Toghadh Savvas Papasavvas ina Uachtarán ar Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
Tar éis do théarma oifige Marc van der Woude mar Uachtarán Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a chríochnú luath, thogh a chomhghleacaithe Savvas Papasavvas mar Uachtarán na Cúirte Ginearálta ar feadh a bhfuil fágtha den tréimhse: ón 16 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2028.
Curriculum vitae Savvas Papasavvas
Rugadh Savvas S. Papasavvas sa Niocóis (an Chipir) in 1969, agus d’fhreastail sé ar an Ethnikó kai Kapodistriakó Panepistímio Athinón (Ollscoil Náisiúnta agus Kapodistriánach na hAithne, an Ghréig) áit ar ghnóthaigh sé chéim mháistreachta sa dlí (Ptychion) in 1991. Lean sé lena chuid staidéir in université de Paris II (Ollscoil Pháras II, an Fhrainc), a bhronn Dioplóma Ard-Léinn sa Dlí Poiblí air in 1992. In 1995, ag deireadh a chuid staidéir dochtúireachta in Université d’Aix-Marseille III (Ollscoil Aix-Marseille III, an Fhrainc), bronnadh an teideal Dochtúir sa Dlí air.
Glacadh isteach ag Barra na Cipire é, agus é ina bhall de Bharra na Niocóise ó 1993, lean an tUasal Papasavvas dá ghairm bheatha mar dhlíodóir go dtí gur ceapadh é chuig an gCúirt Ghinearálta in 2004.
Bhí baint aige freisin leis an teagasc ag an Panepistímio Kýprou (Ollscoil na Cipire) mar léachtóir ó 1997 go 2002, sular toghadh é ina léachtóir sa dlí bunreachtúil ó 2002 go 2004.
Ceapadh Papasavvas ina bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 12 Bealtaine 2004 agus d’fhóin sé mar Uachtarán Dlísheomra ar feadh dhá théarma as a chéile, ón 15 Meán Fómhair 2010 go dtí an 25 Meán Fómhair 2016. Thogh a chomhghleacaithe é mar Leas-Uachtarán an 27 Meán Fómhair 2019, agus bhí an oifig sin aige go dtí gur toghadh é inniu ina Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta.
