Neamhspleáchas, Neamhchlaontacht agus Coinbhleachtaí leasa a sheachaint
Tá an creatlach sin bunaithe ar na Conarthaí, Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, agus Cód Iompair Chomhaltaí agus iarChomhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Baineann na cosaintí seo le gach tréimhse de shaol gairme Comhalta: roimh cheapachán, le linn feidhmeanna breithiúna a chomhlíonadh agus tar éis éirí as oifig.
Córas a thosaíonn roimh cheapachán
Tá feidhm ag na cosaintí tosaigh sula gceaptar duine mar Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta.
Faoi na Conarthaí, ní mór iarrthóirí a roghnú as daoine gan aon amhras faoina neamhspleáchas agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá don oifig bhreithiúnach is airde ina dtíortha féin nó Dlí-Eolaí.
Roimh cheapachán, déanann an painéal a bunaíodh faoi Airteagal 255 CFAE na hiarrthóirí a mheas. Scrúdaíonn an painéal, atá comhdhéanta de phríomh-shaineolaithe lena ráthaítear go hiomlán a neamhspleáchas, oiriúnacht na n-iarrthóirí i bhfianaise roinnt critéar, lena n-áirítear a neamhspleáchas, neamhchlaontacht, ionracas agus iompar gairmiúil.
Tar éis cheapachán, glacann Comhaltaí mionn roimh an gCúirt, i seisiún poiblí, go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go mbeidh meas acu ar na hoibleagáidí a eascraíonn óna n-oifig.
Cosaintí le linn an téarma oifige
Treisítear an córas chun coinbhleachtaí leasa a chosc le linn théarma oifige an Chomhalta. Cuimsítear leis bearta coisctheacha ginearálta, cosaintí a bhaineann le sannadh na gcásanna agus sásraí is infheidhme i gcás go dtagann staid áirithe chun cinn dá dteastaíonn tuilleadh scrúdú.
Sásraí coisctheacha ginearálta
Tá Comhaltaí na Cúirte faoi réir rialacha déine chun a neamhspleáchas a chinntiú.
Ní féidir leo a bheith i seilbh oifig pholaitiúil nó riaracháin agus ní féidir leo gabháil d’aon ghníomhaíochtaí gairmiúla seachas na cinn a bhaineann lena ndualgais bhreithiúnacha.
Ina theannta sin, is féidir le Comhaltaí gabháil do ghníomhaíochtaí seachtracha a bhaineann go dlúth le feidhmiú a ndualgas, faoi réir réamhúdarú. Cuimsítear sna gníomhaíochtaí seachtracha sin ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid ag searmanais agus ócáidí oifigiúla agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chun leasa Eorpaigh, amhail dlí an Aontais a scaipeadh nó plé le cúirteanna náisiúnta nó idirnáisiúnta. Ní thabharfar an t-údarú sin ach i gcás go bhfuil an ghníomhaíocht i gcomhréir le hoibleagáid an Chomhalta a bheith go hiomlán ar fáil dá ndualgais sa Chúirt agus lena ndualgais ó thaobh neamhspleáchais, ionracais agus neamhchlaontachta. Déanann comhlacht breithniúcháin is airde na cúirte lena mbaineann, comhdhéanta dá gcomhaltaí uile, oiriúnacht na ngníomhaíochtaí a mheas.
Ar mhaithe leis an trédhearcacht, foilsítear sonraí faoi ghníomhaíochtaí seachtracha go léir na gComhaltaí ar shuíomh gréasáin Curia gach bliain.
Náisiúntacht
Gné riachtanach de chomhdhéanamh agus feidhmiú na Cúirte ná nach ndéanann Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta ionadaíocht ar a mBallstáit. Mar a dhearbhaítear go sollúnta ina mionn, comhlíonann siad a ndualgais go neamhspleách neamhchlaon agus feidhmíonn siad chun leas ginearálta an Aontais.
Seo bunús na rialach, a leagtar síos in Airteagal 18 den Reacht, lena sonraítear nach féidir le páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Bhreithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt.
Dearbhuithe leasanna
Nuair a théann Comhaltaí i mbun oifige, ní mór dóibh dearbhú leasanna a chur faoi bhráid an Uachtaráin. Déanann na Comhaltaí an dearbhú a athnuachan má thagann athrú ar a gcúinsí agus le gach athnuachan 3 bliana den Chúirt.
Ní mór do na Comhaltaí raon leathan leasanna agus gníomhaíochtaí a dhearbhú, lena n-áirítear leasanna airgeadais agus réadmhaoine, gníomhaíochtaí gairmiúla céilí nó páirtithe, dualgais shonraithe gan íocaíocht agus poist oinigh nó gradaim. Is iad ‘leasanna airgeadais ábhartha’ aon urrúis airgeadais amhail scaireanna, stoic, bannaí nó teastais infheistíochta, ina seilbh nó mar cheart úsáide acu, seachas sealúchais arna mbainistiú ar bhonn lánroghnach ag tríú páirtí. Cuimsítear sna dearbhuithe leasanna ní hamháin leasanna airgeadais an Bhreithimh ach freisin leasanna céilí nó páirtithe agus leanaí mionaoiseacha cleithiúnacha.
