Athbhreithniú ar an mBliain – Tuarascáil Bhliantúil 2025 foilsithe
An 24 Márta 2026 d’fhoilsigh Cúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh ‘Athbhreithniú ar an mBliain’ – a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2025.
Sonraítear ann gníomhaíochtaí na Cúirte agus cásdlí na Cúirte Bhreithiúnais agus na Cúirte Ghinearálta is suntasaí le bliain anuas.
Sa tuarascáil bhliantúil tá forléargas ar príomhimeachtaí na bliana, staidreamh maidir le hobair an dá chúirt agus roinn “fócas ar chásdlí” ina bhfuil léirbhreithnithe soiléire agus cuimsitheacha ar phríomhchásanna na bliana. Tá ábhar ann ó Uachtaráin an dá chúirt, Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta agus Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais sa tuarascáil freisin, ina ndéantar machnamh ar fhorbairtí agus torthaí an dá chúirt agus na hInstitiúide ina hiomláine.
Tá an tuarascáil ar fáil sa Ghearmáinis, i mBéarla agus i bhFraincis sa roinn ‘Tuarascáil Bhliantúil’ den suíomh. Cuirfear teangacha eile ar an suíomh a luaithe a bheidh siad ar fáil.
