Éisteacht: Cás C-12/25 Bisdom Gent

Dé Máirt an 30 Meitheamh 2026, éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais Cás C-12/25 Bisdom Gent.

Baineann an cás seo le duine a baisteadh agus a d’iarr ina dhiaidh sin go mbainfí gach tagairt dó de chlár baiste nó de chartlanna na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí. In ionad a shonraí pearsanta a scriosadh, chuir an deoise nóta sa chlár baiste inar luadh gur fhág sé an Eaglais.

D’iarr cúirt na Beilge ar an gCúirt Bhreithiúnais an bhfuil, faoi RGCS, ceart chun léirscriosadh sonraí ann sa chlár baiste agus an bhféadfadh nóta san imeall an ceart sin a chomhlíonadh.

Beidh an éisteacht sin ar fáil sa chuid Curia Web TV dár suíomh gréasáin tar éis di a bheith críochnaithe.

San fhíseán thíos, tugann preasoifigeach na Cúirte forbhreathnú ar fhíorais an cháis agus ar na ceisteanna dlí atá i gceist.