Is cuid shuntasach de creatlach coisctheach na Cúirte iad dearbhuithe leasanna. An aidhm atá leo ná cabhrú le haon staid ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann, nó a d’fhéadfaí a mheas mar sin, i ndáil le láimhseáil cásanna, a aithint agus a chosc. Mar sin, feidhmíonn na dearbhuithe mar shásra trédhearcachta agus coisc.
Sannadh cásanna agus scaoileadh
Mar réamhchosaint ar an neamhspleáchas breithiúnach, nuair a shanntar cásanna, cuireann Uachtarán na Cúirte lena mbaineann an fhaisnéis sna dearbhuithe leasanna san áireamh d’fhonn aon choinbhleacht leasa a sheachaint.
Déantar an measúnú seo i gcomhthéacs gach cáis, trí na leasanna idir chamáin sa díospóid a chur i gcomparáid leis na leasanna arna ndearbhú ag na Comhaltaí. Tagann seo faoin raon feidhme níos leithne den anailís a dhéanann an tUachtarán, ní hamháin chun caighdeán agus neamhchlaontacht an cheartais a chinntiú, ach chun an t-ualach oibre a roinnt go cothrom idir na Comhaltaí. Ciallaíonn an anailís ilghnéitheach go ndéantar réamh-athbhreithniú ar an díospóid bunaithe ar dhoiciméid nós imeachta (atá rúnda), go bhfuil eolas maith ann ar ábhar dhearbhú gach Comhalta, agus léargas ginearálta ar phunann na Cúirte. Tá sé nasctha mar sin, go dlúth, le gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte, seachas lena feidhmiú riaracháin.
Cé gur céim thábhachtach é sannadh na gcásanna i gcur i bhfeidhm praiticiúil chosaintí na Cúirte ar choinbhleachtaí leasa, féadfaidh scaoileadh Comhalta tarlú mar gheall ar choinbhleacht leasa – aon uair sna himeachtaí – ar thionscnamh an Uachtaráin, na gComhaltaí féin, nó páirtí leis an gcás.
Tá dualgas ar na Comhaltaí a chur in iúl don Uachtarán aon dálaí a mheasann siad a chuirfeadh bac orthu páirt a ghlacadh i gcás a láimhseáil. Chomh maith leis sin, i gcás go measann an tUachtarán nár chóir do Chomhalta páirt a ghlacadh i gcás mar gheall ar chúis shonrach, cuirfidh an tUachtarán é sin in iúl don Chomhalta. Cinntíonn na sásraí seo go bhféadfar dul i ngleic le haon saincheist a d’fhéadfadh a bheith ann ag aon chéim sna himeachtaí.
Sna cásanna sin, ní bheidh páirt ag an gComhalta i dtriail an cháis.
Oibleagáidí tar éis éirí as oifig
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na cosaintí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta maidir le Comhalta fiú tar éis dóibh éirí as oifig.
Tá iarChomhaltaí fós faoi cheangal oibleagáidí arna n-eascairt as a n-oifig bhreithiúnach, lena n-áirítear dualgais ionracais agus discréide.
Bunaítear leis an gCód Iompair freisin srianta sonracha ceaptha chun aon chomhthráth idir iarfheidhmeanna breithiúnacha agus gníomhaíochtaí gairmiúla ina dhiaidh sin a chosc. Le haghaidh trí bliana tar éis dóibh éirí as oifig, ní féidir le Comhaltaí gníomhú mar ionadaithe os comhair CBAE. Tá srianta sa bhreis i gceist maidir le cásanna a bhí ar feitheamh le linn a dtéarma oifige nó atá nasctha go díreach le hábhar lena raibh baint acu mar Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta.
Cabhraíonn na forálacha sin le muinín a chothú i neamhspleáchas na Cúirte agus in ionracas a nós imeachta breithiúnach.
Córas cuimsitheach cosaintí
Déanann an Chúirt féin athbhreithniú rialta ar a rialacha agus cleachtais inmheánacha i bhfianaise na hionchais fhorbartha maidir le trédhearcacht agus muinín an phobail.
Níl cosc coinbhleachtaí leasa i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag brath ar shásra amháin. Cinntítear é le creatlach cuimsitheach de cheanglais incháilithe, oibleagáidí eitice, srianta ar ghníomhaíochtaí seachtracha, dearbhuithe leasanna, cosaintí maidir le sannadh cásanna, dualgais i leith scaoileadh más iomchuí agus srianta tar éis éirí as oifig.
Le chéile, ceaptar na cosaintí seo chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht Chomhaltaí na Cúirte a chosaint agus chun muinín an phobail i riaradh an cheartais san Aontas Eorpach a choinneáil.
