EU Legal Summer School 2026

Dé Máirt an 30 Meitheamh 2026, chuir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fáilte roimh rannpháirtithe an dara EU Legal Summer School. Ba chuid de chlár scáthfhoghlama seachtaine na Scoile Samhraidh i Lucsamburg í an chuairt ar an gCúirt.

D’eagraigh an ‘Legal Hub of Excellence’ – meitheal saineolaithe sinsearacha ó institiúidí éagsúla an Aontais atá lonnaithe i Lucsamburg - an clár le tacaíocht ón gCónaidhm Idirnáisiúnta um Dhlí Eorpach (FIDE). Tá an clár deartha do mhic léinn mháistreachta, PhD agus iardhoctúireachta a dhéanann speisialtóireacht i ndlí an Aontais ó gach cearn den Aontas Eorpach atá fonn orthu dlí an Aontais sa tsiúl a fheiceáil.

Ar maidin, chuir Celestina Iannone, Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Thaighde agus um Dhoiciméadú, fáilte roimh na rannpháirtithe.

Ansin d’fhreastail siad ar sheisiún eolais maidir le Cás C-12/25 Bisdom Gent, agus ina dhiaidh sin ar an éisteacht os comhair Mhór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais. Chríochnaigh clár na maidine le cur i láthair ar obair na Clárlainne.

San iarnóin, ghlac na rannpháirtithe páirt i sraith cuir i láthair agus ceardlanna inar bhuail siad le Comhaltaí agus fhoireann na gCúirteanna, ag clúdach ábhair lena n-áirítear na hábhair seo a leanas:

  • leabharlann na Cúirte
  • ról Rúnaí Dlí le Breitheamh
  • ról an Abhcóide Ghinearálta

Is cuid d’iarrachtaí na Cúirte tuiscint níos doimhne ar chóras breithiúnach an Aontais a chur chun cinn i measc na chéad ghlúine eile de scoláirí agus chleachtóirí dlí an Aontais é Scoil Samhraidh Dhlí an Aontais.

Le haghaidh tuilleadh eolas faoin EU Legal Summer School, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FIDE.