Breithiúnas: C-188/24 WebGroup Czech Republic agus NKL Associates agus C-190/24 Coyote System
Dé Máirt an 16 Meitheamh 2026, thug an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas i gCásanna Uamtha C-188/24 WebGroup Czech Republic agus NKL Associates agus C-190/24 Coyote System.
Sa chás, scrúdaigh an Chúirt anbhféadfadh Ballstát srianta a fhorchur ar sheirbhísí digiteacha a sholáthraítear ó Bhallstát eile, agus cad iad na coinníollacha faoinar féidir oibreoirí na seirbhísí sin a chur faoi dhliteanas i leith faisnéis a stórálann agus a scaipeann siad.
Chun an t-ord poiblí agus slándáil a chosaint, cuirtear le reachtaíocht na Fraince srian ar sheirbhísí digiteacha áirithe. Go háirithe, leis an reachtaíocht sin:
- ceanglaítear ar fhoilsitheoirí suíomh gréasáin pornagrafaíochta córais fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm chun leanaí a chosaint agus
- toirmisctear tuairisciú ar iniúchtaí áirithe cois bóthair, lena gcuirtear srian ar sheirbhísí cúnaimh tiomána.
Rinne WebGroup Czech Republic agus NKL Associates, a reáchtálann suímh gréasáin pornagrafaíochta, agus Coyote System, sóláthraí seirbhísí cúnaimh tiomána, agóid i gcoinne na mbeart sin. Áitíonn siad go sáraítear leis an reachtaíocht prionsabal na ‘tíre tionscnaimh’ a leagtar síos sa Treoir maidir le Tráchtáil Leictreonach, faoina rialaítear seirbhísí a thagann faoi raon ‘réimse comhardaithe’ le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí bunaithe. Tá Comhairle Stáit na Fraince tar éis an t-ábhar a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais.
San fhíseán gearr thíos, míníonn Thomas von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, rialú na Cúirte sna cásanna sin. Tá fotheidil ar fáil i dteangacha uile an Aontais agus is féidir iad a chur ar siúl trí chliceáil ar an deilbhín ‘Fotheideal’.
Is féidir leat an phreaseisiúint a léamh freisin le haghaidh tuilleadh eolas.
