Eisiúint nua de bhunachar sonraí cásdlí agus uirlis chuardaigh InfoCuria
Tá an leagan nuashonraithe de InfoCuria díreach eisithe. Cuireann an leagan nua seo leis na feabhsuithe atá déanta cheana féin ar an uirlis ó seoladh í, cuimsíonn sé roinnt gnéithe a fógraíodh roimhe seo agus cuireann sé gnéithe breise leis.
Mar a fógraíodh i mí Eanáir, ag seoladh tosaigh an innill cuardaigh nua, tá foirm chuardaigh ilchritéar nua sa dara leagan seo, atá deartha chun cabhrú le gairmithe dlí taighde domhain agus mionsonraithe a dhéanamh. Dá bhrí sin, is féidir anois critéir a chomhcheangal, amhail ainm an cháis, foinse na ceiste a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú nó teanga an cháis, díreach ón gcuardach tosaigh.
Cuireann sé sásra níos iomasaí ar fáil freisin chun reachtaíocht a luaitear sa chásdlí a chuardach.
Coinníonn an leagan nua buntáistí na chéad eisiúna, amhail an cumas chun torthaí a scagadh tuilleadh tar éis an chuardaigh tosaigh agus critéir aonair a bhaint go héasca den chuardach.
Rinneadh tuilleadh feabhsuithe ar an taispeántas, agus aiseolas ó úsáideoirí curtha san áireamh. Áirítear orthu sin rogha chun na doiciméid sa radharc torthaí ‘Cásanna’ a leathnú nó a dhúnadh i ndiaidh cuardach saorthéacs, lena gceadaítear d’úsáideoirí a roghnú an mian leo na téarmaí cuardaigh aibhsithe a fheiceáil nó liosta torthaí níos dlúithe a fheiceáil. Is féidir anois freisin an radharc mionsonraithe ar an gcás agus doiciméid an cháis a oscailt go héasca ón réamhphainéal trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Oscail i bhfuinneog nua’.
Leanfar de bheith ag feabhsú InfoCuria trí eisiúintí breise.
Le haghaidh tuilleadh eolais, bain triail as an leagan nua anois, nó féach ar na ranganna teagaisc nua.
