tar éis dhá iarratas a rinneadh roimhe sin ar an ábhar céanna a cuireadh isteach, faoi seach, i mí Aibreáin 1994 agus i mí Iúil 2013, ar tháinig deireadh leis an gcéad cheann acu le cinneadh nach raibh aon inniúlacht ag an gComhphobal aontú don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [6] agus, an dara ceann le cinneadh nach raibh an dréacht-chomhaontú maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná le Prótacal Uimh. 8 maidir leis an Airteagal sin [7]. Baineann an iarraidh seo ar thuairim (1/25) go sonrach leis an téacs a d’eascair as an gcaibidlíocht a tionóladh tar éis an fhógra neamh-chomhoiriúnachta sin.

Chun deireadh a chur leis an bhforléargas gairid seo ar na cásanna a tugadh, bhí iarraidh ar imeachtaí brostaithe ag gabháil le sciar suntasach díobh, ós rud é gur tíolacadh iarraidh nó togra chun an nós imeachta brostaithe nó an nós imeachta práinne a chur i bhfeidhm in 88 gcás ar a laghad, arb ionann é agus 10 % de na cásanna uile a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2025. Cuireadh an nós imeachta práinne um réamhrialú i bhfeidhm mar sin i gceithre chás le bliain anuas [8], cé gur deonaíodh dhá iarratas ar an nós imeachta brostaithe [9] agus gur thionscain an tUachtarán féin an nós imeachta sin i gcás íogair a bhaineann leis an léiriú ar airteagail de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin [10].

 

Cásanna ar cuireadh clabhsúr orthu

Cé gur taisceadh líon ard cásanna sa Chúirt Bhreithiúnais in 2025, bhí dianghníomhaíocht bhreithiúnach i gceist le bliain anuas freisin ós rud é gur dhún sí 774 chás, figiúr atá sách gar do líon na mblianta roimhe sin (cuireadh clabhsúr le 792 chás in 2020, 772 chás in 2021, 808 gcás in 2022 agus 783 chás in 2023). Is fíor go bhfuil an líon sin i bhfad níos ísle ná líon na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu in 2024 (862 chás), ach mar gheall ar athnuachan pháirteach ar chomhdhéanamh na Cúirte an bhliain sin agus an gá, dá bhrí sin, clabhsúr a chur le líon suntasach cásanna roimh imeacht na mbreithiúna a raibh deireadh tagtha lena dtéarma oifige.

Thairis sin, bhí Coláiste na mbreithiúna fós neamhiomlán agus é seo á scríobh, ós rud é nár cuireadh breitheamh eile in ionad breitheamh amháin a d’fhág an Chúirt i mí Feabhra 2024, cé nár cuireadh breitheamh eile in ionad breitheamh eile, a fuair bás le linn a théarma oifige i mí an Mheithimh 2024, ach bliain amháin ina dhiaidh sin, i mí an Mheithimh 2025. Níl neart ag an gCúirt ar thosca den sórt sin, ach is cinnte go mbíonn tionchar acu ar tháirgiúlacht na cúirte.

Léiriú dílis is ea é ar a sciar sna cásanna a tugadh os comhair na Cúirte, ní nach ionadh, gurb ionann tarchuir chun réamhrialú agus achomhairc agus formhór na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu, ós rud é gur shocraigh an Chúirt 561 chás réamhrialaithe agus 156 achomharc in 2025, arb ionann iad agus níos mó ná 92 % d’iomlán na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu anuraidh.

Mar a tharla i mblianta roimhe seo, ba iad breithiúnais an príomhbhealach arís chun clabhsúr a chur ar chásanna in 2025. Dá bhrí sin, tugadh 447 mbreithiúnas le bliain anuas, ach b’ionann orduithe a chuir deireadh le himeachtaí seachas trí bhaint ón gclár, tarchur chuig an gCúirt Ghinearálta nó cás nach dtéann ar aghaidh chuig breithiúnas agus níos lú ná 20 % de na cásanna ar cuireadh clabhsúr orthu. Bhí líon na n-orduithe sin (116), áfach, níos airde go comhréireach i gcás achomharc ná i gcás tarchuir chun réamhrialú. Cé nach raibh sna horduithe arna nglacadh ar bhonn Airteagail 53 agus/nó 99 de na Rialacha Nós Imeachta ach 12 % de na cásanna réamhrialaithe ar cuireadh clabhsúr orthu in 2025, b’ionann orduithe arna nglacadh ar bhonn Airteagail 170a agus 170b nó ar bhonn Airteagail 181 nó 182 de na Rialacha Nós Imeachta agus 35 % de na hachomhairc uile ar cuireadh clabhsúr orthu anuraidh.

A mhéid a bhaineann leis na hachomhairc ar chuir an Chúirt Bhreithiúnais clabhsúr leo in 2025, go háirithe an laghdú ar ráta neamhnithe chinntí na Cúirte Ginearálta. Cé gur shroich an ráta sin thart ar 20 % in 2022, 2023 agus 2024, thit sé arís go 15 % in 2025. As na 156 achomharc ar cuireadh clabhsúr orthu anuraidh, níor cuireadh an breithiúnas nó an t-ordú faoi achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais ar ceal ach i gcás 24 dóibh. I bhformhór na gcásanna sin (19), tharchuir an Chúirt Bhreithiúnais an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Go sonrach, maidir le gníomhaíocht an Dlísheomra lena gcinntear an féidir dul ar aghaidh le hachomhairc, ceadaíodh do dhá achomharc dul ar aghaidh le bliain anuas, lena n-áirítear an chéad achomharc a thagann faoi raon feidhme nua Airteagal 58a den Reacht, tar éis athchóiriú reachtach 2024. Baineann an cás sin le hachomharc arna dhéanamh i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta maidir le comhlíonadh conartha ina bhfuil clásal eadrána de réir bhrí Airteagal 272 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Taisceadh an t-achomharc i mí na Nollag 2024 agus ceadaíodh dó dul ar aghaidh go páirteach an 29 Aibreán 2025 agus tá sé ar feitheamh faoi láthair os comhair na Cúirte [11].

