Éisteachtaí: Cásanna C-358/24 Varo Energy Belgium agus páirtithe eile, C-533/24 Vermilion Energy Ireland agus C-153/25 Acea Produzione agus páirtithe eile
Dé Máirt an 9 Meitheamh 2026, éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais Cásanna C-358/24 Varo Energy Belgium agus páirtithe eile, C-533/24 Vermilion Energy Ireland agus C-153/25 Acea Produzione agus páirtithe eile.
Baineann na cásanna seo le freagairt éigeandála an Aontais ar an ngéarchéim fuinnimh i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Chun aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh atá ag dul i méid, tugadh isteach le Rialachán 2022/1854 (AE) ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach - cáin amhantair ar bharrachas brabúis a dhéanann cuideachtaí sna hearnálacha breoslaí iontaise agus fuinnimh. Tá cuideachtaí fuinnimh sa Bheilg, in Éirinn agus san Iodáil ag déanamh agóid, ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na mbeart lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme, agus tá cuideachtaí Éireannacha ag cur i gcoinne bhailíocht an Rialacháin féin freisin.
D’iarr cúirteanna sa Bheilg, in Éirinn agus san Iodáil ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a dhéanamh ar bhailíocht agus ar léiriú an Rialacháin, agus ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta cur chun feidhme le dlí an Aontais.
Beidh na héisteachtaí sin ar fáil sa chuid Curia Web TV dár suíomh gréasáin tar éis dóibh a bheith críochnaithe.
San fhíseán thíos, tugann preasoifigeach na Cúirte forbhreathnú ar fhíorais na gcásanna agus ar na saincheisteanna dlí atá i gceist
