Limistéar fáiltithe Helvi Sipilä

Rugadh Helvi Sipilä (1915-2009) i dteaghlach feirmeoireachta agus ba í duine de na chéad mhná a chleacht mar dhlíodóir san Fhionlainn. In 1972, ba í an chéad bhean a ceapadh mar Fho-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, áit a raibh sí i gceannas ar an Lárionad um Fhorbairt Shóisialta agus um Ghnóthaí Daonnúla agus, in 1975, d’eagraigh sí an Chéad Chomhdháil Dhomhanda ar Mhná. Bhí ról tábhachtach aici i gcinneadh na Náisiún Aontaithe Bliain Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh agus Ciste Forbraíochta na Náisiún Aontaithe do Mhná (UNIFEM) a chruthú. Bhí sí ina stiúrthóir ar roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta, Eagraíocht Dhomhanda na mBrídíní agus na mBanghasóg, Cónaidhm Idirnáisiúnta na nDlíodóirí Ban, Zonta International agus Comhairle Idirnáisiúnta na mBan, agus ba í an chéad iarrthóir mná freisin do thoghchán uachtaránachta na Fionlainne, in 1982. In 2001, bhronn Uachtarán Phoblacht na Fionlainne an teideal oinigh Aire uirthi. Is pearsa íocónach i gcónaí í sa chomhrac ar son an chomhionannais inscne, go hidirnáisiúnta agus ina tír dhúchais araon.