Léiríonn scrúdú ar na sonraí maidir leis an mbealach a cuireadh clabhsúr ar chásanna gur tháinig laghdú ar líon agus ar chéatadán na gcásanna le Tuairim le bliain anuas. In 2025, bhain 239 gcás ar cuireadh clabhsúr orthu tairbhe, dá bhrí sin, as an tsoiléireacht a cuireadh ar fáil le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta – arb ionann é agus 31 % de líon iomlán na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu in 2025 – cé gurbh é 336 chás in 2024 agus 283 chás in 2023, arb ionann iad, faoi seach, agus 39 agus 36 % de líon iomlán na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu sna blianta sin. D’fhéadfaí an laghdú sin a mhíniú, go páirteach, leis an aistriú dlínse réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta, a n-iarrtar uirthi anois, ar a huain, úsáid a bhaint as Tuairim Abhcóide Ghinearálta chun breith a thabhairt ar na cásanna a tharchuir an Chúirt Bhreithiúnais chuici, ach is féidir é a mhíniú thar aon ní eile mar gheall ar easpa ceisteanna dlí fíor-nua sna hábhair eile, rud a d’fhág gur bhain an Chúirt Bhreithiúnais úsáid níos mó as an bhféidearthacht, a leagtar síos sa chúigiú mír d’Airteagal 20 den Reacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim Abhcóide Ghinearálta.  Mar is léir ó na táblaí thíos, in 2025 is sna réimsí fuinnimh agus saorghluaiseachta daoine amháin a tháinig fíormhéadú ar líon na gcásanna le Tuairim i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Maidir le miondealú na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu le foirmíocht na Cúirte, ba iad na Dlísheomraí ina raibh triúr breithiúna a thug an líon is mó cinntí, ag cur clabhsúr ar 352 chás in 2025. Chuir Dlísheomraí cúigear Breithiúna clabhsúr le 255 chás le linn na bliana céanna, in ainneoin gur chuir Mór-Dhlísheomra na Cúirte clabhsúr le 35 chás. Is laghdú sách suntasach é sin i comparáid leis an mbliain roimhe sin, nuair a shocraigh an Mór-Dhlísheomra 75 chás. Mar a tugadh faoi deara roimhe seo, is féidir an difríocht sin a mhíniú leis an líon ard cinntí a tugadh roimh an athnuachan pháirteach ar chomhdhéanamh na Cúirte Breithiúnais, i mí Dheireadh Fómhair 2024, lena n-áirítear inter alia breithiúnas maidir le 15 chaingean a bhaineann le reachtaíocht an Aontais i réimse an iompair.

Ar deireadh, maidir le meánfhad na n-imeachtaí, 16.7 mí a bhí ann, gach cineál cáis le chéile, i gcomparáid le 17.7 mí in 2024. Baineann an laghdú ar fhad na n-imeachtaí le gach cineál cáis, ó 17.2 mí go 16.9 mí le haghaidh cásanna réamhrialaithe, ó 21.5 mí go 20 mí le haghaidh caingne díreacha agus ó 18.4 mí go 15.1 mí le haghaidh achomharc.

 

Cásanna atá ar feitheamh

Mar iarmhairt loighciúil ar an éagothroime idir líon na gcásanna a tugadh isteach le bliain anuas agus líon na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu, bhí líon na gcásanna ar feitheamh an 31 Nollaig 2025 níos airde ná an bhliain roimhe sin. B’ionann é agus 1,322 chás, i gcomparáid le 1,207 gcás an bhliain roimhe sin. Is iad cásanna réamhrialaithe agus achomhairc is cúis fós leis an gcuid is mó de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais, ag 772 chás agus 443 chás, faoi seach.

 

 

 

[1] IO L 180 an 29 Meitheamh 2013, lch. 60.

[2] IO L 95 an 21 Aibreán 1993, lch. 29.

[3] IO L 133 an 22 Bealtaine 2008, lch. 66.

[4] IO L 29 an 31 Eanáir 2020, lch. 7.

[5] Cás C-682/25, Crossryn.

[6] Tuairim 2/94 (Aontachas an Chomhphobail le ECHR) an 28 Márta 1996 (EU:C:1996:140).

[7] Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014 (EU:C:2014:2454).

Is iad na cásanna atá i gceist ná Cásanna C-135/25 PPU, Kachev (as ar eascair breithiúnas an 20 Bealtaine 2025, EU:C:2025:366), C-219/25 PPU, Kamekris  (as ar eascair breithiúnas an 19 Meitheamh 2025, EU:C:2025:456), C-313/25 PP, Adrar (as ar eascair breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2025, EU:C:2025:647), agus C-712/25 PPU, Rastochev (as ar eascair breithiúnas an 12 Feabhra 2026, EU:C:2026:101).

[9] Féach Cásanna C-280/25, Lin II, agus C-440/25, Ebilum

[10] Cás C-195/25, Framholm (as ar eascair breithiúnas an 20 Samhain 2025, EU:C:2025:904).

[11] Cás C-881/24 P, SC v Eulex Kosovo (ordú an 29 Aibreán 2025, EU:C:2025:313).