Cuairt ó Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht Eacuadór

Dé Máirt, an 8 Meán Fómhair 2026, thug toscaireacht ó Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht Eacuadór, faoi stiúir a Leas-Uachtaráin, Karla Andrade Quevedo, cuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Chuir Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, fáilte rompu.

Deis a bhí sa chuairt an t-idirphlé breithiúnach idir Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht Eacuadór agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a neartú. Chuir sé ar chumas na toscaireachta léargas a fháil ar struchtúr agus ar fheidhmiú chúirteanna an Aontais agus tuairimí a mhalartú maidir le hábhair leasa choitinn.

Mar chuid den chlár bhí cruinniú le Koen Lenaerts, chomh maith le María Lourdes Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra ag an gCúirt Bhreithiúnais, agus Maciej Szpunar, an Chéad Abhcóide Ginearálta ag an gCúirt Bhreithiúnais. Tugadh i gcrích é le turas treoraithe ar fhoirgnimh na Cúirte.